Deich mbliana is an lá inniu a seoladh Tuairisc.ie

Dúirt eagarthóir Tuairisc gur léiriú an rath a bhí ar an tseirbhís ar dhíograis na meithle a chinntigh gur foilsíodh ábhar ar ardchaighdeán ar an suíomh gach lá gan teip le breis is 3,650 lá

Deich mbliana is an lá inniu a seoladh Tuairisc.ie

Cothrom an lae seo deich mbliana ó shin, ar an 9 Deireadh Fómhair 2014, a seoladh Tuairisc.ie, an tseirbhís nuachta ar líne do phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear.

Ó shin i leith thug 2.69 milliún úsáideoir 8.7 milliún cuairt ar an suíomh agus d’amharc na daoine sin ar 19.9 milliún leathanach.

Beagnach 28,000 mír agus alt, le hos cionn 400 údar éagsúil, a foilsíodh ar Tuairisc le deich mbliana anuas.

Dúirt eagarthóir na seirbhíse, Seán Tadhg Ó Gairbhí, gur léiriú an rath a bhí ar Tuairisc ar chumas agus ar dhíograis na meithle a chinntíonn go bhfoilsítear ábhar ar ardchaighdeán ar an suíomh gach lá, idir shaoririseoirí agus foireann bhuan bheag na seirbhíse.

“Tá Tuairisc curtha ar fáil againn gach lá gan teip le breis 3,650 lá agus is údar mór mórtais an méid sin dúinn ach is é an t-údar misnigh is mó againn ná an oiread sin daoine a deir linn go bhfuil an tseirbhís mar chuid lárnach dá saol agus nach mbeadh an mhaidin ná an lá mar a chéile acu dá huireasa,” a dúirt Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Dúirt Ó Gairbhí go raibh seirbhís nuachta níos rialta agus níos rathúla á cur ar fáil ag Tuairisc ná mar a bhíodh ar fáil sular tháinig ann di agus gur seirbhís i bhfad níos cuimsithí a bhí inti ná mar a taibhsíodh nuair a bhí maoiniú á shocrú di breis is deich mbliana ó shin.

“Seirbhís ilmheáin atá againn agus forbairt mhór á déanamh faoi láthair againn, mar shampla, ar na tuairiscí agus scéalta físe a bhíonn againn. Ach tá sin á dhéanamh le fíorbheagán acmhainní agus sinn i dtaobh le níos lú ná 0.5% den mhaoiniú bliantúil a bhíonn ag craoltóirí na Gaeilge.

“Is léir gur seirbhís nuachta ilmheáin ar líne amhail Tuairisc an múnla atá á fhorbairt ag na meáin ar fud an domhain, ach is gá maoiniú ceart a chur ar fáil chun go bhféadfadh an tseirbhís leanúint uirthi ag fás agus ag forbairt. Ní raibh dóthain maoinithe riamh ag an nuachtán Gaeilge ach an leibhéal íseal maoinithe atá ag Tuairisc níl sé oiriúnach ina aon chor don ré nuachta ina mairimid.”

 

Dúirt eagarthóir Tuairisc go raibh súil aige go bhféachfadh an t-athbhreithniú cuimsitheach atá á dhéanamh ag Coimisiún na Meán ar na meáin Ghaeilge ar leigheas a fháil ar an éagothroime ó thaobh acmhainní agus maoinithe atá “ina bac roimh fhorbairt na hiriseoireachta Gaeilge”.

Dúirt Ó Gairbhí go raibh iarracht ar leith déanta ag an tseirbhís le deich mbliana anuas imscrúdú agus tuairisciú a dhéanamh ar gach gné de chás na Gaeilge agus na Gaeltachta, de pholasaí teanga agus Gaeltachta an Stáit agus de shaol phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Chuireamar romhainn deich mbliana ó shin leas na teanga agus an phobail a dhéanamh trí thuairisciú agus anailís oibiachtúil mhacánta a dhéanamh ar chás na teanga agus na Gaeltachta, seachas a bheith ag seachaint na fírinne ar mhaithe le meon dearfach gan bhunús a chothú. Tá súil agam gur éirigh linn sin a dhéanamh.”

Dúirt Ó Gairbhí go raibh “an-chreidiúint” ag dul d’Fhoras na Gaeilge as an gcinneadh a ghlacadh deich mbliana ó shin nuachtán ar líne a fhorbairt agus as tacú leis an múnla a leag Tuairisc.ie síos. Ach dúirt sé go raibh “síorfhorbairt agus síorinfheistíocht” ag teastáil ón tseirbhís nuachta, go háirithe chun coimeád gob ar ghob leis na hathruithe sa teicneolaíocht agus sna múnlaí iriseoireachta san earnáil.

“‘Focal, fís agus fuaim’ an cur chuige ba mhaith agus ba chóir a bheith againn ar Tuairisc i gcónaí, ach tá forbairt na gné ilmheán den suíomh ag brath go mór ar acmhainní breise.

“Ó thaobh na hiriseoireachta scríofa i nGaeilge, tá, b’fhéidir, cúigear sa tír go léir a bhfuil beatha á saothrú́ acu aisti. Caithfear rud éigin a dhéanamh faoi sin.

“€500,000 sa bhliain an ciste d’iriseoireacht scríofa na Gaeilge ó 2014 i leith. Breis is €800,000 sa bhliain a bhíodh ann roimhe sin.

“Breis is €70 milliún atá ag craoltóirí na Gaeilge agus nílimid ina dhiaidh orthu – is maith ann iad – ach is léir go bhfuil rud éigin bunoscionn leis an maoiniú atá ar fáil don nuachtán Gaeilge ar líne.”

Fág freagra ar 'Deich mbliana is an lá inniu a seoladh Tuairisc.ie'

  • Daithí Ó Féich

    Lá breithe shona duit. Mar athfhoghlaimeoirí is achmhainn iontach chun mo stórfhocal a méadú. Grmma.

  • Eoghan Ó Néill

    Gura maith agaibh as nuacht a chur ar fáil gach maidin dúinn

  • Gabhánach de Nógla

    Breithlá sona duit!

  • Fiontán

    Treise libh. Munach sibh, bheadh muid níos
    aineolaí ar choiliniú na Gaeilge ag lucht na riartha! Tá pobal na Gaeilge buíoch!

  • Pádraic

    Gura fada buan sibh!

  • JP

    Caighdeán an-ard ar gach aon bhealach á choimeád agaibh.
    Go maire sibh an céad.

  • Norita Ní Chartúir

    Go maire sibh agus tá obair iontach déanta ag Seán T. agus a fhoireann. Éacht.