Deich n-ábhar machnaimh do gach vótóir…

Beidh rogha mhór le déanamh againn go léir i gceann trí seachtaine. B’fhiú do gach vótóir sa stát machnamh dhéanamh ar ábhair a mbeidh tionchar nach beag acu ar thoradh an olltoghcháin…

Deich n-ábhar machnaimh do gach vótóir…

Pictiúr: Rollingnews.ie

1. Vóta?

Deimhnigh go bhfuil vóta agat. Mura bhfuil d’ainm cláraithe agus le feiceáil ar checktheregister, íoslódáil agus líon isteach an fhoirm atá ar fáil ar an láithreán.  Beidh tú i dteideal vótáil san olltoghchán má bhíonn d’fhoirm iarratais leis na sonraí riachtanacha ag údarás áitiúil an cheantair ina bhfuil cónaí ort roimh a cúig a chlog ar an 22 Eanáir.

2. Úsáid do vóta!

Níor vótáil ach beirt as gach triúr daoine fásta sa stát (65.1%) san olltoghchán in 2016. Tugann córas vótála na hÉireann (ionadaíocht chionmhar nó PR) deis bhreá don phobal vótáil i bhfabhar nó in aghaidh iarrthóirí toghcháin – is fiú leas a bhaint as. 

3. Lucht ceannais lag

Tá tacaíocht Fhine Gael agus Fhianna Fáil ag dul i laghad le tamall. Shroich an meath pointe stairiúil in 2016 nuair nár thug ach 49.8% vóta céad rogha dóibh (25.5% do FG agus 24.3% do FF).

Toghfar Taoiseach ó Fhine Gael nó ó Fhianna Fáil arís tar éis an olltoghcháin, ach tá sé ionann agus cinnte go mbeidh tionchar mór sa Dáil nua ag páirtithe eile agus ag neamhspleáigh, mar a bhí sa Dáil deireanach. 

4. Rogha dhoiléir

Níl rogha comhrialtais á tairiscint san olltoghchán, rud a fhágann nach mbeidh ach smacht indíreach ag an bpobal ar an gcineál rialtais a bhunófar ina dhiaidh, agus ar na polasaithe a chuirfidh an rialtas sin i bhfeidhm. Beidh comhlíonadh na ngealltanas a thabharfaidh gach páirtí roimh an olltoghchán ag brath go hiomlán ar thoradh na gcainteanna idirpháirtí a thosóidh ina dhiaidh.

5. Creid é nó ná creid

Níl seans dá laghad ann go mbeidh Fine Gael (47 Teachta Dála sa Dáil dheireanach) ná Fianna Fáil (46 Teachta Dála) fiú i ngiorracht de mhóramh (81 suíochán) sa chéad Dáil eile. Ní cóir mar sin ró-aird a thabhairt ar gach dearbhú agus séanadh a chloisfear uathu idir seo agus an 8 Feabhra – go háirithe maidir le Sinn Féin. Murar féidir comhrialtas a bhunú gan margadh a dhéanamh le Sinn Féin, is dóichí ná a mhalairt go ndéanfar é.

6. Ceist Shinn Féin

Ó cuireadh Feidhmeannas Stormont ar bun arís, is deacra ná riamh d’Fhine Gael agus d’Fhianna Fáil freagra inchreidte a thabhairt ar cheisteanna faoi rannpháirtíocht Shinn Féin i gcomhrialtas i mBaile Átha Cliath. Cé mar is féidir cosc ar an bpáirtí sin a chosaint, tharla go bhfuil siad i mbun rialtais arís i mBéal Feirste – mar a bhí Fine Gael agus Fianna Fáil ag moladh dóibh a dhéanamh le fada?

7. Tithíocht agus sláinte

Gan amhras tá cúrsaí tithíochta agus deacrachtaí sa tseirbhís sláinte ag cur imní ar go leor daoine, agus míshásamh leis an rialtas i measc an phobail ag dul i dtreise dá bharr. Sin ráite, ní gan stró a chuirfidh páirtithe an fhreasúra ina luí ar an bpobal go mbeidís níos éifeachtaí ná an rialtas dá  mbeidís i gceannas tar éis an olltoghcháin.

8. An Breatimeacht

Is léir cheana féin go bhfuil béim á cur ag Fine Gael ar an tslí inar láimhseáil Leo Varadkar, Simon Coveney agus Helen McEntee na cainteanna faoin mBreatimeacht. Tá moladh tuillte gan dabht ag an triúr, ach ní hionann moladh agus vótaí. Bhí (agus tá) contúirt an Bhreatimeachta chomh soiléir do chách go mbeifí ag súil le díograis agus le dúthracht ónár bpolaiteoirí, is cuma cé a bheadh i mbun rialtais. 

9. Buíochas, an ea?

Tá an geilleagar ag neartú i gcónaí, agus srian á choimeád ar chaiteachas rialtais ag an aire airgeadais Paschal Donohoe. Ach ní ghabhann vótóirí buíochas le rialtais de ghnáth. Is tábhachtaí muinín ná meas, fiú mura mbíonn cúis réasúnta ann le muinín a bheith ag an bpobal (cuimhnigh ar bhua Fhianna Fáil in 2007 agus Bertie Ahern ina Thaoiseach). Dúshlán mór d’Fhianna Fáil: an bhfuil sé ar a gcumas a chur ina luí ar an bpobal go mbeadh stiúradh an gheilleagair agus an státchiste chomh sábháilte dá mbeidís i gceannas? 

10. Roghanna móra

Tá fadhbanna móra le réiteach sa tír ó thaobh cúrsaí tithíochta agus sláinte de, agus maidir le hathrú aeráide agus gach a mbaineann leis. Tá sé d’ádh ar an nglúin seo gur acmhainn dúinn dul i ngleic leo, má théimid i mbun oibre go stuama. Ní theastaíonn ach roghanna stuama fadtéarmacha, seachas bréagroghanna seafóideacha – an t-ábhar cainte is tábhachtaí a phléifear as seo go ceann trí seachtaine, agus an rogha is tábhachtaí a dhéanfar ar an 8 Feabhra.

Fág freagra ar 'Deich n-ábhar machnaimh do gach vótóir…'