Ní féidir gaiscí Dhónaill Uí Conaill mar cheannaire polaitiúil agus a dtionchar a mheas i gceart gan cuimhneamh ar an difríocht ollmhór idir an tír mar a bhí sí lena linn agus Éire in 2025.
Bhí an Fuascailteoir i gceannas ar ghluaiseacht a bunaíodh agus an tír faoi lánsmacht na Breataine, smacht a chuir isteach go minic agus go héagórach ar eagrais ar bith a d’iarr lánchearta do Chaitlicigh na hÉireann.
Bhí sé 26 bliain d’aois nuair a cuireadh deireadh le parlaimint na hÉireann in 1801 agus 54 nuair a chuir sé brú ar rialtas na Breataine an cosc ar Chaitlicigh i bparlaimint Westminster a chur ar ceal in 1829.
Ní raibh an feachtas sin ná an feachtas ina dhiaidh ar son aisghairm an aontais idir Éirinn agus an Bhreatain ábalta leas a bhaint as na modhanna taistil agus cumarsáide ar a mbraitheann páirtithe polaitiúla na linne seo.
Ní raibh teileafón ná ríomhairí ná ríomhphost ar fáil, ná córas leictreach chun cumhacht a sholáthar do ghléas ar bith. Thóg sé 24 uair an chloig taisteal idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh ar an gcóiste ba ghaiste in 1820. Níor tógadh bóthar ceart siar go dtí a theach i gCathair Dónall go dtí i bhfad ina dhiaidh sin.
Bhí sé 59 bliain d’aois nuair a osclaíodh an chéad iarnród sa tír in 1834. Níor shroich na ráillí contae Chiarraí go dtí gur osclaíodh an líne go Cill Airne in 1853 – sé bliana i ndiaidh a bháis.
Bheadh bunú agus riar ghluaiseacht Uí Chonaill dúshlánach am ar bith i dtír neamhspleách ar bith, ach bhí eagraíocht pholaitiúil nár facthas riamh roimhe sin á reáchtáil aige ainneoin míbhuntáistí de gach cineál.
D’éirigh leis éacht polaitiúil a dhéanamh a d’fhág a lorg ar an tír agus é beo. Is doimhne ar go leor bealaí áfach a thionchar indíreach ar stair na hÉireann ó shin, mar is léir ó na pointí seo a leanas.
1 Misneach
Chothaigh sé féinmhuinín i dtír a bhí in ísle brí. Chuir sé féin agus an ghluaiseacht a bhunaigh sé brú ar rialtas na Breataine gealltanas a tugadh agus parlaimint na hÉireann á scor in 1801 a chomhlíonadh. Níor bhain an ghluaiseacht an aidhm a d’fhógair Ó Conaill ina dhiaidh sin (aisghairm Acht an Aontais) amach, ach léirigh an dá ghluaiseacht na buanna a bhain le feachtasaíocht eagraithe.
2 Rannpháirtíocht
Mhol Ó Conaill don Chumann Caitliceach in 1823 ballraíocht chomhlach a thairiscint do dhaoine a thabharfadh pingin sa mhí don Chumann. Spreag an ‘cíos Caitliceach’ nua spéis an phobail taobh amuigh den mheánaicme, tógadh gréasán náisiúnta leis an airgead a bhailiú agus neartaigh rannpháirtíocht an phobail dá bharr.
3 Measarthacht
Cáineadh Ó Conaill go minic lena linn agus ó shin mar dhuine a d’oibrigh dáiríre laistigh de chóras na Ríochta Aontaithe a raibh meas aige ar an rítheaghlach. Is féidir a chur ina leith freisin nár leag sé amach polasaí riamh chun feabhas a chur ar dhrochstaid eacnamaíochta na tíre. Fágann tuairimíocht dá leithéid as an áireamh an t-athrú mór ar mheon agus ar dhlí na tíre a chuir sé i gcrích – athrú a thug ábhar machnaimh agus misnigh do ghluaiseachtaí eile tar éis tamaill.
4 An cheird pholaitiúil
Ní bhfuair Ó Conaill deis riamh dul i mbun rialtais agus is mar cheannaire ar bhrú-eagraíocht a dhírigh ar rialtas na Breataine a chuaigh sé i mbun cheird na polaitíochta. Is léir an bhundifríocht idir a chur chuige agus an cur chuige polaitiúil a theastaíonn i stát neamhspleách. Síneann an snáithe pholaitiúil siar áfach go dtí an ceannaire Éireannach is túisce a bhain máistreacht amach ar an gceird.
5 Idirnáisiúnaí
Léirigh Ó Conaill a spéis i gcúrsaí idirnáisiúnta i gcónaí – spéis a chuir sé i bhfeidhm go háirithe agus tacaíocht á tabhairt aige don fheachtas in aghaidh na sclábhaíochta. Dhiúltaigh sé lámh a chroitheadh le hambasadóir na Stát Aontaithe i Londain mar gheall ar an sclábhaíocht sna Stáit. Thug an t-ambasadóir a dhúshlán dul chun comhraic, dúshlán ar thug Ó Conaill (a mharaigh fear i gcomhrac eile in 1815) droim láimhe dó.
6 Cearta an Duine
Thug Ó Conaill tacaíocht don fheachtas ar son cead a bheith ag Giúdaigh suí sa pharlamint in Westminster. Is samplaí a dhearcadh ar chás na nGiúdach agus ar sclábhaíocht dá sheasamh láidir ginearálta ar son cearta daonna ar fud an domhain – seasamh arb ionann é go bunúsach agus seasamh rialtas na hÉireann ó thosaigh rannpháirtíocht an stáit sna Náisiúin Aontaithe agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.
7 Gaeilge
Cáintear Ó Conaill toisc gur tógadh le Gaeilge é in Uíbh Ráthach ach gur thug sé cúl le Gaeilge mar fhear poiblí. Bhí Béarla á labhairt go forleathan i mbailte móra na tíre agus i gcuid mhór den réigiún máguaird. Céard eile a dhéanfadh ceannaire a bhí ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an gcuid is mó den tír ach labhairt le muintir na háite ina dteanga féin?
8 Aontachtaithe
Cuirtear ina leith chomh maith nach ndearna sé iarracht riamh comhthuiscint a chothú idir Caitlicigh agus aontachtaithe chúige Uladh. Déanann cáineadh dá leithéid beag is fiú den chos ar bolg a bhí á déanamh ar Chaitlicigh agus den chothromaíocht idir aicmí creidimh a mhol sé i gcónaí. Sin ráite, níor éirigh le scata ceannairí eile an deighilt idir an dá thraidisiún a leigheas ó shin.
9 Eaglais agus stát
Mhol Ó Conaill scaradh iomlán idir an stát agus an eaglais, ní hamháin chun cur in aghaidh an chórais a thug tús áite don eaglais Phrotastúnach lena linn ach mar phrionsabal ba chóir a bheith i bhfeidhm i ngach tír. Níor thug an stát neamhspleách a bunaíodh i 1922 ach lag-aird ar an bprionsabal sin ar feadh leathchéad bliain.
Níl glan-idirdhealú déanta fós sna scoileanna agus sna hospidéil ach léirigh na reifrinn ar cholscaradh (1995), ar chomhionannas pósta (2017) agus ar ghinmhilleadh (2018) toil na bpolaiteoirí agus na vótálaithe neamhaird a thabhairt ar thuairimí na heaglaise is mó sa tír.
10 Mórchúis
Ní raibh an Fuascailteoir gan locht. Bhíodh sé borb rómhinic agus é ag labhairt faoi dhaoine nár aontaigh leis. Ní gan bulaíocht, áibhéil as cuimse, easpa scrupaill nó bagairt a chuir sé gach cás chun cinn. Ní raibh sé lándílis dá bhean chéile i gcónaí. Theip air nasc tuisceana ar bith a thógáil idir dreamanna a chloígh le modhanna síochánta chun neamhspleáchas a bhaint amach agus grúpaí a bheartaigh foréigean.
Cogar, an raibh ceannaire ar bith ar domhan riamh a bhí gan locht agus a rinne éacht mar a rinne Ó Conaill ar son a mhuintire?
Dáithí Mac Cárthaigh
Ní cháintear Ó Conaill as leas a bhaint as an mBéarla go poiblí ach as gan leas a bhaint as an nGaeilge agus é ag tabhairt oráidí uaidh sna ceantair a raibh sí in uachtar an uair sin: Cúige Mumhan (Cathair Chorcaí san áireamh), Connachta (Gaillimh san áireamh), Ceantar Oirealla (idir Ard Mhacha agus an Uaimh), Cill Chainnigh, srl.
Is amhlaidh a labhraíodh fir eile as Gaeilge i ndiaidh chaint an fhir mhóir chun an scéal a mhíniú don mhuintir.
Eoghan Ó Néill
Más é gur osclaíodh cliarscoil i Magh Nuada i 1795 agus Coláiste Chiaráin (Hiems Transit) i gCill Chainnigh 1782 caithfidh go raibh socrú idir na heaspaig agus na hÚdaráis i bhfad roimh Fuascailt na gCaitliceach sa bhl. 1829.
Féar-plé dó as a dhearcadh in aghaidh na sclábhaíochta ach ba Anglo é ina dhearcadh in aghaidh teanga a shinsir
Colmcille Ó Monacháin
An é atá á rá ag Cathal Mac Coille gur dóigh leis gurb inchosanta, i gcúinsí na haimsire sin, O’Connell “cúl [a thabhairt] le Gaeilge mar fhear poiblí”? Cá mhéad milliún cainteoir Gaeilge a bhí in Éirinn san am? Cá mhéad acu sin nach raibh aon Bhéarla acu?
Ó Conaill/O’Connell: Caitliceach mór, Gael beag.
Seán Ó Riain
Bíodh go ndeirtear grub í an Ghaeilge a shábháil a bheatha nuair a cuireadh nimh ina bhéile is gur sceith banchláirseoir gaelach an rún in amhrán leis!
Séamas de Barra
Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Cathal Mac Coille, ‘Deich slí inar fhág Dónall Ó Conaill a lorg ar mhuintir na hÉireann lena linn agus ó shin’, tuairisc.ie Dé Sathairn, Lúnasa 9, 2025.
Tá locht mór ar lucht leanúna na gceannairí polaitíochta in Éirinn –– níos minice ná a chéile, déanann siad dia beag den cheannaire. Is léir gur mar sin a tharla i gcás na gceannairí seo a leanas: Dónall Ó Conaill, Charles Stewart Parnell, Éamon de Valera, Sean–Liam T. Mac Coscair, Cathal Ó hEochaidh, agus Gearóid Mac Gearailt. Ar shlí, is beag athrú a tháinig ar mheon lucht leanúna na gconlán difriúil in Éirinn ó aimsir an Phrionsa Séarlas Éadbhard Stíobhard san 18ú céad.
Má bhí a oiread cumhachta ag Dónall Ó Conaill, agus é ag tacú chomh mór sin le rannpháirtíocht an phobail a neartú, conas nár éirigh leis–sean, ná lena lucht leanúna, teacht roimh an tubaiste ba mhó a bhuail Éire sa 19ú céad, an Gorta Mór.
Agus é ag iarraidh Saoirse na gCaitliceach a bhaint amach, sa bhliain 1829, níor chuir an Conallach i gcoinne a vóta a bhaint de na Saorshealbhóirí 40 scilling, rud a laghdaigh go mór ar líon na vótálaithe in Éirinn.
Bhí an Conallach tráth ina Éireannach Aontaithe, agus meabhraíonn an staraí, Tom Bartlett dúinn, go mbíodh baill de na hÉireannaigh Aontaithe ina theannta ar an ardán le linn na n–ollchruinnithe. Ag bagairt foréigin ar rialtas Shasana in Éirinn a bhí sé ar an tslí sin, agus ba é an teachtaireacht a bhí sé a thabhairt ‘cé acu ab fhearr libh mise, nó na fir fhiáine seo?’ Dar le Bartlett gur cruthú é sin nach síochánaí amach is amach ba ea an Conallach.
Déanann Cathal Mac Coille amach gur idirnáisúnaí ba ea na Conallach. Más ar thaobh na gCaitliceach a bhí an Conallach in Éirinn, is ar thaobh naimhde na gCaitliceach, is é sin, na Máisiúin, a bhí sé sa Chéad Cogadh Carlach sa Spáinn, 1833–1840, dála Feisirí i bhFeis Londan a chuir i gcoinne Shaoirse na gCaitliceach in Éirinn. Is Máisiún ba ea an Conallach féin, agus é ina mháistir ar lóiste i mBaile Átha Cliath. Ach thosaigh sé ar a chuid ballraíochta sa Mháisiúnachas a cheistiú, agus chuaigh i gcomhairle le hArd–Easpag Caitliceach Dheoise Bhaile Átha Cliath san am, an Dr John Thomas Troy. Ba í an chomhairle a chuir an Dr Troy ar an gConallach: éirí as a bheith gníomhach sa Mháisiúnachas, ach nár ghá dó é sin a fhógairt go poiblí. Músclaíodh ballraíocht an Chonallaigh sa Mháisiúnachas arís sa bhliain 1837. Iriseoir nuachtáin a d’fhiafraigh den Chonallach cad déarfadh sé leis na Máisiúin. Ba é freagra a thug an Conallach air gur cumann fear a bhí go maith as a bhí ann, agus nach raibh de locht dáiríre aige ar an Máisiúnachas, ach na móideanna scáfara a bhíodh le tabhairt acu, agus iad ag dul chun cinn sa Mháisiúnachas. Níor thaitin sin blúire ná cuid le ceannairí na Máisiún, agus ba é críoch agus deireadh na mbeart gur cheap siad beirt Mháisiún chun é a dhíbirt go foirmiúil, beirt a bhí in ainm is a bheith ina gCaitlicigh. Ach is é tuiscint na Máisiún féin nach féidir do Mháisiún a chuid ballraíochta sa Mháisiúnachas a thabhairt suas, ach a oiread agus is féidir do dhuine éirí as an Mafia.
Chun a cheart a thabhairt don Chonallach, bhí sé glan i gcoinne smacht a bheith ag Rialtas Shasana ar cheapachán Easpaig Chaitliceacha na hÉireann. Cuid mhaith de na hEaspaig Chaitliceacha san am, ní raibh aon locht acu ar an smacht sin a bheith ag Rialtas Shasana.
Is é is dóichí go raibh idir Ghaeilge agus Bhéarla ag an gConallach as a óige. Má thugann duine turas ar Leabharlann an Ruiséalaigh i Maigh Nuad, agus leabhar ar bith Gaeilge ar na seilfeanna ansin a mhúscailt, is é is dóichí ná a chéile go mbeidh Dónall Ó Conaill ar liosta na síntiúsóirí. Ba iad na síntiúsóirí a mhaoiníodh foilsiú leabhar sa saol úd. Bhí an Conallach ina phátrún ar an bhfile Gaeilge, Tomás Ruadh Ó Súilleabháin, agus bhí sé ar na daoine a dhíol as an Súilleabhánach a chur in ospidéal i mBaile Átha Cliath, nuair a bhuail drochghalar an Súilleabhánach –– áit a dtugtaí ‘Brú Chaoimhín’ air, agus mise i m’fhear óg. Ba radacaí é an Súilleabhánach ná an Conallach i gcúrsaí polaitíochta na hÉireann, mar is léir ar an amhrán, ‘Domhnall binn Ó Conaill caoin’. Ar altram a bhí an chuid ba shine de chlann an Chonallaigh agus iad ina leanaí, agus fágann sin gur dócha go raibh an Ghaeilge as a n–óige acu seo leis. Mar sin féin nuair a thug Antaine Ó Conaill turas ar an gConallach i dTrá Lí, agus gur shín Antaine cóip d’fhoclóir Gaeilge chun an Chonallaigh, foclóir a bhí curtha le chéile ag uncail d’Antaine, Peadar Ó Conaill –– cara d’Eoghan Ó Comhraidhe –– dúirt an Conallach le hAntaine gur amadán ba ea Peadar, agus go raibh a shaol curtha i vaighid ag Peadar le hobair an fhoclóra. Leis na céadta bliain, tá béas tugtha ag Gaeil Éireann dóibh féin, leagan amháin dá gcuid tuairimí a thabhairt dá gcuid cairde, agus a mhalairt de leagan a thabhairt dá gcuid naimhde. Ar a shon sin is uile, tá gach uile chuma ar an scéal gur meon sciotsóideach go maith den Ghaeilge a bhí ag an gConallach –– ní hé galar aon duine amháin é sin. Formhór na ndaoine a raibh vóta acu aimsir an Chonallaigh, bhí Béarla acu, agus na dromanna dubha curtha leis an nGaeilge acu. Áitíonn Denis Gwynn gur Gaeilge a labhair an Conallach le hollchruinniú dár eagraíódh i dTrá Lí. Tugann Máirtín Ó Cadhain a thuairim i bhfoilseachán leis féin, gur bhaile an–Phoblachtach ba ea Trá Lí lena linn féin, ach gur baile é a bhí go mór i gcoinne na Gaeilge.
Níl aon dealramh le Pointe 9 ag Cathal Mac Coille –– gurbh é an Conallach, más go neamhdhíreach féin é, faoi deara bua TÁ i Reifreann an Cholscartha in 1995; ná bua TÁ sa Reifreann um Chomhionannas Pósta in 2015; ná bua TÁ sa Reifreann um Aisghairm Airteagal 8 den Bhunreacht. Ba iad na vótaí i Reifreann 1995: TÁ 50.28%, NÍL 49.72%. Níor vótáil ach 62.15% de na vótálaithe cláraithe. Timpeall le 37% de na vótálaithe cláraithe a vótáil TÁ sa Reifreann um Chomhionannas Pósta in 2015. Timpeall le 43% de na vótálaithe cláraithe a vótáil TÁ sa Reifreann um Aisghairm Airteagal 8. Sa tslí duit gur neamh–mheabhair siar ó thuaidh is ea a áitiú gur ‘ollbhua’ a rugadh i Reifreann 2015, ná i Reifreann 2018. 11 leanbh a saolaíodh do bhean Dhónaill Uí Chonaill, ach níor mhair ach seachtar acu go dtí go raibh siad lánfhásta. Ní córas daonlathach Reifrinn atá sa Phoblacht againn, ach córas olagarcach. Pé rud a chruthaíonn an méid leanaí a bhí ag bean an Chonallaigh, ní chruthaíonn sé gur ar son an cholscartha a bheadh an Conallach; ná ar son na frithghiniúna, ná an ghinmhillte.