Ní dhéanfaidh mé dearúd go deo ar an gcéad amharc a fuaireas ar an bpearsa spleodrach, an damhsóir sean-nóis Séamus Devaney, Séamuisín Sonny atá imithe uainn ar shlí na fírinne.
Ag an Oireachtas ar an gCeathrú Rua ab ea é i 1983.
Raid sé amach ar an stáitse, léine ghorm ildaite, leithéid ar a dtugaidís Hawaiian tamall, á caitheamh aige.
An spleodar, an splanc, an spraoi. An teacht i láthair…an ceol sna cosa… spiorad an neamhpleáchais is na tallainne a’ pléascadh as gach matán is cuisle ina chorp.
Ní nach ionadh chuir sé gliondar croí is anam san slua mór a bhí bailithe isteach sa halla.
D’éiríodar ina seasamh agus chuir gáir mholta san aer.
Thuigeadar cad a bhí feicthe acu agus bhíodar iomlán bródúil as an bhfear seoigh ildánach a bhí os a gcomhair anairde a’ ceiliúradh a dhúchas is a thraidisiún damhsa sean-nósach ar shlí nach bhfacthas go minic cheana ar ardán.
Bhí ‘fhios agam fhéin an oíche úd go raibh rud feicthe agam ná déanfainn dearúd go ceann i bhfad air.
Ar steipeanna beaga néata ceolmhara a bhí taithí agamsa im óige i gCorca Dhuibhne.
Clagarnach rithimiúil ceolmhar á bhaint as an adhmad. Neamhspleáchas coirp is intinne
agus é ar stáitse a rince.
Daoine a rincfeadh ar phláta dhuit an moladh ba mhó a bhíodh ag mo mháthair ar lucht steipe an cheantair.
‘Támáilteacht’ a thagann chugamsa má dheinim comparáid idir iad agus gaiscíoch na hAirde Móire agus é i mbarr a mhaitheasa.
Anuas ar an méid sin, bhí pearsantacht spleodrach aige agus greann go smior ann.
A chuma air go raibh sé a baint súp is greann as gach aon neomat den saol.
Deisbhéalach anuas air sin. Bhainfeadh sé gáire as cloch.
Ardú croí ab ea é a fheiscint a’ baint clagairneach ghrástúil as an urlár.
Rudolf Nureyev ag a baile againn.
Thuill sé cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta nuair a léiríodh a chumas agus a spleodar ins an iliomad cláracha ceoil do RTÉ ar a mbíodh sé ag rince ina stíl shainiúil féin. Chuala scéalta seoigh mar gheall air ó chairde liom a bhí thar sáile ina theannta ar thurais cheoil le Comhaltas Ceoltóirí Éireann.
Cuireadh Séamuisín i gcré na cille ar bhruach na mara i Maínis Dé Domhnaigh seo caite agus is boichte sinne lucht freastail Éigsí is Oireachtais dá éagmais.
Ach coimeádfaidh a chlann mhac agus a sliocht a chuimhne beo aon áit a rincfidh siad ar chlár.
Deinim comhbhrón ó chroí lena bhean chéile is lena mhuirear.
Pádraic
Beannacht Dé leis.