An iomad den aithne a mhéadaíonn an tarcaisne
Dhá fhoireann iad Dún na nGall agus Muineachán nach bhfuil mágáine eatarthu. Ón uair a tháinig Muineachán aniar aduaidh ar an gcuradh Uile Éireann, Dún na nGall, i gcluiche ceannais Uladh trí bliana ó shin, tá an dá fhoireann ag baint ceart dá chéile gach aon uair a chasann siad ar a chéile. D’fhéadfaí a rá gurb í seo an choimhlint is fearr agus is géire i gcúrsaí caide sa lá atá inniu ann toisc nach ann a thuilleadh don ngearradh idir Chiarraí agus Tír Eoghain, idir Áth Cliath agus an Mhí, agus idir Gaillimh agus Maigh Eo. Bhí dianchomhrac san imirt Dé Sathairn nach raibh le feiscint in aon chluiche go dtí seo sa chraobh. Bhí buillí troma ón dá thaobh, a bhformhór dlisteanach agus fearúil ach ba thrua dá réir sin gur thóg cúl báire na gConallach, Mark Anthony McGinley, geáitsíocht agus gothaí an tsacair air féin agus é á chaitheamh féin chun talún in iarracht an t-am a mheilt déanach sa chluiche. Ní haon iontas é go mbeadh imreoirí ag dul ceangailte ina chéile i gcaitheamh an chluiche agus, go deimhin, ina dhiaidh. Táid cortha ó bheith ag faire ar a chéile agus níl fonn ar éinne orlach a ghéilleadh. Ach is deacair dúinne ár súile a bhaint den gcomhrac.
Filleann an feall ar an bhfeallaire
Den chéad uair riamh, tá na réiteoirí agus a gcuid maor ag coimeád súil ghéar ar an gclog. Fuaireadar orduithe dá réir ag tús na bliana nuair a glacadh le moltaí ón gcoiste athbhreithnithe ar rialacha imeartha fé chathaoirleacht Jarlath Burns. Níor deineadh mórán cainte faoi ag an am ach cuirtear 20 soicind leis an gclog gach aon uair a chuirtear ionadaí chun páirce, 20 soicind eile gach aon uair a thagann cúl báire nó cosantóir aníos chun cic saor a thógaint agus 30 soicind más i bPáirc an Chrócaigh duit agus má chaitear súil an tseabhaic, nó ‘Hawkeye’ a úsáid. Cuir san anuas ar na soicindí agus na nóimeataí a chaithfidh an réiteoir cur leis an imirt chun gortuithe a chúiteamh, chun ealaín Mark Anthony McGinley agus scata eile a chúiteamh agus chun moilleadóireacht ghinearálta a chúiteamh agus chífidh tú bhféadfadh mórán ama bheith i gceist. Sé nóimeataí a fógraíodh ag deireadh na himeartha i bPáirc Bhreifne, tréimhse inar chuir Christy Toye na Conallaigh chun cinn sara gcuir Conor McManus na foirne ar comhtharrac an athuair agus na sé nóimeataí sin caite. Cheap scata go raibh na sé nóimeataí iomarcach ach is dóigh liom féin go bhféadfadh deich nóimeataí bheith ceadaithe chun breith amuigh ar lucht na moilleadóireachta.
Tá i bhfad níos mó tinteán ann ná do thinteán féin
Deirtear gur fiú trí nó ceithre chúilín é d’aon fhoireann atá ag imirt ag baile sna babhtaí cáilithe craoibhe. Más aon slat tomhais fianaise an deireadh seachtaine, áfach, ní fiú tráithnín é. As na ceithre cinn d’fhoirne go raibh an ‘buntáiste’ baile acu, níor éirigh ach le hUíbh Fhailí teacht slán trí bhabhta 1B na gcluichí cáilithe agus n’fheadar an mbeadh san déanta murach gurb iad Londain a bhí leo sa Tulach Mhór. Bhí turais fhada aneas agus aduaidh ag Luimneach agus Fear Manach faoi seach ach níorbh aon nath acu é. Scéal eile ar fad é bua Longfoirt ar an Dún. Ba dheacair a shamhlú beagán le cois cúig bliana ó shin go bhféadfadh contae an Dúin bheith chomh hainnis is atá siad in 2016 agus mura gcuirtear stad leis an meath, beidh siad ar ais in íochtar duibheagáin agus ag lorg bainisteoir nua eile sara fada.
Is treise dúchas ná oiliúint ach i dteannta a chéile is fearr iad
Tá díospóireacht ar bun le tamall i gcomhluadar na caide. Cé hé an fear is fearr amuigh i mbun na gciceanna saora? Measann saoithe Chiarraí gurb é Bryan Sheehan an duine sin toisc chomh healaíonta is atá an cur chuige atá aige. Ainneoin a thaispeántais an tseachtain seo caite, d’áiteodh muintir Mhaigh Eo nach bhfuil éinne inchurtha le Cillian O’Connor. Is léir le trí nó ceithre bliana anois gur féidir brath ar Conor McManus nuair is mó a bhíonn gá leis agus tá cuma chríochnúil ar iarrachtaí John Heslin na hIarmhí le tamall chomh maith. Ach deirid siúd a bhíonn ag cnuasach eolais dá leithéid, gurb é Dean Rock Átha Cliath an máistir. As 33 iarracht ar chiceanna saora sa chraobh idir na blianta 2012 agus 2015, d’éirigh leis scór a fháil 28 babhta. Sin 85% dá chuid iarrachtaí go raibh toradh fónta orthu. Ó thús na craoibhe seo, tá Rock gan cháim. D’aimsigh sé deich gcinn de chúilíní inné, naoi gcinn ó chiceanna saora. Cinneadh stuama ab ea é ag Jim Gavin anuraidh na ciceanna saora a bhaint de Bernard Brogan agus iad a thabhairt do Rock. Canathaobh ná déanfadh? Bhí an seanbhuachaill go maith ach tá an coileán óg thar barr.
Ná héiligh do cheart go bhfeicfir do neart
Is minic na contaetha eile i gCúige Laighean ag cásamh an buntáiste atá ag Áth Cliath agus iad ag imirt i bPáirc an Chrócaigh de réir gnáis. Chuaigh fir na hardchathrach ag bóithreoireacht le déanaí agus níor chuir san aon chaduaic orthu. Bíonn contaetha ar nós Chill Dara agus na hIarmhí ag éileamh coitianta go mbeadh an taithí chéanna acu siúd ar Pháirc an Chrócaigh is atá ag Áth Cliath. Tugadh cead a gcinn inné dóibh ach ní mór dá lucht leanúna a bhí i láthair. Bheadh an dá fhoireann agus an lucht féachana i bhfad níos fearr as dá n-imreofaí an cluiche ar láthair i bhfad níos lú agus níos cluthaire. Chun a gceart a thabhairt don dá fhoireann sa chéad chluiche inné, ní raibh an imirt chomh bocht is a taibhsíodh agus a tuairiscíodh dúinn i gcónaí. Níl ann ach gur deacair brí agus anam a chur i gcluiche nuair atá an lucht féachana chomh scaipthe agus chomh tearc is a bhíodar sna seastáin.
Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Ní haon dochar breith amuigh ar lucht na moilleadóireachta…'