Deireadh le teacht inniu le próiseas comhairliúcháin faoi mholtaí conspóideacha do Ghaeilge na hArdteiste

Tá go dtí 5pm tráthnóna aighneachtaí a chur faoi bhráid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoi na hathruithe atá beartaithe do scrúdú Gaeilge na hArdteiste

Deireadh le teacht inniu le próiseas comhairliúcháin faoi mholtaí conspóideacha do Ghaeilge na hArdteiste

Inniu a thiocfaidh deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí atá ar bun faoi shiollabais nua do Ghaeilge na hArdteiste.

Beidh go dtí 5pm tráthnóna, an 30 Samhain, chun aighneachtaí a chur faoi bhráid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) nó suirbhé ar líne faoi na dréachtsonraíochtaí a líonadh.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an Roinn Oideachais ar tí conarthaí a aontú le comhairleoirí seachtracha chun anailís a dhéanamh ar na haighneachtaí a cuireadh faoi bhráid an CNCM agus ar thorthaí na suirbhéanna. Beifear ag súil go mbeidh tuarascáil faoi na tuairimí a fuarthas le linn an phróisis chomhairliúcháin ar fáil sa gcéad ráithe den bhliain seo chugainn.

Beidh tuarascáil níos cuimsithí le réiteach freisin maidir le conas mar atá ag éirí leis na cúrsaí Gaeilge T1 agus T2 sa tSraith Shóisearach a tugadh isteach in 2017. Táthar ag súil leis an tuarascáil sin go luath in 2022 freisin.

Ceann de na cúiseanna gearáin is mó a bhí ag lucht an Ghaeloideachais faoi na dréachtsonraíochtaí nua do Ghaeilge na hArdteiste ná nach bhfuil athbhreithniú déanta go fóill ar na cúrsaí Gaeilge nua a tugadh isteach don Teastas Sóisearach.

Níos luaithe i mbliana, d’iarr 13 móreagraíocht teanga agus oideachais ar an CNCM an próiseas comhairliúcháin a chur ar athló go dtí go mbeadh measúnú déanta ar thionchar na n-athruithe ar shiollabais na Sraithe Sóisearaí.

Tá go leor díospóireachta agus conspóide cothaithe ag na dréachtsonraíochtaí ó foilsíodh iad mí Feabhra. Beartaíodh go mbeadh cúrsa nua amháin – T1 – dírithe ar dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus go mbeadh cúrsa nua eile – T2 – dírithe ar scoileanna Béarla.

Tá cáineadh déanta ar na dréachtsonraíochtaí ag eagraíochtaí oideachais a deir go bhfuil easpa eolais ann fúthu agus tá amhras léirithe freisin ag polaiteoirí maidir le fiúntas na gcúrsaí nua.

Dúradh go raibh sé “gan chiall” go mbeifí ag súil go ndéanfadh daltaí Gaeltachta agus Gaelcholáistí cúrsa Gaeilge a bheadh níos dúshlánaí gan buntáiste éigin, amhail pointí bónais, a chur ar fáil dóibh siúd as an gcúrsa sin a roghnú.

Ní léir go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais ná an CNCM pointí bónais a thairiscint do dhaltaí a roghnódh an cúrsa nua níos dúshlánaí a dhéanamh.

Nuair a foilsíodh na dréachtsonraíochtaí ar dtús i rith an earraigh, tugadh le fios go dtiocfadh deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin i rith an tsamhraidh. Chruthaigh an spriocdháta sin aighneas freisin, áfach, agus dúradh, de dheasca na paindéime, nach bhféadfaí plé ceart a dhéanamh ar an scéal san achar ama sin. Glacadh cinneadh faoi dheireadh an próiseas a chur siar go dtí deireadh na míosa seo.

Seoladh an mhí seo caite plécháipéis inar dúradh go raibh gá le “hathbhreithniú iomlán” a dhéanamh ar an bplean siollabais nua a chruthú do Ghaeilge na hArdteiste.

Moladh aon chinneadh faoi chúrsa nua Gaeilge don Ardteist a chur “ar leataobh” go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú ar churaclaim nua na Sraithe Sóisearaí déanta agus torthaí an athbhreithnithe sin ar fáil.

Fág freagra ar 'Deireadh le teacht inniu le próiseas comhairliúcháin faoi mholtaí conspóideacha do Ghaeilge na hArdteiste'