DARA Ó CINNÉIDE: Chuaigh Ciarraí go dtí tigh an rí agus thángadar as…

Tiocfaidh feabhas ar Áth Cliath in athimirt chluiche ceannais na hÉireann tráthnóna, ach canathaobh nach dtiocfadh feabhas leis ar Chiarraí?

DARA Ó CINNÉIDE: Chuaigh Ciarraí go dtí tigh an rí agus thángadar as…

Sean O’Shea le Tommy Walsh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Creidim go láidir gur beag an gaol ná cóngas a bhíonn idir cluichí ar comhscór agus athimirt.

Creidim chomh maith gur féidir dul ró-dhomhain san anailís idir an dá chluiche. Ní hionann inné is inniu agus níl aon amhras ná gurb fhíor don té a dúirt nárbh ionann dul go tigh an rí is teacht as.

Chuaigh foireann seo Chiarraí go tigh an rí ar an gcéad lá den mhí seo, iad ar bheagán mustair agus gan de mhuinín iontu ach an méid a bhí acu astu féin agus a bhí ag na fíréin sin nár chaill a misneach is a gcreideamh iontu i gcaitheamh an tsamhraidh.

Ní rabhas féin ar dhuine acu ach ar theacht dúinn as tigh an rí, tá níos mó ná smiothán beag dóchais ag pobal Chiarraí agus sinn ag tabhairt fé arís an deireadh seachtaine seo.

An bhfuil cúis lenár ndóchas nó an bhfuil sé i ndán d’Áth Cliath iad féin a ghríosadh as pé suan a bhí an lá deireanach orthu agus éirí nuair a bheidh an t-ionú ann dóibh?

Géillim do chuid mhaith den gcaint atá déanta ón gcéad chluiche i leith. Géillim don dtuiscint go dtiocfaidh feabhas ar Áth Cliath. Caithfidh a theacht le cúig dhuine dhéag ar an bpáirc. Géillim chomh maith don dtuairim ná beidh piardaí móra ar nós Brian Fenton, Ciarán Kilkenny agus James McCarthy leath chomh támáilte is a bhíodar an chéad lá. Géillim fiú amháin gur dócha ná beidh an brú céanna ar Áth Cliath amárach is a bhí dhá lá dhéag ó shin.

Mar sin féin, agus an méid sin géillte, canathaobh ná beadh feabhas, leis, ar Chiarraí?

B’fhéidir ná raibh leithéidí Fenton, Kilkenny agus McCarthy ach chomh mór sa treis is a ligeadh dóibh a bheith. Agus an bhfuil aon chúis mhaith ná féadfadh a leithéid bheith amhlaidh arís? Agus ós ag caint ar bhrú é, dá laghad de a bhí ar Chiarraí roimis an gcéad chluiche, ná dóigh leat gur ag méadú ar a misneach is ar a ndánaíocht a bheadh agus iad tagtha slán ón gcéad chath?

Nuair a théann an gabhar an teampall, ní stadann go haltóir…agus araile agus araile. 

Táim fós, áfach, ag cuimhneamh ar an nóimeataí deireanacha den gcluiche ceannais dhá lá dhéag ó shin. Ní féidir liom an íomhá sin de Jack Sherwood, beagán le cois 74 nóimeat caite, a ruaigeadh as m’intinn. Ainneoin a raibh de chaid imeartha agus imeartha go maith ag Ciarraí agus ag Sherwood sa tréimhse go dtí sin, chuir an lagiarracht a dhein sé agus é ag cromadh síos ag triall ar an gcaid, alltacht orm.

Tá mórán ráite fén bpairilis mhall a tháinig ar Chiarraí ins na nóimeataí deireanacha sin nuair a bhí éachtaint acu ar na flaithis. Tá sé ráite ná raibh oiread is ruathar nó fogha amháin acu fé chúl Átha Cliath ag druidim i dtreo dheireadh na himeartha.

Níl san fíor.

Bhí gluaiseacht amháin acu agus iad sa tóir ar phointe na bua tar éis do Dean Rock na foirne a chur ar chomhtharrac. Thosnaigh an ghluaiseacht le pas coise ón mbáideoir Shane Ryan amach i dtreo Ardán Uí Chíosóg mar a raibh Jonathan Lyne ag feitheamh. Thug sé siúd pas deas coise do Dhara Moynihan, pas láimhe uaidh sin go Seán O’Shea a bhabhtáil pasanna le Killian Spillane sara lig sé do sheilbh na caide titim uaidh i dtreo Sherwood a bhí ag tabhairt tacaíochta dhó. Ní thuigim fós agus an cluiche idir dhá cheann na meá, canathaobh nár chur Sherwood a cheann is a cholainn isteach chun an chaid sciorrtha a bhuachtaint mar dá ndéanfadh, bheadh cic saor ar a laghad buaite aige ar aghaidh an bháide amach agus seans, b’fhéidir, ar chúrsa na staire a stiúradh treo eile.

Leath an aicíd ar Chiarraí as san go deireadh agus bhí seans le fir na Ríochta gur éirigh leo lá eile a chur rompu chun stop a chur le sodar na nDubs.

Ní ag sá go ceann Sherwood ná aon imreoir eile atáim anseo. Dhein an fear botún mar a dhein aon imreoir a leag cos ar pháirc chaide riamh. Ach chuige seo atáim. Más áil le Ciarraí go mbeidh an svae leo an uair seo, caithfidh siad, an uile imreoir ina measc, rud éigin as an ngnáth ar fad a dhéanamh chun an bua a dhaingniú.

Deirim an méid sin le hurraim agus le meas ar fhoireann Átha Cliath mar tá a fhios go maith agam, agus an fhianaise ann arís ós na nóimeataí deireanacha an chéad lá, ná casfaidh siad siúd a dtóin leis an gcaid nuair is bris nó bua atá i gceist.

Is mó babhta é casta liom ó thús na míosa go bhfuil a ndeis caillte ag Ciarraí. Bhíodar i ngiorracht ionga dá gcéad chraobh le cúig bliana agus meastar coitianta nach mbeidh a leithéid de dheis go ceann tamaill mhaith arís acu.

Nuair a bhíomar óg deirtí linn i gcónaí gan a rá go deo ná féadfá rud a dhéanamh ach a rá ná raibh a fhios agat conas. Tá difríocht ana-bheag ach ana-shuntasach idir an dá rud. Ní hamhlaidh ná féadfadh Ciarraí a ndeis a thapú ar an gcéad iarracht ach ní raibh a fhios acu conas. Má tá ceachtanna an chéad lae foghlamtha go maith acu (agus sin ‘má’ mór d’fhoireann óg), beidh siad san áireamh ag déanamh ar dheireadh na himeartha.

Más amhlaidh a bhíonn an uair seo, ní dóigh liom go bhfágfaidh siad ina ndiaidh é.

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Chuaigh Ciarraí go dtí tigh an rí agus thángadar as…'