Deir an Taoiseach gur ‘i dteannta a chéile amháin’ a choimeádfar an stát oscailte, 4,407 cás nua fógartha 

Dúirt an Dr Tony Holohan nár tharla sé ach uair amháin, mí Eanáir na bliana seo, go raibh níos mó cásanna le deimhniú in achar coicíse agus nach bhféadfaí leanúint ar aghaidh mar atá

Deir an Taoiseach gur ‘i dteannta a chéile amháin’ a choimeádfar an stát oscailte, 4,407 cás nua fógartha 

4,407 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

614 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, ochtar níos lú ná mar a bhí i gceist inné. Tá 113 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos lú ná mar a bhí ansin inné.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a ndúirt an Taoiseach Micheál Martin nach bhféadfadh aon chóras sláinte áit ar bith déileáil leis an mbrú a bheadh ann dá leanfadh líon na gcásanna agus líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil ag ardú leo mar atá.

Agus beartais nua á bhfógairt aige le dul i ngleic leis an maidhm is déanaí cásanna, dúirt an Taoiseach gur “i dteannta a chéile” amháin a d’fhéadfaí a chinntiú go bhfanfadh an stát agus an geilleagar oscailte agus go bhfanfadh an pobal slán

Chuige sin ní foláir, a dúirt an Taoiseach, cloí leis na rialacha atá fós ann, an vacsaín a fháil, an teanndáileog a fháil nuair atá sí ar fáil, obair ón mbaile nuair is féidir, masc a chaitheamh agus cloí leis an scaradh sóisialta.

Thug Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, le fios go raibh beagnach 55,000 cás nua den víreas deimhnithe le 14 lá anuas agus go raibh ardú eile á thuar ar an ráta sin sna laethanta amach romhainn. Dúirt sé nár tharla sé ach uair amháin, mí Eanáir na bliana seo, gur deimhníodh níos mó cásanna in achar coicíse.

Dúirt an Dr Holohan nach bhféadfaí leanúint ar aghaidh leis an líon sin cásanna.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh cúigear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,698 cás nua a fógraíodh.

429 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 35 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Níos luaithe inniu, fógraíodh go bhfuil srianta nua le dul i ngleic leis an maidhm is déanaí den Covid-19 aontaithe ag an Rialtas.

Ó mheán oíche Déardaoin caithfidh tábhairní, bialanna agus clubanna oíche dúnadh ag meán oíche.

Obair ón mbaile ón Aoine an moladh d’aon duine a fhéadfas sin a dhéanamh agus iarrtar ar fhostóirí an deis sin a thabhairt dá bhfostaithe más féidir.

Fógraíodh chomh maith go bhfuil teanndáileog den vacsaín le tairiscint do gach duine idir 16-59 a bhfuil tinnis ainsealacha ag cur as dóibh, do gach duine in aonaid chúraim agus do gach duine idir 50-59 a bhfuil a gcéad vacsaíní faighte acu ar a laghad cúig mhí ó shin.

Beidh 2.2 milliún duine i dteideal na teanndáileoige faoi na socruithe nua, a deir an Taoiseach, Micheál Martin.

Faoi na srianta nua aon duine a bhíonn i dteagmháil le duine atá buailte ag Covid-19 agus a bhfuil an vacsaín faighte aige, caithfidh sé fanacht amach ó dhaoine eile ar feadh cúig lá agus trí thástáil antaigine a dhéanamh sula rachaidh sé i measc an phobail arís. Seolfar tástálacha antaigine chuig gartheagmhálaithe.

Chomh maith leis sin, caithfear na pasanna Covid-19 a thaispeáint le dul isteach chuig pictiúrlanna agus amharclanna.

D’fhógair an Rialtas na srianta nua seo an lá céanna a raibh laghdú ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP). De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Coimirce Sóisialta tá 78,000 duine fós ag brath ar an íocaíocht sin. Aon duine a bhí i dteideal €300 sa tseachtain, €250 a gheobhaidh sé ón lá inniu ar aghaidh agus an duine a d’fhaigheadh €250, gheobhaidh sé €203, an méid a fhaightear mar Liúntas Cuardaitheora Poist.

Dúirt an Taoiseach inniu gur údar imní an brú atá ar an gcóras ospidéal agus gurb é an gar is fearr a d’fhéadfaí a dhéanamh don lucht leighis ná vacsaín a fháil agus freastal ar choinne don teanndáileog.

Dúirt an Taoiseach gur léirigh an samhaltú eipidéimeolaíochta a cuireadh faoi bhráid an Rialtais aréir gur i ndeireadh mhí na Nollag a bheas an ráig is déanaí seo den víreas ina buaic ach gur deacair a bheith beacht faoin tuar sin faoin víreas.

Fág freagra ar 'Deir an Taoiseach gur ‘i dteannta a chéile amháin’ a choimeádfar an stát oscailte, 4,407 cás nua fógartha '

  • Antóin

    Ní fada uainn an dara agus an tríú teanndáileog den ‘vacsaín’ seo agus an scrios a leanfas iad.

    Agus pasanna a thaispeáint! Tuilleadh fianaise den ollsmachtachas agus gan smid as na meáin ach tiocfaidh an fhírinne ina háit féin.