‘D’athraigh an Ghaeilge treo mo shaoil go huile agus go hiomlán’

Labhair an feisire Eorpach nuathofa Cynthia Ní Mhurchú le Tuairisc faoina saol oibre, a grá don Ghaeilge agus na spriocanna atá leagtha amach aici dá tréimhse san Eoraip

‘D’athraigh an Ghaeilge treo mo shaoil go huile agus go hiomlán’

Cynthia Ní Mhurchú. Pic: Leah Farrell/© RollingNews.ie

Bean fhuinniúil, shuáilceach í Cynthia Ní Mhurchú, a bhfuil aithne mhaith uirthi mar chainteoir Gaeilge, mar iar-iriseoir agus mar abhcóide. Anois tá a haghaidh tugtha aici ar shaol na polaitíochta agus í tofa ina feisire i bParlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha.  

Feachtas dátheangach a chuir Ní Mhurchú ar bun agus í ina hiarrthóir den chéad uair ag Fianna Fáil ag rith le taobh Billy Kelleher, feisire reatha Fhianna Fáil i dToghlach an Deiscirt.  

D’éirigh le Ní Mhurchú, arb as Ceatharlach ó dhúchas di, an dara suíochán a ghnóthú d’Fhianna Fáil, i ndiaidh Billy Kelleher, ar an 20ú comhaireamh.  

Tugann sí réimse leathan taithí léi go dtí ról an fheisire. Mar mhúinteoir scoile a thosaigh sí a saol oibre. Chuaigh sí ar aghaidh ansin go cúrsaí craoltóireachta, agus, ina dhiaidh sin, cháiligh sí mar abhcóide. Tá os cionn cúig bliana fichead caite aici mar abhcóide agus í ag obair i réimse an dlí teaghlaigh.  

Beidh an réimse taithí sin ina chabhair di bparlaimint na hEorpa agus é i gceist aici a díriú ar cheisteanna a bhaineann le cosaint sa saol digiteach, an tsábháilteacht ar bhóithre, laghdú ar an “rómhaorlathas” ar fheirmeoirí agus stádas na Gaeilge.  

“Creidim go diongbháilte sa Ghaeilge, ár dteanga náisiúnta. Táim dátheangach ó bhí mé 10 mbliana d’aois agus beidh mé ag labhairt as Gaeilge sa Pharlaimint gach aon lá.”  

Bhláthaigh an grá atá ag Ní Mhurchú don Ghaeilge agus í ag dul ar scoil i Scoil Náisiúnta an Teaghlaigh Naofa san Easca, i gcontae Cheatharlach. Múinteoir as Gaeltacht Chiarraí, Siobhán Coen, atá ina healaíontóir anois, a spreag a grá don Ghaeilge.  

“Thug sí an-ghrá don Ghaeilge dúinn agus do mhol sí dúinn a ghabháil go dtí an coláiste samhraidh. Chuaigh grúpa againn ann, bhí thart ar sheisear againn ann, agus chuaigh muid go Coláiste na bhFiann i Ros Muc. Lean muid ar aghaidh ina dhiaidh sin, mar chuid de Choláiste na bhFiann. Bhí coláistí ar fud na tíre, chuaigh mé go Longfort, go Tuaim agus áiteanna eile.”  

Taobh amuigh den choláiste samhraidh bhí obair ar bun ag ‘ceannródaí na Gaeilge’ Bríde de Róiste i gCeatharlach. Tugann Ní Mhurchú ardmholadh do Bhríde de Róiste agus an obair a rinne sí leis an nGaeilge a chur chun cinn sa chóras oideachais i gCeatharlach. 

“Tá an oiread sin tallann aici, fuinneamh agus ‘can d0’. Thosaigh Bríde ag cur na Gaeilge chun cinn ó thaobh an oideachais de. Thosaigh sí an naíonra le dornán páistí agus grúpa tuismitheoirí taobh thiar di. Diaidh ar ndiaidh d’fhás sé agus d’fhás sé, tháinig an Ghaelscoil, rang i ndiaidh ranga, bliain i ndiaidh bliana.” 

Cynthia Ní Mhurchú leis an Tánaiste Micheál Martin, an Seanadóir Niall Blaney agus an tAire Tithíochta Darragh O’Brien. Pic: Leah Farrell/© RollingNews.ie

Choinnigh Cynthia Ní Mhurchú a spéis sa nGaeilge fad is a bhí sí ag dul go dtí an mheánscoil agus bhí sí gníomhach i gcumann na n-óg, grúpa a bhunaigh Bríde de Róiste do dhaoine óga le Gaeilge i gCeatharlach.  

“D’iarr Bríde ormsa agus ar dhaoine eile a bhí tar éis freastal ar Choláiste na bhFiann a bheith páirteach mar chúntóirí. So bhí Gaeilge againn i rith na bliana ar scoil, sa gclub óige le Bríde agus bhí tionscnamh eile ar siúl ag Coláiste na bhFiann ag an am, saghas ‘scoil gheimhridh’ ionas go mbeadh teagmháil eadrainn ó thaobh na Gaeilge de. Idir gach rud chaith mise go leor ama i mo dhéagóir ag plé leis an nGaeilge agus ag baint ana-thaitneamh as. D’athraigh sí treo mo shaoil go huile agus go hiomlán.”  

Shocraigh sí múinteoireacht a dhéanamh i ndiaidh na scoile agus é i gceist aici múineadh i nGaelscoil nuair a bheadh an cháilíocht aici.  

“Leis an méid sin grá a bhí agam don teanga chinn mé ar an múinteoireacht a dhéanamh. Bhí suim agam sa bhFraincis agus Gearmáinis i gColáiste na Tríonóide freisin, ach bhreathnaigh mo mháthair ar an gcéim mhúinteoireachta is mheas sí go raibh sé níos sábháilte, go háirithe tar éis bás m’athar mar tharla sé sin nuair a bhí mé sa séú bliain. Chinn mé ar an múinteoireacht agus ní raibh aon dabht i m’aigne théis na céime go mbeinn ag múineadh i nGaelscoil. Gaelscoil Cheatharlach a bhí i m’aigne, áit a raibh Bríde de Róiste ina príomhoide.”  

D’éirigh léi sa mhúinteoireacht agus mar a bhí leagtha amach aici, d’éirigh léi post a fháil i nGaelscoil Cheatharlach. Chaith sí bliain ag obair ann, ach de bharr ciorruithe airgid ón Roinn Oideachais a tharla sna blianta sin, ní raibh an scoil in ann post buan a thairiscint di ceal maoinithe. An samhradh sin agus í ag lorg post buan múinteoireachta chonaic sí fógra beag sa nuachtán Saol go raibh láithreoirí á lorg ag RTÉ don chlár Cúrsaí 

“Sheol mé litir isteach agus an chéad rud eile fuair mé glaoch ó Eoghan Harris agus dúirt sé ‘an dtiocfaidh tú suas go Baile Átha Cliath do thástáil scáileáin?’. Rinne mé an tástáil scáileáin le Harris agus Colette Farmer agus dúirt siad go gairid ina dhiaidh sin, ‘an féidir leat tosú an tseachtain seo chugainn?’.  

Chaith sí os cionn deich mbliana ag obair i gcúrsaí craoltóireachta mar iriseoir, láithreoir agus craoltóir raidió. Chuir sí an clár Cúrsaí i láthair chomh maith le réimse leathan clár eile. Bhain sí clú agus cáil idirnáisiúnta mar láithreoir ar an Eurovision, in éineacht le Gerry Ryan, an bhliain a ndearnadh an chéad léiriú den seó iomráiteach ‘Riverdance’.  

D’fhág sí slán ag an gcraoltóireacht chun aghaidh a thabhairt ar staidéar an dlí agus cháiligh sí mar abhcóide i dtreo deireadh na 1990idí. Tá sí ag cleachtadh a gairme mar abhcóide le cúig bliana fichead agus go leor oibre déanta aici i gcúrsaí dlí teaghlaigh.  

Cynthia Ni Mhurchu i 1998. Pic: Leon Farrell/RollingNews.ie

Beidh sí ag tarraingt ar a cúlra sna réimsí éagsúla saoil anois agus í ag tabhairt faoina ról mar fheisire Eorpach.  

“Is dóigh liom go gcabhraíonn sé go mór mar go bhfeicim an pictiúr mór cé nach bhfuil an cúlra polaitíochta agam ó thaobh a bheith ag obair mar pholaiteoir, mar chomhairleoir nó mar Theachta Dála. Mar iriseoir fuair mé ana-léargas ar chúrsaí polaitíochta agus tuigim conas mar a oibríonn polaitíocht sa tír seo. Feicim an mórphictiúr ó thaobh na parlaiminte agus ó thaobh na n-institiúidí eile amuigh ansin [san Eoraip].”  

Leagann Ní Mhurchú an-bhéim ar an gcomhoibriú agus deir sí go bhfuil deiseanna comhoibrithe ann ó thaobh na polaitíochta de san Eoraip. Is idirghabhálaí creidiúnaithe í le cáilíocht i gcúrsaí eadrána ón eagraíocht idirnáisiúnta CEDR.  

“Ciallaíonn sé go bhfoghlaimíonn tú scileanna comhoibrithe, comhráiteacha agus cumarsáidiúla le daoine eile chun go mbeidh tú in ann gach taobh, nó an dá thaobh, nó cúpla taobh a fheiscint agus a phlé agus daoine a thabhairt leat go tuisceanach, go humhal, agus go gairmiúil. Cabhróidh sé sin go mór liom, is dóigh liom, mar go dtí seo, agus níl caite fós agam ach trí lá sa bParlaimint, tá an pholaitíocht amuigh ansin an-difriúil ón bpolaitíocht i nDáil Éireann. Tá an t-uafás comhoibrithe i gceist, cainteanna agus comhairlí agus ag iarraidh a theacht ar chomhréiteach roimh vótaí, roimh chinntí agus mar sin de.”  

Is í an Ghaeilge ceann de na snáitheanna comónta a ritheann trí éagsúlacht na rólanna a ghlac Ní Mhurchú chuici féin i rith a saoil oibre.  

“Bhí ceangail ag an nGaeilge le gach rud, an Ghaeilge sa mhúinteoireacht, an Ghaeilge i gcúrsaí iriseoireachta agus cur i láthair. Is é an t-am a bhraith mé uaim an Ghaeilge ná nuair a thosaigh mé sa Leabharlann Dlí i 1997.”  

Tá Ní Mhurchú páirteach i gCumann Barra na Gaeilge sa Leabharlann Dlí, bunaíodh an cumann chun fóram a chur ar fáil do dhlí-chleachtóirí, idir abhcóidí agus aturnaetha, a chleachtann an dlí trí mheán na Gaeilge agus chun saineolas maidir le cúrsaí dlí agus Gaeilge a fhorbairt.  

Lean a nasc leis an nGaeilge nuair a bhí a clann aici féin agus a fear John Kavanagh ag deireadh na 1990idí.  

“Buíochas le Dia bhí páistí againn go gairid ina dhiaidh sin agus d’éirigh liom ceangail a bheith agam leis an nGaeilge trí Rachel agus David mar gur fhreastail siad ar an nGaelscoil, ar ais go Bríde de Róiste! Agus théis píosa nuair a d’éirigh Bríde as bhí Aingeal Uí Dhálaigh, príomhoide iontach eile ann.”  

Tá díocas ar an bhfeisire nuathofa tús a chur leis an obair.  

Tá spriocanna leagtha amach aici don téarma a bheidh aici san Eoraip i gcúig phríomhréimse – an chosaint dhigiteach ar líne, an t-sábháilteacht ar bhóithre, laghdú ar an ‘maorlathas’ a bhíonn ag cur as d’fheirmeoirí, neartú ar an dlí in aghaidh an fhoréigin i gcoinne na mban agus daingniú stádas na Gaeilge san Eoraip.  

“Tá an Ghaeilge chomh tábhachtach. Tá sí ríthábhachtach ó thaobh ár bhféiniúlacht, ár bhféinmheas, ár stair, gach rud a bhaineann leis an gcultúr agus tá sí chomh saibhir,” a deir an feisire Eorpach nua. 

Fág freagra ar '‘D’athraigh an Ghaeilge treo mo shaoil go huile agus go hiomlán’'

  • Pádraig Ó Flannabhra

    Níl dabht ar bith ann ach gur duine eiscearthúil í Cynthia Ní Mhurchú.
    Tá an meoin cheart agus an dearcadh cheart lêirithe go paiteanta aici.
    Is trua Nach bhfuil polaiteoirí eile cosúil leí! Cómhghairdeas Ó chroí don bhFeisire Eotpach Nua tofa agus is fèidir linn a bheith ag súil le níos mó a chloisteáil uaithi amach anseo feasta!

  • WTF

    Comhghairdeas léi & gach rath uirthi. Cén tacaíocht a bheidh le fáil thall aici ó na ‘culs de cuir’?