Deir an Taoiseach Micheál Martin gur dócha gur sa bhliain nua a thosófar ag dáileadh na vacsaíne do dhaoine óga idir 5-12 bliain agus go bhfuil sé féin ar son an chláir vacsaínithe sin.
Tá beannacht na n-údarás faighte ag an vacsaín do dhaoine óga sna Stáit Aontaithe ach níl a leithéid faighte ó údaráis an Aontais Eorpaigh go fóill.
Cé go meastar go bhféadfadh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (an EMA) a mbeannacht a thabhairt do vacsaín na n-óg an tseachtain seo chugainn, dúirt an Taoiseach gur dócha go mbeadh an iomarca ullmhúcháin le déanamh chun go bhféadfaí tús a chur lena dáileadh i mbliana.
Deir an Taoiseach gur léir ón bhfianaise gur ag scaipeadh ón bpobal isteach sna scoileanna seachas a mhalairt atá an Covid-19.
Dúirt an Taoiseach go n-oibreodh an Rialtas le lucht na scoileanna chun a chinntiú go mbainfear saoire na Nollag amach slán.
Ní raibh sé sásta a rá an dtabharfaí an cuardach teagmhála ar ais do sheomraí ranga, rud atá á éileamh ag an INTO.
“Déanfaimid an uile rud eile gur féidir linn chun tacú le múinteoirí, chun tacú le príomhoidí agus lucht bainistíochta scoileanna a thabhairt slán ón bpaindéim seo agus ón gcuid áirithe seo di.
“Tá roinnt seachtainí fágtha againn go dtí aimsir na Nollag agus is dóibh liom gur féidir linn obair as lámha a chéile ar mhaithe le foghlaim na bpáistí agus na ndaltaí sa chóras oideachais agus ó thaobh cúram leanaí chomh maith.”
Mhaígh an Taoiseach gur cabhair mhór a bheadh sa chóras tástála antaigine atá le tabhairt isteach sna scoileanna an tseachtain seo chugainn.
Tá Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú láithreach ar chás na scoileanna mar gheall ar an méadú as cuimse a deir siad atá tagtha ar líon na gcásanna iontu. Deir an INTO go bhfuil an t-ardú ar líon na gcásanna i measc múinteoirí agus daltaí “á cheilt” ó cuireadh stop le foilsiú eolais faoi chás an ghalair sna scoileanna.
“Lá deireanach agus dollar gann” a bhí cur chuige an Rialtais i leith na maidhme is déanaí den víreas, dar le ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald.
“Tá cúrsaí rómhall ó thaobh na tástála antaigine agus dháileadh na teanndáileoige. Measaim go gcaithfidh an Rialtas breith suas le rudaí. Caithfear iarracht mhór a dhéanamh. Tá na vacsaíní teanndáileoige sin an-tábhachtach go deo,” arsa Mary Lou McDonald.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomh-Oifigeach Leighis, go ráineodh go mbeadh ar NPHET “comhairle dheacair” a chur ar an Rialtas má leanann líon na gcásanna den Covid-19 orthu ag fás.
Dúirt Holohan nach bhféadfadh an Rialtas ceangal a chur ar dhaoine cloí le srianta agus gur faoin bpobal féin a bhí sé a gcuid iompair a athrú chun srian a chur le scaipeadh an ghalair.
Fág freagra ar 'Deir an Taoiseach gur dócha gur sa bhliain nua a thosófar ag dáileadh vacsaín na n-óg'