DARA Ó CINNÉIDE: An mbeidh ceithre chraobh as a chéile sa chaid againn den chéad uair ó 1981?

Toisc gur beag máchail ná easnamh atá ar Átha Cliath, bítear de shíor ag iarraidh béim a leagan ar aon smál in aon chor

DARA Ó CINNÉIDE: An mbeidh ceithre chraobh as a chéile sa chaid againn den chéad uair ó 1981?

leorN’fheadar an orm féin atá sé, ach ní fhaca riamh ná níor mhothaíos riamh chomh ciúin é roimis chluiche ceannais caide na hÉireann.

Ní dóigh liom gur liom féin atáim sa bhraistint toisc go dtaibhsítear dom gur beag giodam ná teaspach atá ar scata acu siúd atá go síor-leanúnach ar chaid sa dúthaigh seo againn féin.

Níl de thaithí agamsa ar bheith ag freastal ar chluichí ceannais caide ná de chuimhne agam orthu ach ó 1981 i leith. Dála na bliana sin, bhí sárfhoireann na linne ag iarraidh ceithre cinn de chraobhacha a chur le chéile. Dála na bliana sin, bhí ógfhoireann ocrach ar tinneall ag feitheamh leo agus dála díreach na bliana sin, bhí cuid den snas á bhaint den gcraobh trí chéile ag máistreacht aon chontae amháin.

Ní haon locht ar Áth Cliath é, ach dála Chiarraí rompu tá an mhéar á síneadh ina dtreo agus é curtha ina leith gurb iad is trúin bháis don gcaid féin, dá n-ainneoin féin.

Gan dabht, níl anseo ach caint san aer. Caint í chomh maith nach ngéillfidh go deo don bpiarda mór ná nach bhfeacfaidh glúin don té atá in uachtar. Níl ann, is dócha, ach nádúr an duine agus is cinnte go mbaineann sé linn mar chine i gCumann Lúthchleas Gael.

Tá seanfhocal a chloistear coitianta anseo timpeall- dá ghile an t-éadach ’sea is fusa é a shalú – agus luíonn sé go néata leis an dtuairimíocht atá sa treis i dtaobh na foirne seo ó Áth Cliath le tamall de bhlianta.

Toisc go bhfuilid chomh gar don bhfoirfeacht is a d’fhéadfadh aon fhoireann chaide a bheith agus toisc gur beag máchail ná easnamh a fheictear ina gcur chuige, bítear de shíor ag iarraidh béim a leagan ar aon smál in aon chor a nochtfadh é féin ina gcás siúd.

Anois is arís tugann na Dubs éachtaint bheag ar an ndaonnacht atá iontu ach níor leor le tamall maith anois iad chun an t-éadach geal agus an imirt ghlé a shalú.

Nuair a bhí foirne Thír Eoghain in airde láin os cionn deich mbliana ó shoin, bhídís ag ramhrú ar na barrthuislí a bhíodh á mbaint acu as leithéidí Chiarraí, Ard Mhacha agus Átha Cliath. Bhí a gcáil amuigh mar bhuíon imreoirí a bhain sásamh ar leith as an éadach gléigeal a loit. Pé acu cothrom nó a mhalairt, b’shin an teist a bhí orthu.

Le himeacht aimsire, tuigeann fiú na daoine is mó a bhí á gcnagadh de bharr a dtréithe trodacha toirmeascacha gur beag imreoir a bhí inchurtha le leithéidí Canavan, O’Neill, McGinley, Mulligan, Jordan, Hughes agus McGuigan. Go siúráilte, bhí leithéidí Gormley, McMenamin agus McMahon inniúil go maith mar cheardaithe cama ach ná ceileadh san a gceart ar fhoireann Mhickey Harte idir 2003 agus 2009.

Nach ait inniu é, agus sin i ngiorracht lae do chorónú lucht na cathrach go dteastaíonn ó chuid mhaith de chosmhuintir CLG go nochtfadh Tír Eoghain na tréithe sin iontu a bhí á lochtú agus á gcáiseamh deich mbliana ó shin?

Mickey Harte agus  Jim Gavin Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne

Tá an cluiche athraithe ó bhonn ó bhuaigh Tír Eoghain a gcraobh dheireanach deich mbliana ó shin. Tar éis na bpianta fáis agus forbartha agus tar éis mórán goil agus gíoscáin fiacla, tá an-chreidiúint tuilte ag Mickey Harte as teacht go dtí an bpointe seo athuair le foireann nuaghlan, gan ach Colm Cavanagh le taithí éigin ar bhlas milis na mblianta meala aige.

Tá ceachtanna crua foghlamtha ag an mbuíon seo atá curtha le chéile ag Harte. Ní rabhadar ullamh ná in aon ghaobhar de bheith ullamh in 2013 nuair a chnag Maigh Eo i gcluiche leath cheannais na hÉireann iad. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhí plúr na n-imreoirí óga sa chontae ró-anabaí agus scoth na n-imreoirí críonna éirithe rómhall chun Ciarraí a chloí. Anuraidh, nuair a taibhsíodh do scata, pobal Thír Eoghain féin níos mó ná aoinne, go raibh an buille ceart cothromaíochta idir an óige is an taithí aimsithe, cuireadh siar ar a dtóin ar fad iad nuair a rop an t-imreoir ab óige ar an bpáirc, Con O’Callaghan, líontán Chnoc 16 i bhfíorthosach a gcluiche leathcheannais in aghaidh Áth Cliath.

Ba dhána an mhaise dúinn dul i muinín na matamaitice idir na foirne ó shin i leith. Is cothromóid chasta gan chrích í a déarfaidh linn go bhfuil an bhearna idir na foirne ag cúngú ó dhá phointe dhéag i gcraobh na bliana seo caite go dtí trí phointe i gcraobh na bliana seo. Cé go ndéarfadh praghas na ngeallghlacadóirí a mhalairt linn, tá an tuairimíocht abhus go bhféadfadh Tír Eoghain an chéim bhreise sin a thógaint amárach agus stop a chur le sodar Átha Cliath.

Níl aon amhras ná go bhfuil Tír Eoghain ar cheann des na foirne is fearr amuigh chun dul amach ar a gcéilí comhraic tar éis aithne a chur orthu. Tá sé léirithe cheana féin ag Mickey Harte i gcraobh na bliana seo gur leor nod don eolach. Ba léir ón tslí a chuadar i ngleic le dúshlán Mhuineacháin go raibh a gceachtanna foghlamtha acu ón scolaíocht a fuaireadar ó Mhuineachán níos luaithe sa tsamhradh.

Níl aon amhras ná go bhfuil beirt ag Tír Eoghain a raghaidh i ngleic go díreach le Ciarán Kilkenny agus Brian Fenton mar a chuathas chun cogaidh le Kiernan Donaghy agus Tommy Walsh deich mbliana ó shin.

Níl aon amhras ná go gcreidfidh Tír Eoghain gur féidir leo buachtaint ar Áth Cliath, ní hionann agus foirne eile a théann ceangailte iontu. Dheineadar botúin anuraidh agus arís i mbliana in aghaidh Átha Cliath ar fuirist iad a cheartú le foighne, le féinsmacht agus le beagán den uaillmhian.

Níl aon amhras ná go dtugann iarrachtaí Mhaigh Eo le dhá bhliain anuas múnla d’fhoirne eile chun Áth Cliath a chur dá mbuille.

Ach i ndeireadh na dála, níl aon ní léirithe ag curaidh na hÉireann i mbliana a thabharfadh le tuiscint dúinn gur salú atá i ndán don éadach.

Ainneoin na hiarrachtaí an smál a aimsiú agus laigí a nochtadh i gcur chuige Átha Cliath, deinim amach go mbeidh ceithre chraobh as a chéile sa chaid againn don gcéad uair ó 1981.

B’fhéidir ansan, ná beadh sé chomh ciúin cois Life.

 

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: An mbeidh ceithre chraobh as a chéile sa chaid againn den chéad uair ó 1981?'

  • wtf

    Tá súil le Crom Dubh agam nach ‘Tie-rowan’ a bheidh á thabhairt ag lucht an Bhéarla ar Thír Eoghain. Cuireann sé conach orm. Tá sé chomh hainnis céanna le Blah Cliath a bheit á thabhairt ar an ardchathair ársa uasal ag lucht na Gaeilge!

  • Kevin Hickey

    A ‘wtf’,

    Tá a leithéid d’fhuaimniú ag teacht le canúintí stairiúla Mhúsgraí (Mhúscraí) agus Uíbh Ráthaigh, bíodh is gur minic ráite le ‘l’ caol é.

    Chloisfeá ‘idir dhá cheann na mea’ agus ‘idir dhá cheann na meá’ i gCorca Dhuibhne. Déarfaí ‘is brea [= breá] an scríbhneoir é’, leis; is minic é ráite i dtaobh údar an ailt thuas agus cúis leis.

    Maidir leis an gcaid, ní bhíonn in aon rud ach seal agus salófar éadach BhÁC luath nó mall.

    Idir an dá linn, Blah Cliath abú,

    KH