Tá ráite ag urlabhraí sláinte Fhianna Fáil Stephen Donnelly go ndéileálfar “in am trátha” le ceist na Gaeilge ar an rabhadh sláinte atá beartaithe do dheochanna meisciúla.
Tá easaontas i bhFianna Fáil mar gheall ar chur chuige an pháirtí i leith leasú reachtaíochta nua a d’fhágfadh go mbeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla.
Thug urlabhraí sláinte Fhianna Fáil le fios an tseachtain seo go ligfeadh an páirtí don rabhadh sláinte a bheith i mBéarla amháin ar dheochanna meisciúla agus go dtarraingeodh sé siar an leasú faoin nGaeilge sa chás go mbeadh sé ina bhac ar rith an Bhille Sláinte Poiblí nua.
Ach dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív nach baol ar bith don reachtaíocht an leasú faoin nGaeilge agus go raibh sé i gceist aige labhairt le Stephen Donnelly faoin scéal.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, thug Donnelly le fios nach raibh aon cheist ann ach go dtarraingeodh sé siar an leasú, a mhol sé féin, dá mbeadh an baol ann go gcuirfeadh sé moill ar an reachtaíocht nua.
“Creidimid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na treoirlínte a bheidh riachtanach faoin mBille Sláinte Poiblí (Alcól) ar taispeáint i nGaeilge agus i mBéarla agus is chuige sin an leasú atá molta againn. Chuir mé in iúl go soiléir go dtarraingeoimis siar ár leasú sa chás go mbeadh sé ina bhac ar rith an Bhille.
“Is é an rud is práinní anois an Bille seo a rith mar go mbeidh an-tionchar aige ar shláinte an phobail. Ar ndóigh, caithfear freastal ar an nGaeilge in am trátha agus beimid ag obair chun é sin a dhéanamh,” a dúirt Stephen Donnelly le Tuairisc.ie.
Dúirt urlabhraí sláinte Shinn Féin Louise O’Reilly níos túisce an tseachtain seo gur “smaoineamh maith” a bhí ann go mbeadh an rabhadh sláinte ar dheochanna meisciúla i nGaeilge agus gur chóir an scéal a réiteach ar bhealach nach gcuirfeadh moill ar an reachtaíocht nua.
“Is iontach an rud é más amhlaidh go bhfuil grá nua anois acu [Fianna Fáil] don Ghaeilge,” a dúirt Louise O’Reilly agus í ag tagairt don leasú a mhol Stephen Donnelly.
Ag tagairt dó don ráiteas sin, dúirt Donnelly gur “thug Fianna Fáil tacaíocht riamh don Ghaeilge”.
“Is muid a thug isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a chuir bonn reachtúil, den chéad uair riamh, faoi na cearta teanga atá sa Bhunreacht,” arsa urlabhraí sláinte Fhianna Fáil.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie go raibh “an ceart” ag Stephen Donnelly an leasú a mholadh agus “gur chóir dó cloí leis anois”.
Dúirt Donnelly gur phléigh sé leis an Aire Sláinte Simon Harris nithe a d’fhéadfadh moill a chur leis an mbille agus thug sé le fios gur luadh sa phlé sin an leasú a d’fhágfadh go mbeadh rabhadh sláinte dátheangach ar dheochanna meisciúla.
“Má léirítear agus tuilleadh plé á dhéanamh faoi seo sa Dáil leis [an tAire Sláinte] gurbh amhlaidh go bhfuil baol dáiríre ann d’fheidhmiú an Bhille, tarraingeoidh mé siar an leasú,” a dúirt urlabhraí sláinte Fhianna Fáil.
Ní cosúil go bhfuil aon treoir tugtha ag an Aontas Eorpach faoi cheist na teanga agus na ndeochanna meisciúla. D’fhágfadh sin gur cheist bhunreachtúil don tír seo amháin a bheadh ann cén teanga nó cé na teangacha a d’úsáidfí don rabhadh sláinte.
I gcás an rabhadh sláinte ar bhosca toitíní, ghéill an rialtas do dhúshlán dlí a tugadh toisc nach raibh an rabhadh sin dátheangach. De réir rialacha na hEorpa, chaithfeadh an rabhadh sláinte ar bhoscaí tobac a bheith i ngach teanga oifigiúil de chuid na tíre ina raibh an rabhadh á thabhairt.
Bhí an riail chéanna ann i gcás eile a bhain le pacáistiú agus lipéid earraí leighis, ach in 2008 d’éirigh le rialtas na tíre seo tabhairt ar an Aontas Eorpach an treoir sin a athrú ionas nach mbeadh gá eolas faoi na hearraí sin a thabhairt ach ‘i dteanga oifigiúil amháin’. Dá bharr sin, is i mBéarla amháin a bhíonn an t-eolas ar phacáistiú agus lipéid earraí leighis sa tír seo.
I mí Iúil na bliana seo, éisteadh cás san Ard-Chúirt faoi gan ach Béarla amháin a bheith á úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.
Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar na táirgí sin sa tír seo.
Faoi réir na treorach áirithe sin, a d’eisigh an tAontas Eorpach in 2001, caithfear sonraí a bhaineann le táirgí leighis ainmhithe a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na mballstát ina mbíonn na táirgí á ndíol.
De réir na dréachtreachtaíochta nua chuirfí rabhadh ar aon phacáistiú nó fógraíocht a bhaineann le deochanna meisciúla. Thabharfaí le fios sa rabhadh sláinte sin go bhfuil nasc idir alcól agus ailsí marfacha. Dá dtabharfaí an reachtaíocht nua isteach, bheadh Éire ar an gcéad tír ar domhan ina mbeadh a leithéid de rabhadh sláinte i bhfeidhm inti.
Conor Chawke
Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach na rabhaidh a chur ar fáil as Béarla is as Gaeilge toisc gur teangacha oifigiúla Éirinn agus an Aontas Eorpach iad an dá teanga. Tuigim gur cheist practiciúil í an Rialtas; tá air an Bille a chur i bhfeidhm go héifeactach, ach é sin ráite, is teanga oifigiúil an Ghaeilge chomh maith. Dar leis an Bunreacht, is tír dhátheangach í Éire agus ba cheart go mbéadh lipéid agus deochanna meisciúla ar faíl as Béarla is as Gaeilge.
Lillis Ó Laoire
Seo an seanchleas arís – cuir an milleán ar an nGaeilge agus cuir in iúl gur geilt iad an dream a éilíonn a leithéid. Déan neamhshuim de Bhunreacht na Tíre agus de chearta na saoránach: “Na cancráin úd, ná beag atá ag cur as dóibh!”