Tá sé deimhnithe ag Cumann Sacair na hÉireann go n-imreoidh siad dhá chluiche in aghaidh Iosrael i gcomórtas Shraith na Náisiún níos déanaí i mbliana.
Tarraingíodh foireann Heimir Hallgrímsson agus Iosrael sa ghrúpa céanna don chomórtas. An Chosaiv agus an Ostair an dá fhoireann eile atá i ngrúpa B3.
Imreofar na cluichí uilig sa ghrúpa idir an 24 Meán Fómhair agus an 17 Samhain. Cluiche amháin sa bhaile agus cluiche amháin as baile a bheidh ag na foirne in aghaidh a chéile.
I mí na Samhna seo caite vótáil an FAI ar son rún a chur faoi bhráid UEFA chun cosc a chur ar Iosrael páirt a ghlacadh ina gcomórtais club agus idirnáisiúnta mar gheall ar an gcogadh in aghaidh mhuintir na Palaistíne in Gaza.
De réir an rúin, sháraigh Cumann Sacair Iosrael dhá riail de chuid UEFA toisc go ndearna siad clubanna a riaradh i gcríocha gafa na Palaistíne gan cead FA na Palaistíne agus toisc, a dúradh, nach raibh polasaí frithchiníochais éifeachtach acu.
San Ungáir atá a gcluichí baile á n-imirt ag Iosrael faoi láthair de bharr an chogaidh.
Dúirt an FAI tráthnóna dá ndiúltófaí na cluichí a imirt go mbronnfaí an bua ar an bhfoireann eile [Iosrael] agus go bhféadfadh go gcaithfí Éire amach as an gcomórtas.
Ba in 2006 a d’imir Éire in aghaidh Iosrael go deireanach sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain. Dhá chluiche comhscóir a bhí ann, 1-1 and 2-2.
Fógrófar dátaí na gcluichí sa tSraith Náisiúnta amárach.
Fág freagra ar 'Deimhnithe ag an FAI go n-imreoidh an FAI dhá chluiche in aghaidh Iosrael'