De ghnáth is tábhachtaí dílseacht ná díospóireacht in Éirinn

Beidh deis ag Scoil Samhraidh Desmond Greaves plé domhain a dhéanamh ar chomhthéacs stairiúil an Bhreatimeachta

De ghnáth is tábhachtaí dílseacht ná díospóireacht in Éirinn

Desmond Greaves

Is ar éigean na laethanta seo gur féidir éalú ón mBreatimeacht agus an tionchar a bheidh aige ar Éirinn agus muid ag dul i dtreo an lá mhóir féin. Táimid fós ag diúltú aon chaint dhíreach a dhéanamh le Sasana, in ainneoin nach bhfuil a fhios ag éinne céard iad na socruithe nó na sonraí a bheidh riachtanach le trádáil a dhéanamh leis ó mhí na Samhna ar aghaidh.

Cinnte tá an stát seo dílis don Aontas Eorpach, ach an gciallaíonn sin nach féidir linn riamh labhairt ar ár son féin?

Agus an gciallaíonn sé go bhfuil deireadh curtha leis an stair, sa gcaoi nach gá dúinn cás na hEorpa is an Breatimeacht a chur i gcomhthéacs na n-eachtraí móra eile i stair na tíre?

Mar a tharlaíonn, an deireadh seachtaine beag seo, ón Aoine go dtí an Domhnach, beidh na hábhair sin á bplé ag Scoil Samhraidh Desmond Greaves, a bheidh á reáchtáil in Institiúid na hÉireann, 27 Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath, an teach inar tógadh na Piarsaigh. Staraí cáiliúil ab ea Desmond Greaves, a scríobh beathaisnéis Shéamuis Uí Chonghaile agus a rinne anailís ar ról Liam Uí Mhaoilíosa sa réabhlóid idir 1916 agus 1921.

Bhí ról faoi leith aige féin i mbunú Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta ó thuaidh, mar chreid sé dá mbeadh comhionannas cearta is stádais ag an dá phobal nach mbeadh aon bhunús ciallmhar leis an iarracht a bhí ar bun an forlámhas Aontachtach a chosaint.

Ón tús leis bhí Greaves criticiúil faoin Aontas Eorpach, ag rá gur iarracht a bhí ann daonlathas an stáit náisiúnta a lagú chun leas an rachmais thrasnáisiúnta a chur chun cinn. D’uireasa stát náisiúnta, a dúirt sé, ní bheadh aon srian ar shaint an rachmais ar fud an domhain.

Cuirfear tús leis an scoil Dé hAoine le plé faoin mBreatimeacht, Éirinn agus an tAE. Is iad an ceardchumannaí Sasanach Will Podmore agus an léachtóir i gcúrsaí na hEorpa, an Dr Karen Devine, na cainteoirí agus is é an t-iarthaidhleoir de chuid na hÉireann, Ray Bassett a bheidh ina chathaoirleach.

Ar an Satharn beidh dhá sheisiún ann agus iarracht á déanamh dátaí tábhachtacha i stair na hÉireann a mheas trí shúile an lae inniu. An mhaidin sin pléifidh na staraithe Dónal Fallon agus Ruán O’Donnell, tábhacht 1919: bliain chinniúnach i stair an domhain agus na hÉireann. Sa gcathaoir beidh an cartlannaí Caitríona Crowe.

An tráthnóna sin, díreofar aird ar 1969, an ghéarchéim ó thuaidh agus an t-athchruthú ar pholaitíocht na tíre ar fad. Beidh an tráchtaire Owen Bennet agus mé féin ag labhairt faoi seo, agus an tsárdhílseacht don Aontas Eorpach atá chomh forleathan sin sa lá inniu. Louise O’Reilly, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, a bheas sa gcathaoir.

Cúrsaí aeráide a bheidh faoi chaibidil maidin dé Domhnaigh nuair a labhróidh Patricia McKenna, an t-iarfheisire Eorpach de chuid an Pháirtí Ghlais, agus an tOllamh John Sweeney as Ollscoil Mhá Nuad, agus beidh Michael Quinn, údar Irish-Soviet Relations, sa gcathaoir.

Ansin cuirfidh Clare Daly, feisire Eorpach, agus Niall Farrell, gníomhaí ar son na síochána, críoch leis an scoil le caint faoi mhíleatú an Aontais Eorpaigh i gcoinne neodracht na hÉireann.

Is é Joe Murray, comhstiúrthóir Afri, a bheas sa gcathaoir.

Ní minic a bhíonn fíordhíospóireacht againn in Éirinn faoi na nithe seo, mar is tábhachtaí dílseacht gan dúshlán ná machnamh criticiúil ar bith. Ach beidh raon tuairimí le clos ag an scoil seo, agus tá lucht a eagraithe ag súil gur féidir plé níos réasúnta a chothú ná an cáineadh dall a dhéantar ar éinne a cheistíonn an tAontas Eorpach.

Fiú má tá tú i bhfabhar bhallraíocht na hÉireann san Aontas is léir do dhuine réasúnta ar bith go bhfuil deacrachtaí móra ann – trádáil dhomhanda, cúrsaí airgeadra, míleatú, imirce, is eile, agus is léir go bhfuil roghanna le déanamh faoi thodhchaí an Aontais nó athchóiriú a dhéanamh air más féidir.

Más eiriceacht féin é a cheapadh nach bhfuil gach rud sa saol faoin Aontas ceart, tá muid ag tráth cinniúnach anois leis an mBreatimeacht.

Cad mar gheall ar ár ndílseacht don Aontas i gcomhthéacs na staire, agus i gcomhthéacs na gceisteanna móra faoin aeráid is faoin tsíocháin atá ag brú orainn ar fad?

Agus maidir le trádáil? Fiú más féidir athrú iomlán a dhéanamh ar fhócas ár gcuid trádála – rud a bhfuilim féin sách amhrasach faoi – tá an cheist fós ann, céard a dhéanfaidh lucht trádála an lá cinniúnach sin nuair a bheas an Bhreatain taobh amuigh den Aontas?

Níl a fhios ag lucht trádála is níl a fhios ag an rialtas, ach b’fhéidir go soiléireodh an scoil seo comhthéacs stairiúil na gceisteanna sin.

– Tuilleadh eolais anseo faoi Scoil Samhraidh Desmond Greaves

Fág freagra ar 'De ghnáth is tábhachtaí dílseacht ná díospóireacht in Éirinn'

  • Ceistín...

    An i mBéarla nó i nGaeilge, nó dátheangach, a bheidh an ócáid seo in Institiúid na hÉireann? An mbeidh córas ateangaireachta ann? Nó an ceisteanna saonta iad sin, tar éis céad bliain (beagnach) den Stát Éireannach?

  • Eoin O Murchu

    Mo léan, cosúil leis an gcuid is mó dena heachtraí polaitiúla in Éirinn inniu is i mBearla a beas sé.
    Ach deis mhaith ag lucht na Gaeilge tábhhacht na teangan a chur chun cinn i gcómhtheacs an phlé eile.

  • Ceistín...

    Níl dóigh níos fearr chun an Ghaeilge a chur chun cinn ná í a úsáid. Caint faoi dhílseacht – cá bhfuil an dílseacht don Ghaeilge? An seanghalar céanna, is cosúil – úsáidtear teanga shárfheidhmiúil an Bhéarla chun gnóthaí an tsaoil mhóir a phlé, agus bítear ag caint – i mBéarla – ar “thábhacht na Gaeilge”.