Deich ndea-scéal a thug cúis áthais nó sóláis dúinn le bliain anuas…

Gabh mo leithscéal, a léitheoir dhil, ach níl sa cholún seo ach dea-scéalta 2021…

Deich ndea-scéal a thug cúis áthais nó sóláis dúinn le bliain anuas…

Ní luafar ábhar áirithe sa cholún seo in aon chor. Ábhar a bhfuil ár bhformhór tinn tuirseach de faoin am seo. Ábhar a ndéantar gach dícheall é a sheachaint. Nó a dtugtar neamhaird air de ghnáth go dtí go mbaineann duine éigin an mhaith as ár neamhaird agus a leithéid seo á rá: “Ó nach iontach an rud é nach bhfuilimid ag caint arís ar…”

Níl gá le críoch a chur leis an abairt. Go háirithe agus geallúint tugtha gur dea-scéalta amháin a bheas faoi chaibidil i gcolún na seachtaine seo. Seo a leanas mar sin, deich ndea-scéal a thug cúis áthais nó sóláis dúinn le bliain anuas.

1. Lag-Bhreatimeacht

Ní léir fós lán-éifeacht scaradh na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach ar Éirinn ach is é bun agus barr an scéil nach raibh a thionchar abhus chomh dona agus a síleadh a bheadh sé bliain ó shin. Dá dhonacht tionchar an Bhreatimeachta, go háirithe i dTuaisceart Éireann, níor tugadh buille chomh mór don gheilleagar agus a bhí á thuar roimh ré. Tugadh faoiseamh eile d’easportálaithe ón bPoblacht nuair a chuir an Bhreatain moill ar sheiceáil earraí as Éirinn a bhí beartaithe a chur i bhfeidhm ón gcéad lá de 2022.

2. Tacaíocht Eorpach  

Sheas an tAontas Eorpach gualainn ar ghualainn le hÉirinn i rith na bliana (mo leithscéal: meascadh meafar mínáireach romhat) agus droim láimhe á tabhairt do tharraingt na gcos i Londain maidir le comhlíonadh Phrótacal Thuaisceart Éireann. Tháinig tacaíocht shuntasach airgeadais don Phoblacht ón AE nuair a fógraíodh go dtabharfaí an deontas is mó (920 milliún) ón gciste Breatimeachta d’Éirinn.

3. Trump as oifig

Níl Joe Biden gan locht ach thug a theacht in oifig mar uachtarán ar na Stáit Aontaithe faoiseamh agus cúis dóchais in éineacht do mhórán. Tá ceannaire sa Teach Bán ó mhí Eanáir a insíonn an fhírinne de ghnáth, nach maslaíonn daoine nach n-aontaíonn leis agus a thuigeann an baol a bhaineann le hathrú aeráide. Feabhas nach beag.

4 Gaiscí Oilimpeacha

Tháinig foireann na hÉireann abhaile ón tSeapáin le níos mó bonn ná mar a bhuaigh lúthchleasaithe na hÉireann ó 1932. Thug gaiscí na ndornálaithe Kellie Harrington (ór) agus Aidan Walsh (cré-umha), na rámhaithe Fintan McCarthy agus Paul O’Donovan (ór), agus na rámhaithe Aifric Keogh, Eimear Lambe, Fiona Murtagh agus Emily Hegarty (cré-umha) cúis cheiliúrtha agus áthais dúinn uilig.

5. Breis airgid

Ainneoin gach deacracht a chuir as don gheilleagar le bliain, má chuirtear gach rud san áireamh tá cuma réasúnta folláin ar an státchiste. I mí na Samhna mar shampla, bhí teacht isteach an rialtais ó cháin chorparáideach (4bn) 31% níos mó ná mar a bhí sa mhí chéanna anuraidh. Bhí an teacht isteach ó cháin bhreisluacha (VAT) 25% níos mó. Ní dheimhníonn méadú ar ioncam an rialtais rud ar bith, ach is fearr ann ná as é.

6. Máthair-Aire

Sheas Helen McEntee i leataobh, gan éirí as a post go foirmiúil mar Aire Dlí agus Cirt go gairid sular rugadh a mac ar an 29 Aibreán. Ba lá stairiúil é – is í an tAire an chéad bhean ar saolaíodh páiste di fad a bhí sí sa rialtas. D’fhill sí ar a post i mí na Samhna nuair a chuir a fear céile Paul tús le saoire atharthachta.

7. Acht Teanga leasaithe

Ritheadh reachtaíocht nua ina ngealltar go gcuirfear tuilleadh seirbhísí stáit trí Ghaeilge ar fáil, go háirithe sa Ghaeltacht. Neosfaidh an aimsir cé mar a chomhlíonfar an gheallúint reachtúil, ach is céim chun cinn an dlí nua.

8. Laochra leighis

Ainneoin an bhrú as cuimse a chuir Covid-19 ar an tseirbhís sláinte ar feadh na bliana agus go háirithe le linn mhór-rabharta Eanáir-Feabhra, chuir oibrithe sláinte na tíre cóir leighis ar gach duine a tholg an galar. Éacht a thuilleann moladh agus buíochas uainn go léir, chomh maith le tréan-iarracht gan brú mar an gcéanna a chur orthu arís.

9. Scoileanna ar oscailt

Cuireadh gnáthshaol na tíre chomh mór as a riocht i gcaitheamh na bliana, agus arís agus 2021 ag teannadh lena críoch, gur deacair uaireanta cuimhneamh ar an bhfaoiseamh a thug cealú na mór-dianghlasála san earrach do chách. Thug athoscailt na scoileanna i mí Aibreáin misneach agus faoiseamh don aos óg, dá dtuismitheoirí agus don tír ar fad.

10. Dubs gan Sam

Thug peileadóirí Mhaigh Eo cúis áthais as cuimse do 31 contae nuair a bhuaigh siad ar Bhaile Átha Cliath i gcluiche leathcheannais chraobh na hÉireann i mí Lúnasa. Ní gá a rá céard a tharla ina dhiaidh sin. Is leor buíochas a ghabháil leis an bhfoireann a fuair an ceann is fearr ar na Dubs – imreoirí den scoth a choinnigh Sam sa phríomhchathair gach bliain ó 2015 go 2020. Tá údar misnigh tugtha ag Maigh Eo do gach foireann eile sa tír, iad féin san áireamh.

Fág freagra ar 'Deich ndea-scéal a thug cúis áthais nó sóláis dúinn le bliain anuas…'