Deireadh á chur le Spórt an Domhnaigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Chinn lucht bainistíochta RTÉ RnaG deireadh a chur leis an gclár Spórt an Domhnaigh mar chuid de na hathruithe atá á ndéanamh faoi láthair ar sceideal an stáisiúin

Deireadh á chur le Spórt an Domhnaigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Craolfar Dé Domhnaigh seo an t-eagrán deireanach de Spórt an Domhnaigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus cinneadh déanta deireadh a chur leis an gclár seanbhunaithe.

Spórt an Domhnaigh, ina mbíonn tuairiscí ó chluichí móra an lae, á chraoladh gach tráthnóna Domhnaigh idir 7-8pm le blianta fada.

Dheimhnigh Eagarthóir Stiúrtha Clár RTÉ Raidió na Gaeltachta, Seán Ó hÉanaigh, do Tuairisc.ie tráthnóna inné go bhfuil deireadh á chur leis an gclár mar chuid de na hathruithe atá á ndéanamh faoi láthair ar sceideal an stáisiúin.

“Tá forbairt déanta againn ar an sceideal agus ar chláracha eile. Tá roinnt athraithe déanta againn atá ag teacht isteach de réir a chéile agus sin ceann de na cláracha.

“Tá clúdach an-leathan spóirt againn i gcaitheamh na deireadh seachtaine agus beidh go leor den rud a bhí ar súil i rith an chláir sin le fáil níos luaithe sa lá. Ní hé go bhfuil muid ag iarraidh fáil réidh le tada ach leis na hacmhainní atá againn, tá muid ag tabhairt níos mó cláracha nua isteach sa sceideal agus ag déanamh forbairt ar na cinn eile atá againn,” a dúirt Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóir Stiúrtha Clár RnaG.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil easaontas faoi láthair idir lucht ceardchumainn agus lucht bainistíochta an stáisiúin faoi chuid de na hathruithe ar an sceideal, deireadh a bheith á chur le Spórt an Domhnaigh, ina measc.

I measc na n-athruithe eile atá beartaithe don sceideal, beidh cúrsaí nuachta á bplé agus á scagadh ag am lóin arís ar RnaG agus ‘Nuacht a hAon’ le filleadh an fómhar seo.

Tá sé beartaithe go mbogfaidh Cormac Ó hEadhra ón gclár aitheanta tráthnóna ‘Cormac ag a Cúig’ go dtí an clár cúrsaí reatha am lóin.

Tá sé i gceist chomh maith an clár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra a bhogadh ó mhaidin Dé Sathairn go dtí maidin Dé Domhnaigh. Tuigtear go bhfuil baint ag aistriú an chláir sin ó Dé Sathairn leis an gcinneadh deireadh a chur le Spórt an Domhnaigh sa mhéid is nach mbeadh dóthain teicneoirí ar fáil Dé Domhnaigh chun freastal ar an dá chlár.

I measc na n-athruithe eile atá beartaithe ag lucht bainistíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, tá sé i gceist leathuair an chloig breise a chur le príomhchlár na maidine Adhmhaidin.

I mí an Mhárta, cinneadh deireadh a chur leis an dara cuid den chlár nuachta am lóin Nuacht a hAon mar gheall ar chiorruithe a cuireadh i bhfeidhm toisc daoine a ghlac le pacáiste iomarcaíochta ó RTÉ a bheith ag fágáil na heagraíochta.

Fág freagra ar 'Deireadh á chur le Spórt an Domhnaigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta'

  • Feardorcha

    Le cúnamh Dé beidh an rath céanna air agus a bhí ar athsceidealú TnaG.

  • Des O Murchu

    An iomarca spoirt Sat,Domhnach pm ar RnG. Cainail Spoirt mas ga. Teastionn freastal ar cultuir ,caidreamh, caint etc! Is feidir croithe briste ManU etc a fhail O staisuin eile,!.?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is fearr liom éisteacht le cláracha spóirt ar RnaG, Des, ná na cláracha cainte leadránacha, go speisialta nuair is daoine le droch Ghaeilge atá le cloisteál ag caint faoin nGaeilge.