David Burke – ceannaire den scoth agus eiseamláir dá chlub is contae

Thuill David Burke meas a chomhghleacaithe, eagla a chéilí comhraic, agus urraim gach duine a thuigeann luach na macántachta agus na hoibre crua

David Burke – ceannaire den scoth agus eiseamláir dá chlub is contae

Comhghairdeachas le Baile Átha an Rí, seaimpíní sinsir chraobh camógaíochta na hÉireann. Agus céard faoi Therese Maher Donoghue atá 28 bliain ag imirt leis na sinsir don chlub. Tá triúr paistí anois aici ach tá an clogad céanna i gcónaí uirthi agus í fós ina réalta.

D’imir Therese a céad chluiche sinsir le Gaillimh agus í 16 bliain d’aois. Inniu, agus í 44 bliain, is buaiteoir Chraobh na hÉireann í le Baile Átha an Rí. Bhí sí ina Laoch na hImeartha sa chéad chluiche ceannais, agus ba ise a scóráil cúilín an chomhscóir sa 59ú nóiméad sa chluiche athimeartha. Éacht eile d’imreoir speisialta.

Maidir leis na camáin agus na fir, bhuel, mar a deir an seanrá ‘tá an seó ar an mbóthar arís’. Tá cuid mhaith traenáil dhian déanta agus cúpla cluiche imeartha agus roinnt mhaith imreoirí óga ag iarraidh cur ina luí ar an lucht bainistíochta go bhfuil siad maith go leor don chaighdeán idirchontae in 2026. Ach d’fhág laoch amháin eile slán againn díreach roimh an Nollaig.

D’fhógair David Burke, captaen fhoireann shinsir iomána na Gaillimhe a bhuaigh craobh na hÉireann in 2017, go bhfuil sé ag éirí as an iománaíocht idirchontae. Tá deireadh curtha aige le ré fhada eisceachtúil agus 16 séasúr tugtha aige i ngeansaí marún agus bán na Gaillimhe, tréimhse seirbhíse a d’fhág lorg buan ar iománaíocht an chontae agus ar an gcluiche féin.

Cuimhneofar ar Burke, atá 35 bliain d’aois, ó Chumann Naomh Tomás, mar dhuine de na hiománaithe is mó ar raibh tionchar aige ar an gcluiche lena linn. Bhí Burke ina bhall den chéad fhoireann as Gaillimh a bhuaigh craobh Laighean in 2012, agus d’ardaigh sé Corn Bhob Uí Chaoimh in 2017 agus 2018, mar chaptaen ar an dá ócáid. Bhuaigh sé ceithre ghradam All-Star, in 2012, 2015, 2016 agus 2017, agus stiúir sé na Gaillimhigh chun teideal Roinn 1 sa tSraith Náisiúnta in 2017 freisin. Ba é buaicphointe na bliana sin, gan dabht, an cluiche ceannais in aghaidh Phort Láirge, nuair a roghnaíodh é mar Laoch na hImeartha i mbua a chuir deireadh le fanacht 29 bliain na Gaillimhe ar Chorn Liam Mhic Cárthaigh.

Ní insíonn na staitisticí sin an scéal iomlán, áfach. Ó tháinig sé ar ardán na sinsear, ba léir gur imreoir craoibhe a bhí i David Burke. Fear láidir, ard agus cumasach, rinne sé a áit féin de lár na páirce le hobair chrua, tuiscint den scoth ar an gcluiche agus díograis thar na bearta. B’imreoir é a bhféadfá brath air i gcónaí, i gcluiche beag nó i gcluiche mór.

Ag leibhéal an chlub le Naomh Tomás, bhí Burke i gcroílár ré órga an chumainn. Agus, dar ndóigh, ba bhuaicphointe é craobh na hÉireann in 2013. Arís, ba é Burke an fear a leag síos an caighdeán, agus bhí údarás agus misneach ag baint lena chuid imeartha nuair ba mhó an brú ó orthu.

Mar chaptaen na Gaillimhe in 2017, léirigh sé ceannaireacht den scoth. De réir tuairiscí, níor dhuine é a dhéanadh an-chuid cainte nó óráidí móra, ach rinne sé a chuid cainte ar pháirc na himeartha . Threoraigh sé daoine trí ghníomh seachas trí fhocail, agus sa chluiche ceannais in aghaidh Phort Láirge bhí a thionchar le feiceáil i ngach gné den imirt. Bhí sé láidir sa lár, cliste i mbun seilbh na liathróide agus dochloíte gan í. Chinntigh sé nár lig an Ghaillimh uathu in aon chor an smacht a bhí acu ar an imirt.

Tá curiarracht ar leith ag Burke freisin, ainmníodh é mar Laoch na hImeartha i gcluichí ceannais Chraobh na hÉireann ag leibhéal idirchontae agus club, fianaise shoiléir ar a chumas a bheith ar a bhuile i gcónaí ar an stáitse is mó nuair a bhí an brú is mó ann.

Is í an chomhsheasmhacht sin, thar aon rud eile, a thaispeánann cé chomh tábhachtach is a bhí sé do na foirne go léir ina raibh sé lárnach. Trí bhua agus bhuaicphointí, trí laethanta crua agus tréimhsí athfhorbartha, bhí David Burke i gcónaí ina charraig ag croílár fhoireann na Gaillimhe. Thuill sé meas a chomhghleacaithe, eagla a chéilí comhraic, agus meas an lucht leanúna a thuigeann luach na macántachta agus na hoibre crua.

Agus é ag éirí as anois, tá caighdeán imeartha leagtha síos ag David Burke a bheidh mar sprioc ag iománaithe óga na Gaillimhe go ceann i bhfad.

Fág freagra ar 'David Burke – ceannaire den scoth agus eiseamláir dá chlub is contae'