David Cameron nó Ed Miliband? Páirtithe Thuaisceart Éireann a cheapfaidh ‘an Rí’?

Cor as an gcoitiantacht a bheidh ann má bhíonn tionchur ag Tuairisc Éireann ar chomhdhéanamh rialtais i Londain i mí Bealtaine. Is cosúil, áfach, gur toghchán as an gcoitiantacht a bheidh ann

18/5/2011 David Cameron Visits Ireland

“D’fhéadfadh sinne an rí a cheapadh,” arsa Peter Robinson le comhdháil DUP ag deireadh na seachtaine. Príomh-Aire na Breataine a bhí i gceist, ar ndóigh, agus bhí ceannaire an DUP ag fógairt choinníollacha an pháirtí le haghaidh tacaíocht do David Cameron nó Ed Miliband. Is mó luí leis na Tóraithe a léiríonn an DUP ach níl an Lucht Oibre curtha as an áireamh acu.

Bráthairpháirtí leis an Lucht Oibre is ea an SDLP ach d’fhógair a gceannaire, Alasdair McDonnell nach bhféadfadh Ed Miliband talamh slán a dhéanamh dá dtacaíocht. Ní thabharfaidís tacaíocht do na Tóraithe in aon chor.

Go praicticiuil, níl ach an dá pháirtí sin ó Thuaisceart Éireann i gceist mar thaca le dream ar bith i rialtas mar ní ghlacann Sinn Féin lena suíocháin. Is é aidhm an DUP ná naoi suíochán a bheith acu i ndiaidh an toghcháin – oirthear Bhéal Feirste “ar ais” acu, móide na hocht gcinn a bhí acu. Tá sé roluath sa bhfeachtas  chun breithiunas a thabhairt. Tá an SDLP ag iarraidh a dtrí shuíochán a choinneáil agus dian-bhrú orthu i ndeisceart Bhéal Feirste.

Tá an rás tosaithe  go h-oifigiúil ó mhaidin Dé Luain d’olltoghchán Westminster ar an 7 Bealtaine agus  liosta de pháirtithe ag dréim le  tionchur a imirt i bparlaimint gan tromlach. Tá na Tóraithe agus an Lucht Oibre céim ar chéim, gan dóthain tacaíochta ag ceachtar chun rialtas aonphairtí a bhunadh,  dar leis na pobalbhreitheanna. 

Tá na seacht bpáirtithe sa Bhreatain Mhór  chun aghaidh a thabhairt ar a chéile i  “ndíospóireacht” ar theilifís oíche Déardaoin, más féidir díospóireacht a thabhairt ar a leithéid. Seans go mbeidh an t-am caite nuair a bhéas ráiteas amháin déanta ag ceannairí na dTóraithe, an Lucht Oibre, na Liobrálaigh Dhaonlathacha, Pairtí Naisiúnach na hAlban, UKIP, Plaid Cymru agus Comhaontas Glas.

Údar gearáin é ag an DUP nár cuireadh iadsan san áireamh don díospóireacht teilifíse sin ó b’iadsan an ceathrú páirtí ba mhó i Westminster, le hocht suíochán. Mheas saoithe na sráide gur mhór an gar é don DUP  mar dá bhfaigheadh lucht féachana sa Bhreatain Mhór amach cén sort polasaithe atá acu i leith ceisteanna  sóisialta/mórálta nach gcuirfidís suas leo mar thaca do rialtas!

Bíodh sin mar atá, muna dtarlaíonn athrú an-suntasach le linn an fheachtais d’fhéadfadh an uimhríocht a  bheith chomh corr sin ar an 8 Bealtaine go mbeadh seans ag gach páirtí a rian a fhágáil ar an scéal.

I bhfianaise chomh binibeach is atá leagan amach Londain i leith Náisiúnaithe na hAlban shílfeá go mbeadh seans ag gach éinne eile chun iadsan a choiméad amach. A leithéid d’fhimíneacht. Cé a dhéanfaidh dearmad ar na hachainí agus an fuar-chaoineachán a bhí ar siul ag na Tóraithe, an Lucht Oibre agus na Lib Dems ag áiteamh ar Albain fanacht sa Ríocht Aontaithe. Anois, nuair is cosúil go dtabharfaidh móramh de na vótóirí sin a dtacaíocht  do na Náisiúnaithe ní ceadmhach éisteacht leo.

Feileann an cur chuige sin do liosta éilimh an DUP – ‘neartú an Aontais, caomhnú an chultúir aontachtaí  agus an margadh is fearr a fháil do Thuaisceart Éireann’.

I measc na n-éileamh ar an liosta tá sainmhiniú nua ar íobartach a chuirfeadh paramíleataigh as an áireamh luaite ag Nigel Dodds, leas-cheannaire an DUP, agus tá £1.3 billiún do Stormont á lorg Ian Paisley Óg.

Cuid de ‘neartú an Aontais’ é Naisiúnaithe na h Alban a chur ó dhoras – dúirt Robinson nar cheart scarúnaithe a ligint i ngaobhar de riar na cumhachta. 

Ar an láimh, eile dúirt Alasdair McDonnell go mbeadh an SDLP, i gcomhar le Naisiúnaithe na hAlban agus Plaid Cymru ag dréim le rialtas de chuid Miliband a choinneáil dílis do luachanna an lucht oibre.

Tá an DUP ag maíomh gur b’iadsan an t-aon pháirtí as Tuaisceart Éireann a bheadh in acmhainn tionchar a imirt ar rialtas agus táid ag stocaireacht le haghaidh vótaí ar an mbonn sin. Sa choimhlint idir iad féin agus Sinn Féin leagann an SDLP  béim air gurb iadsan amháin a bheadh in ann tionchar a imirt i Westminster.

N’fheadar cén aird a thabharfadh lucht leanta Shinn Féin air sin ach tráth a bhfuil ceist na gciorraithe ar an gcóras leasa shóisialaigh fós gan réiteach, agus baol ann nach bhfuasclófar an tsáinn roimh an olltoghchán seans go bhfuil cairde sa gcúirt tábhachtach.

Fág freagra ar 'David Cameron nó Ed Miliband? Páirtithe Thuaisceart Éireann a cheapfaidh ‘an Rí’?'