Deis á tabhairt do dhaltaí a leabhar Gaeilge féin a scríobh agus a fhoilsiú

Tionscadal é Scríobh Leabhar atá urraithe ag Clár na Leabhar Gaeilge agus a bheidh á reáchtáil i gcomhpháirt le hionaid oideachais ar fud na hÉireann

Deis á tabhairt do dhaltaí a leabhar Gaeilge féin a scríobh agus a fhoilsiú

Tá deis le tabhairt do dhaltaí bunscoile leabhair dá gcuid féin i nGaeilge a dhearadh agus a fhoilsiú.

Tá Foras na Gaeilge ag fáiltiú roimh iarratais ó ionaid oideachais timpeall na tíre páirt a ghlacadh sa scéim ‘Scríobh Leabhar 2021-22’.

Tugann an scéim deis do pháistí bunscoile a gcuid leabhar féin a phleanáil, a scríobh, a dhearadh agus a fhoilsiú i nGaeilge.

Beidh dhá rogha ag na páistí maidir leis an gcineál leabhair a scríobhfaidh siad. Is féidir leo leabhar a scríobh de láimh nó is féidir le múinteoirí cabhrú leis na páistí leabhar digiteach a scríobh más mian leo. An próiseas scríbhneoireachta féin príomhfhócas an tionscadail.

Is tionscadal é Scríobh Leabhar atá urraithe ag Clár na Leabhar Gaeilge agus beidh sé á reáchtáil i gcomhpháirt le hionaid oideachais éagsúla ar fud na hÉireann.

Dúirt Laura Rawdon, Clár na Leabhar Gaeilge, “Tá lúcháir orainn Scríobh Leabhar a fhógairt i mbliana. Tabharfaidh Scríobh Leabhar deiseanna do pháistí bunscoile timpeall na tíre a gcuid samhlaíochta a léiriú trí leabhair Ghaeilge a scríobh agus a mhaisiú. Tá súil againn go mbainfidh na páistí an-taitneamh as carachtair agus scéalta spraíúla a fhorbairt mar chuid den tionscadal le linn na scoilbhliana”.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin scéim ar shuíomh Fhoras na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Deis á tabhairt do dhaltaí a leabhar Gaeilge féin a scríobh agus a fhoilsiú'