Deireadh le Comhar a bheadh i bplean Fhoras na Gaeilge – Cathal Goan

Deir Cathal Goan nach mbeadh ‘ar chumas Comhar leanstan ar aghaidh’ dá gcuirfí moltaí Fhoras na Gaeilge i dtaobh na meán Gaeilge i bhfeidhm

Deireadh le Comhar a bheadh i bplean Fhoras na Gaeilge – Cathal Goan

Tá ráite ag Cathal Goan, Cathaoirleach Bhord Comhar gurb ionann na moltaí atá déanta ag Foras na Gaeilge ina bplean nua d’earnáil na meán Gaeilge agus deireadh leis an iris Comhar.

Ag labhairt dó ar an chlár Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta Dé hAoine, dúirt Cathal Goan nach mbeadh “ar chumas Comhar leanstan ar aghaidh” má chuirtear moltaí Fhoras na Gaeilge i dtaobh na meán Gaeilge i bhfeidhm.

Faoi phlean an Fhorais, a bhfuiltear ag lorg moltaí an phobail ina thaobh, ní chuirfeadh an Foras maoiniú ar fáil níos mó d’iris liteartha chlóite.  Ar líne amháin a bheadh fáil ar a leithéid d’iris feasta agus gan ar fáil di ach leath den mhaoiniú atá ag Comhar faoi láthair.

Dá nglacfaí le plean an Fhorais, thiocfadh deireadh ar fad leis an scéim faoina maoinítear an iris ar líne NÓS agus ní dhéanfaí maoiniú feasta ach ar dhá fhoilseachán ar líne.

Seirbhís nuachta ar líne amhail Tuairisc.ie a bheadh ann ach go mbeadh conradh inathnuaite ag an soláthróir agus iris liteartha amhail Comhar ach gan í ar fáil ach ar líne.

Thug Cathaoirleach Bhord Comhar le fios gur tháinig moltaí an Fhorais “aniar aduaidh” ar bhaill an bhoird agus dúirt sé go bhfuil “mearbhall” orthu faoi chur chuige an phróisis chomhairliúcháin.

“Shílfeá, agus muid sa dara bliain don síneadh ama seo go mb’fhéidir go mbeadh sé den chúirtéis a rá linn go raibh moltaí suntasacha agus athruithe suntasacha le foilsiú acu ach in áit sin fuair muid réamhfhógra 24 uair an chloig go raibh an próiseas comhairliúcháin seo le tarlú.

“Más í an bhunfhadhb anseo, agus is cosúil gurb í, nach bhfuil go leor airgid ag Foras na Gaeilge le dáileadh ar na rudaí seo, bíodh siad ionraic agus oscailte faoi agus a rá ‘ní féidir linn dul ar aghaidh leis seo’ ach in áit sin tá siad ag cumadh, is cosúil, próiseas comhairliúcháin le deireadh a dhéanamh le NÓS, agus an dearcadh atá againne, deireadh a chur le Comhar chomh maith céanna,” a dúirt Cathal Goan.

Faoi láthair, faigheann Comhar €120,000 sa bhliain chun iris mhíosúil a chur amach agus tá beirt fostaithe go lánaimseartha ag an iris.

Dúirt sé go raibh an anailís a bhí déanta ag an Fhoras ar na meáin “go hiomlán bunoscionn”.

“Ní hamháin go bhfuil Comhar ann, eagrán atá ar fáil in aghaidh na míosa, tá Comhar Taighde, iris acadúil ar líne amháin, tá Comhar Óg á fhoilsiú againn faoi dhó sa bhliain, is faoi choimirce Comhar a foilsíodh an Leabhar Portráidí agus ar ndóigh, tá muid bainteach le foilsiú Leabhar Comhar.

“Tá anailís á déanamh anseo atá cúng agus nach dtugann aitheantas don réimse leathan agus an dlús oibre a bhaineann leis an réimse leathan saothar,” arsa Cathal Goan.

Agus é ag freagairt ceiste maidir le síntiúsóirí Comhar thug Goan le fios go bhfuil 400 duine a cheannaíonn an iris chuile mhí, iris “atá corradh le 75 bliain d’aois agus a bhfuil scríbhneoireacht den chaighdeán is airde, idir chruthaitheach agus iriseoireacht” ar fáil inti, dar leis.

Labhair Goan chomh maith faoi mholtaí eile i bplean an Fhorais. Maidir leis an mholadh go bhfoilseofaí nuachtlitir a dháilfí ar phobal na Gaeilge labhartha, agus a bhí “bunaithe ar nósmhaireacht teanga na Breataine Bige”, dúirt Goan nach ionann “dálaí teanga sa dá thír ar chor ar bith”. 

Dúirt sé chomh maith go dtagraítear den nuachtlitir Goitse sa phlean, nuachtlitir a bhíodh á foilsiú i nDún na nGall ach dar le Goan gur cheart na cúiseanna nár mhair Goitse “a bheith fiosraithe agus foilsithe” sa phlean má tá an Foras “chomh meáite sin ar rudaí a dhéanamh go háitiúil”.

Maidir leis an mholadh atá i bplean an Fhorais €40,000 a chur ar fáil mar mhaoiniú printíseachta do cheathrar iarchéimithe iriseoireachta, dúirt Cathaoirleach Bhord Comhar gurbh ait leis “go mbeifeá ag tabhairt printíseachta do dhuine le dul ag obair mar iriseoir nuair nach mbeadh aon jab dó i ndiaidh na printíseachta”.

Ghlac Cathal Goan leis gur mithid athbhreithniú a dhéanamh i gcónaí mar go “mbíonn athruithe de dhíth” ach “bíodh sé ionraic” a dúirt sé.

Nuair a seoladh an plean, dúirt Gearóid Trimble, Clárbhainisteoir Pobal agus Gnó Fhoras na Gaeilge, ar an chlár céanna go raibh an cháipéis chomhairliúcháin bunaithe ar mholtaí a tháinig chun cinn i dTuarascáil Regina Uí Chollatáin agus Shéamuis Daltún agus nach raibh “aon chinneadh déanta ar chor ar bith” go fóill faoi thodhchaí na meán Gaeilge ach go raibh tuairimí an phobail á lorg acu.

“Níl in sa chéim seo ach próiseas comhairliúcháin. Mar is dual dúinne mar mhaoinitheoir, caithfidh muidne freagairt don dá roinn ó thuaidh agus ó dheas, caithfidh muid a chinntiú go bhfuil an t-airgead atá tugtha dúinn á chaitheamh againn ar an dóigh is fearr,” a dúirt Trimble ar an chlár Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta.

Agus é ag tagairt do na nuachtlitreacha a luaitear sa phlean, dúirt Trimble gur scéim thrialach a bheadh i gceist agus “dá n-éireodh lena leithéid de rud sna ceantracha Gaeltachta thiocfadh é sin a leathnú amach chuig ceantracha a bhfuil líonraí Gaeilge ann, agus na bailte seirbhíse Gaeilge”.

Fág freagra ar 'Deireadh le Comhar a bheadh i bplean Fhoras na Gaeilge – Cathal Goan'

  • Gerard Sóna

    Céim eile sa Straitéis Fíche Bliain don Gaeilge…………………..í a daoradh chun báis.

  • Gabriel Rosenstock

    Cheapfá go mbeadh sé mar dhualags ar an bhForas an iris Comhar a neartú agus sprioc 2,000
    síntiúsóir a bhaint amach seachas an iris a chur i mbaol.