Deireadh curtha le feidhm ‘rúndacht an Phápa’ i gcásanna mí-úsáid ghnéis

San am a caitheadh bhain an Eaglais Chaitliceach úsáid as rialacha rúndachta agus bagairtí coinnealbháite mar leithscéal gan cásanna mí-úsáid ghnéis a thuairisciú do na húdaráis

Deireadh curtha le feidhm ‘rúndacht an Phápa’ i gcásanna mí-úsáid ghnéis

Tá deireadh curtha ag an bPápa Proinsias le riail ‘rúndacht an Phápa’ i gcás líomhaintí faoi mhí-úsáid ghnéis agus athruithe fógartha aige ar an tslí a ndéileálann an Eaglais Chaitliceach le cásanna dá leithéid.

D’fhógair an Pápa chomh maith go raibh sainmhíniú na Vatacáine ar phornagrafaíocht leanaí athraithe agus gur daoine faoi 18 seachas daoine faoi 14 a bheadh i gceist feasta sa sainmhíniú sin.

De réir na n-athruithe seo, ní féidir iarraidh feasta ar dhaoine a thuairiscíonn mí-úsáid ghnéis fanacht ina dtost.

Ag cruinniú mullaigh na Vatacáine mí Feabhra a iarradh go gcuirfí deireadh le ‘rúndacht an Phápa’ i gcásanna mí-úsáid ghnéis agus eile.

Dúirt an Pápa go gcaithfí i gcónaí le haon eolas a gheofaí faoi mhí-úsáid ar bhealach “sábháilte, ionraic agus rúnda” agus thug sé treoir d’oifigigh na Vatacáine cloí leis an dlí sibhialta agus cuidiú leis an húdaráis shibhialta a bheadh ag fiosrú a leithéid de chásanna.

San am a caitheadh bhain an Eaglais Chaitliceach úsáid as rialacha rúndachta agus bagairtí coinnealbháite mar leithscéal gan cásanna mí-úsáid ghnéis a thuairisciú do na húdaráis.

Cuireadh i leith na hEaglaise go minic gur bhain siad leas as riail ‘rúndacht an Phápa’ chun cosaint a thabhairt do phéidifiligh agus chun daoine a ndearnadh mí-úsáid orthu a choinneáil ina dtost.

Fág freagra ar 'Deireadh curtha le feidhm ‘rúndacht an Phápa’ i gcásanna mí-úsáid ghnéis'

  • Áine Ní Fhiannusa

    Fear cróga ionraic é an Pápa Prionnsios – go neirí leat, mar tá an casán garbh.