‘Dearmad’ déanta ar phobal na Gaeilge agus baile Gaeltachta ag fanacht trí bliana ar sháirsint nua

Ag labhairt dó sa Dáil inniu, phléigh an Teachta Dála Aindrias Ó Muimhneacháin cúrsaí i mBaile Bhuirne agus teipthe ar na Gardaí folúntas do sháirsint nua a líonadh le trí bliana

‘Dearmad’ déanta ar phobal na Gaeilge agus baile Gaeltachta ag fanacht trí bliana ar sháirsint nua

Deir Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go bhfuil pobail Ghaeltachta á bhfágáil ar gcúl ag an nGarda Síochána agus baile amháin ag fanacht breis is trí bliana chun folúntas do Sháirsint a líonadh.

Ag labhairt sa Dáil inniu, phléigh an Teachta Dála Aindrias Ó Muimhneacháin an scéal i mBaile Bhuirne i gContae Chorcaí agus é teipthe ar na Gardaí folúntas do sháirsint nua don bhaile sin a líonadh.

“Tá an folúntas seo ann ó d’éirigh an Sáirsint deiridh as a phost in 2019,” a deir Ó Muimhneacháin. “Bhí réamheolas ag an am sin ag na Gardaí toisc go raibh an Sáirsint ag druidim le haois faoi leith agus go mbeadh air éirí as.”

Dúirt Ó Muineacháin gur cuireadh painéal le chéile an geimhreadh seo caite chun daoine a ainmniú mar Sháirsintí.

“Is amhlaidh, fiú, gur tosaíodh le ceapacháin in áiteanna eile le linn an earraigh,” ar sé. “Dar ndóigh ní raibh éinne ceaptha i mBaile Bhuirne agus is stáisiúin bheaga atá i mBaile Bhuirne agus i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Nuair atá duine amháin tógtha as an áireamh ansin, cuireann sé níos mó brú ar an bhfoireann. Ní bhíonn Gardaí ar fáil chun freastal ar an bpobal nuair atá duine as triúr in easnamh.”

Measann Ó Muimhneacháin, gur leiriú é seo chomh maith ar an dearcadh atá ag údaráis an Gharda Síochána i leith na Gaeltachta.

“Sé an deacracht is mó ná go bhfuil na ceapacháin ullamh le scaoileadh ach, arís agus arís eile, feicimid go bhfuil áiteanna eile á gcur chun tosaigh agus go bhfuil muintir na Gaeltachta á bhfágáil gan freastal,” ar sé.

Dúirt an Teachta Ó Muimhneacháin go raibh ceapacháin déanta i stáisiúin eile ón earrach “in ainneoin go ndeir Coimisinéir na nGardaí linn go bhfuil muintir na Gaolainne tábhachtach” tá an folúntas fós ann.

“Is mithid do na Gardaí brú ar aghaidh agus beart a dhéanamh de réir a mbriathar. Is mithid do na Gardaí faoin tráth seo Sáirsint nua a ainmniú i gcomhair Baile Bhuirne agus brú ar aghaidh leis,” ar sé.

Dúirt Ó Muimhneacháin go bhfuil roinnt mhaith plé déanta ag an gCoiste Póilíneachta (JPC) mar gheall ar fholúntas Bhaile Bhuirne leis na blianta agus luaigh sé tuarascáil de chuid an Choimisinéara Teanga a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoin dlí a bheith á shárú ag an nGarda Síochána maidir le Gardaí sa Ghaeltacht nach bhfuil Gaeilge acu.

Fuarthas réidh anuraidh le riachtanas Gaeilge a bhíodh ann do sháirsintí agus cigirí ach dúirt Ó Muimhneacháin go bhfuil sé aitheanta gur Gaeilgeoir a bheadh sa té a cheapfar i mBaile Bhuirne.

Nuair a lorg an Teachta Ó Muineacháin soiléiriú maidir le cén uair a cheapfaí sáirsint nua i mBaile Bhuirne, dúirt an tAire Stáit Frank Feighan nach raibh aon bhaint ag an Rialtas le ceapacháin sa Gharda Síochána ach ghéill sé gur cosúil gur ‘thréimhse fhada go leor é 2 nó 3 bliana le fanacht ar cheapachán.’

Dúirt Feighan go bpléifeadh sé an cheist leis an Aire ach go raibh An Garda Síochána “tiomanta” don Ghaeilge.

Agus é ag labhairt ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna, dúirt an Teachta Ó Muineacháin nach raibh sé sásta leis an bhfreagra a fuair sé agus nár thuig sé an mhoill a bhí ar an scéal agus “an obair uile déanta” ó thaobh duine a cheapadh. Thug sé le fios go raibh an cheist le plé aige le Coimisinéir an Gharda Síochána freisin.

Fág freagra ar '‘Dearmad’ déanta ar phobal na Gaeilge agus baile Gaeltachta ag fanacht trí bliana ar sháirsint nua'

  • JP

    Ríméad ar lucht déanta poitín nach bhfuil!