Deireadh seachtaine Chomórtas Peile na Gaeltachta a fhanfaidh buan sa chuimhne as seo go dtí lá an Luain

Is cuma cén claochló a thagann ar a mbaile áfach, beidh comhluadar, cuileachta is spórt i gCill na Martra go deo toisc gurb í Páirc Uí Chuana altóir na muintire agus croílár an phobail

Deireadh seachtaine Chomórtas Peile na Gaeltachta a fhanfaidh buan sa chuimhne as seo go dtí lá an Luain

Tá tuairiscí againn ó Bhailiúchán na Scol, Scoil Bhaile Uí Bhuaigh i gCill na Martra ar mar a d’imrítí cluiche na caide sa dúthaigh i luathbhlianta Chumann Lúthchleas Gael, 1887-1889.

Ba mhó an taithighe a bhí ag muintir Baile-na-gCroidhe ná buachaillí an bhaill seo ach dob fhearr an misneach a bhí ag muintir Cill-na-Martra. Núair a tháinig an t-am chun tosnú do chaith an fear cirte an liathróid isteach, agus seo ar siubhal an báire go tapaidh fiachmhar dian ó thaobh taobh na páirce.”

Beidh macalla na dtuairiscí sin le clos i bPáirc Uí Chuana an deireadh seachtaine seo agus ainneoin é bheith 135 bliain níos faide anonn, níl aon teip ar mhisneach mhuintir Chill na Martra le himeacht aimsire ach an oiread.

Ní mór duit misneach a bheith agat chun tabhairt fén aistear a thug Cill na Martra le bliain anuas, iad ag buachtaint ar Áth Fhada i gcraobh idirmheánach Chorcaí sa bhfómhar, ag treabhadh leo trí chraobh Chorcaí is chraobh na Mumhan nó go dteip orthu in aghaidh Choilleach Eanach i bPáirc an Chrócaigh i mí Eanáir seo caite.

Ní túisce cluiche ceannais na hÉireann caillte acu ach cad a bhí le déanamh ach iompú timpeall agus tús a chur leis an bprapáil do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024. Deineadh amhlaidh agus le teann mórtais cine, sprid phobail agus an misneach san a théann go smior is go smúsach iontu le sinsearacht, tá athnuachan déanta ag meitheal CLG Chill na Martra ar Pháirc Uí Chuana agus b’fhéidir, leis, athmhúscailt agus athchóiriú déanta chomh maith ar chroíthe a bhí briste ar an nDomhnach, an 14 Eanáir.

Más lá dá saol a bhí an lá úd ag CLG Chill na Martra, beidh deireadh seachtaine Chomórtas Peile na Gaeltachta acu a fhanfaidh buan ina gcuimhne as seo go dtí lá an Luain.

Tá athrú ó bhonn tagtha ar chluiche na caide, ar chultúr agus anam na háite agus ar shaol na tíre seo féin ó bhí Comórtas Peile na Gaeltachta go deireanach i gCill na Martra in 2005. Imrítear an chaid inniu i slí a bheadh stróinséartha, aduain ar fad dúinne a bhí ag imirt fiche bliain ó shin.

Tá 280 milliún euro caite le blianta beaga anuas ar sheachbhóthar ó Chúil Comhair thoir go dtí’n Sliabh Riabhach thiar agus raghaidh sé dian ort oiread is comhartha bóthair amháin do Chill an Martra a fheiscint. Tá an siopa agus an oifig poist a bhíodh tráth sa tsráidbhaile, iata agus is gearr go mbeidh Diarmuid Ó Duinnín féin ag tarrac is ag dáileadh a phiúnt deireanach i dTigh Uí Mhurchú.

Is cuma cén claochló a thagann ar a mbaile áfach, beidh comhluadar, cuileachta is spórt i gCill na Martra go deo toisc gurb í Páirc Uí Chuana altóir na muintire agus croílár an phobail. Nach iontach é a bheith le maíomh ag Cumann Lúthchleas Gael 140 bliain tar éis a bhunaithe go mbeadh lúthchleasaithe, idir fhir is mhná, ag triall ó cheithre hairde na hÉireann chun dícheall a gcroí a imirt sa chomórtas seo eadar-Ghaelaibh cúig bliana is leathchéad tar éis a bhunaithe féin?

Nach iontaí fós go bhfuil an sprid dheonach sin ina steillbheathaigh i gcónaí i leithéidí Ghearóid Uí Éalaithe, Síle Ní Chuana, Niall Ó Cróinín, Siobhán Ní Loingsigh, Michelle agus Gearóid Mac Suibhne agus scata eile nach iad? Cá mbeadh Cumann Lúthchleas Gael gan iad siúd a bhíonn ar chúl stáitse ag tabhairt a gcuid ama agus a ndúthracht chun go bhféadfaí an rud a síneadh chuchu mar oidhreacht a thabhairt ar aghaidh arís go dtí an chéad ghlúin eile?

Ábhar mórtais ag muintir Chill na Martra é ná raibh Múscraígh riamh chun deiridh in eagrú, stiúriú agus feidhmiú Chumann Lúthchleas Gael agus sibhse a bheidh suite sa tseastán i rith an deireadh seachtaine, tuigigí gur don ngaiscíoch fir, Seán Ó Síocháin, fear Chill na Martra, a ceapadh ina Ard-Rúnaí ar Chumann Lúthchleas Gael trí fichid bliain ó shin, atá an seastán céanna ainmnithe.

Bhí Paddy Ó Cuana ina chaptaen ar fhoireann Chill na Martra an bhliain chéanna, 1964, agus cé ná beadh a stáitse baileach chomh h-ard le ceann Sheáin Uí Shíocháin tá a ainm buanaithe de dhroim dílseachta agus allais i bpáirc imeartha an pharóiste inniu.

Má bhíonn do shúile ar bior agat, is mó leac agus cuimhneachán eile a chífir ar do shlí isteach is amach go dtí Páirc Uí Chuana an deire seachtaine seo agus beidh cloch eile le cur le carn Dé Luain ach a n-osclóidh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns, an láthair thraenála nua atá fíolta fálta fuirsithe le seachtainí beaga anuas.

Tá an pháirc nua seo le tiomnú do Nóra Uí Thuama ó Réidh na nDoirí, bean lán fuinnimh is spraoi a raibh cion agus gean na muintire uirthi agus fonn anois ar an mhuintir chéanna a cuimhne a bhuanú.

Dála gach aon mhórdháil bhliantúil Gael, cuimhneofar, leis an deireadh seachtaine seo ar na laochra agus ar na lóchrainn ar lár – daoine a bhí ar na Méillte in Íochtar na Rosann an dtaca seo anuraidh. Tá cuid acu a spreagann gáirí geala ionainn agus sinn ar bhóithrín na smaointe agus cuid eile go bhfuil sé róluath go fóill iad a chur as póirsí agus as thoir ár gcuimhne. Ólfar deoch orthu go léir ach cén bhuíon imreoirí go mbeifear ag ól a sláinte tráthnóna Dé Luain?

Chuala go n-gur aimsigh laoch scórála na gcéadta cath, Micheál Ó Deasúna, báide agus dhá phointe an tseachtain seo caite do Chill na Martra in aghaidh na Dúbhghlaise. Ní haon iontas san ach amháin nuair a thuigtear gur istigh sa bháide a bhí an Deasúnach ag imirt. Deinim amach gur idir Cill na Martra agus Cill Chártha a bheidh Corn an Aire i mbliana ach b’fhéidir go bhfuil iontas amháin eile i ndán dúinn.

Fág freagra ar 'Deireadh seachtaine Chomórtas Peile na Gaeltachta a fhanfaidh buan sa chuimhne as seo go dtí lá an Luain'