Deireadh ré i nGaoth Dobhair agus conspóid sna babhtaí dícháilithe i nGaillimh

Fuair Cill Charthaigh an ceann is fearr ar Ghaoth Dobhair i gcluiche leathcheannais Chraobh Shinsir Dhún na nGall agus idir mhaith agus an olc a bhí ag foirne Gaeltachta i nGaillimh agus i bPort Láirge

Deireadh ré i nGaoth Dobhair agus conspóid sna babhtaí dícháilithe i nGaillimh

Deireadh ré i nGaoth Dobhair

Is iad foirne Chill Charthaigh agus Naomh Conaill a ghlacfaidh páirt i gcluiche ceannais sinsir peile Dhún na nGall i mbliana agus a gcuid cluichí ceannais buaite acu an deireadh seachtaine seo.

Bhain Cill Charthaigh áit amach sa chluiche ceannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaoth Dobhair Dé Sathairn. Bua cúig phointe a bhí ag Cill Charthaigh, 0-14 in aghaidh 1-6, agus an chuma ar an scéal gur chuir an chailliúint deireadh le ré Mervyn Uí Dhomhnaill mar bhainisteoir ar fhoireann Ghaoth Dobhair.

Agus é ag labhairt le RTÉ Raidió na Gaeltachta i ndiaidh an chluiche, dúirt Ó Domhnaill gur dócha go bhfuil a chuid déanta aige leis an bhfoireann agus go bhfuil sé in am ag duine nua fuinneamh úr a thabhairt don fhoireann.

Ceithre bliana atá caite ag Ó Domhnaill i gceannas ar fhoireann shinsir Ghaoth Dobhair agus borradh mór curtha faoin bhfoireann aige. In 2018 a bhí buaicphointe ré Uí Dhomhnaill nuair a bhuaigh Gaoth Dobhair Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall den chéad uair le 12 bliain agus ina dhiaidh sin thugadar leo Craobh Uladh den chéad uair riamh.

Ba iad Naomh Conaill a fuair an ceann is fearr ar Ghaoth Dobhair anuraidh i gcluiche ceannais athimeartha agus tá fir na nGleanntach ar ais sa chluiche ceannais arís i mbliana. Fuair Naomh Conaill an ceann is fearr ar Naomh Adhamhnáin tráthnóna inné, 1-10 in aghaidh 0-12.

Ciarán Thompson a d’aimsigh an scór cinniúnach ag deireadh am breise ach ní raibh an cluiche gan údar conspóide. D’aimsigh Leo McLoone cúl tábhachtach i dtreo dheireadh na himeartha agus cé go raibh Naomh Adhamhnáin den tuairim go raibh feall déanta ag McLoone ar an gcúl báire, ceadaíodh an cúl.

Sa Chraobh Idirmheánach, tabharfaidh Cloich Cheann Fhaola aghaidh ar Aodh Ruadh sa chluiche ceannais. Rinne Aodh Ruadh teacht aniar i gcoinne Naomh Columba inné chun a gcluiche leathcheannais a bhuachan tar éis am breise, 2-10 in aghaidh 1-12. Chaill Cloich Cheann Fhaola sa chluiche ceannais anuraidh ach beidh deis acu cúiteamh a dhéanamh tar éis dóibh Bun Cranncha a shárú sa bhabhta leathcheannais, 1-13 in aghaidh 0-14.

Maigh Cuilinn tríd go dtí cluiche leathcheannais

Is í foireann Mhaigh Cuilinn an t-aon cheann ó Chonamara i mbabhtaí leathcheannais na Craoibhe Sinsir Peile i nGaillimh. Chlis ar Bhearna agus ar Chill Aithnín ina gcluiche ceathrú ceannais ag an deireadh seachtaine ach tháinig Maigh Cuilinn slán ó chluiche crua in aghaidh Naomh Séamus.

Bhí foireann na cathrach cúig phointe chun tosaigh ar Mhaigh Cuilinn ag leath ama ach rinne fir na Gaeltachta teacht aniar sa dara leath agus d’éirigh le Dessie Conneely slám breá pointí a scóráil. Chuir Conneely Maigh Cuilinn pointe chun tosaigh tar éis 59 nóiméad agus d’aimsigh Paul Kelly cúl agus pointe dóibh in am cúitimh chun bua 1-17 in aghaidh 2-9 a thabhairt dóibh.

Casfaidh siad anois ar Réalta Thuama sna babhtaí leathcheannais tar éis d’fhoireann Thuama an ceann is fearr a fháil ar Bhearna Dé Sathairn. Bhí Bearna sé phointe chun deiridh ag leath ama i Staid an Phiarsaigh ach, agus cóir na gaoithe acu sa dara leath, rinne siad teacht aniar agus bhí na foirne ar comhscór, 0-11 an taobh ag deireadh an 60 nóiméad.

Is beag a bhí idir na foirne arís in am breise ach d’aimsigh Ben O’Connell an scór cinniúnach do Réalta Thuama i dtreo dheireadh na himeartha chun an cluiche a bhuachan, 0-17 in aghaidh 0-16.

Cora Finne agus An Creagán-Maigh Locha a bheidh sa chluiche leathcheannais eile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach agus Cill Aithnín, faoi seach.

Beidh Micheál Breathnach sa chluiche ceannais dícháilithe. Chaill fir Chois Fharraige in aghaidh Chathair Loistreáin Dé Sathairn, 1-13 in aghaidh 2-5. D’aimsigh Rónán Mac Donnacha agus Maidhc Ó Conghaile cúil do na Breathnaigh sa dara leath agus ní raibh ach pointe idir na foirne agus cúig nóiméad fágtha ach chríochnaigh Cathair Loistreáin go láidir agus ba leo an lá.

Sa Chraobh Idirmheánach, briseadh croí a bhí i ndán d’Oileáin Árann agus cluiche ceathrú ceannais caillte acu in aghaidh Chill Choirín-Cluain Bheirn. D’aimsigh Máirtín Ó Goill dhá chúl sna chéad cheithre nóiméad chun Oileáin Árann a chur chun cinn agus bhí siad 2-5 in aghaidh 1-2 chun cinn ag leath ama.

Ní bhfuair siad ach aon phointe amháin sa dara leath, áfach, agus d’aimsigh Shane Walsh ocht bpointe sa tréimhse chéanna chun Cill Choirín-Cluain Bheirn a spreagadh. Dhá phointe d’fharasbarr a bhí acu ar fhir na Gaeltachta ar deireadh, 1-11 in aghaidh 2-6.

Conspóid faoi chluiche an Spidéil

Bhí An Spidéal le haghaidh a thabhairt ar Mhuine Mheá-An Mhainistir sa chraobh shinsir inné i gcluiche sna babhtaí dícháilithe ach níor imríodh an cluiche.

Bhain conspóid le cluiche a imríodh idir an fhoireann Ghaeltachta agus Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach coicís ó shin. Bhí bua ag teastáil ón Spidéal chun na babhtaí dícháilithe a sheachaint.

Agus an t-am nach mór caite, bronnadh cic saor ar an Spidéal 14 méadar amach ó chúl Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach. Thug an réiteoir an scór mícheart do na himreoirí agus dúirt go raibh an Spidéal pointe chun deiridh. Chinn an Spidéal iarracht a thabhairt ar chúl seachas cúilín a scóráil agus theip orthu aon scór a fháil.

Dúirt an réiteoir go raibh an cluiche caillte ag an Spidéal, 0-16 in aghaidh 1-12 ach cheistigh an Spidéal an scór agus fianaise físe acu go raibh 1-13 scóráilte acu.

Cuireadh an cás faoi bhráid choiste chontae na Gaillimhe, a chinn go raibh botún déanta ag an réiteoir agus gur comhscór a bhí sa chluiche, toradh nach raibh aon tairbhe ann don Spidéal.

Tá an Spidéal ag iarraidh go n-imreofaí an cluiche in aghaidh Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach arís nó go bhfaighfí réidh leis an ísliú céime i mbliana. Rinne an cumann achainí ar Chomhairle Chonnacht an tseachtain seo caite agus chinn siadsan gur cheart do choiste contae na Gaillimhe éisteacht eile a thabhairt don chás.

Cluiche caillte ag an Rinn ach iad fós tríd

Beidh an Rinn ag prapáil do chluiche ceathrú ceannais in aghaidh Bhaile na Cúirte i gCraobh Shinsir Peile Phort Láirge Dé Domhnaigh seo chugainn cé gur chaill siad in aghaidh an tSráidbhaile an deireadh seachtaine seo.

Aisteach go leor, is iad fir an tSráidbhaile a bhí in ísle brí i ndiaidh an bhua cúig phointe, 0-15 in aghaidh 0-10. Bhí farasbarr sé phointe ag teastáil uathu chun áit sna babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach ach d’aimsigh Oisín Ó Ceallaigh cúilín don Rinn ag deireadh na himeartha, cúilín a mhill an lá a mhilleadh ar an Sráidbhaile.

D’fhág bua na Rinne ar Raonaithe na Broice i rith na seachtaine go raibh dóthain déanta acu chun an dara háit i nGrúpa D a bhaint amach agus rachaidh siadsan ar aghaidh anois go dtí na babhtaí ceathrú ceannais.

Fág freagra ar 'Deireadh ré i nGaoth Dobhair agus conspóid sna babhtaí dícháilithe i nGaillimh'