Daltaí ó choláiste samhraidh Gaeltachta slán agus príomhoide ‘ag teacht chuige féin’ i ndiaidh eachtra tarrthála ar muir

Tá Coláiste Gael Linn Mhachaire Rabhartaigh 'thar a bheith buíoch' do gach duine a chabhraigh tráthnóna inné le tarrtháil a dhéanamh ar dhaltaí dá gcuid ón bhfarraige, ina measc príomhoide an choláiste atá 'ag teacht chuige féin' san ospidéal

Daltaí ó choláiste samhraidh Gaeltachta slán agus príomhoide ‘ag teacht chuige féin’ i ndiaidh eachtra tarrthála ar muir

Tá Coláiste Gael Linn Mhachaire Rabhartaigh “thar a bheith buíoch” do gach duine a chabhraigh tráthnóna inné le tarrtháil a dhéanamh ar dhaltaí dá gcuid a chuaigh i sáinn agus iad ag snámh san fharraige.

Tháinig Héileacaptar 118 an Gharda Chósta, bád Thoraí, an Queen of Aran agus iascairí áitiúla i gcabhair tráthnóna inné ar an ngrúpa ógánach a chuaigh i sáinn timpeall 4pm tráthnóna inné agus iad ag snámh amach ó thrá Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Dhún na nGall.

I ráiteas a rinne Príomhfheidmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin, aréir, dúirt sé gurbh amhlaidh go ndeachaigh baill foirne chun “fóirithint” ar na daltaí nuair a scuabadh chun siúil iad.

Ghabh Ó Coileáin buíochas le foireann an choláiste, leis an nGarda Cósta, leis na seirbhísí éigeandála agus le muintir na háite a chabhraigh leis an tarrtháil agus a chinntigh go raibh ‘dea-scéal’ mar chríoch leis an eachtra.

Dúradh gur tugadh deichniúr, idir dhaltaí agus bhaill foirne ón gcoláiste samhraidh Gaeltachta aitheanta, go dtí an ospidéal i Leitir Ceannain agus gur scaoileadh iad ar fad abhaile seachas príomhoide an choláiste “atá ag teacht chuige féin”.

Thug iascairí áitiúla cuid de na daoine óga i dtír.

Dúirt urlabhraí ón nGarda Cósta go raibh “an t-ádh dearg” ar na hógánaigh.

Fuair Lucht Ionad Comhordúcháin Gharda Cósta Chionn Mhálanna roinnt glaonna éigeandála faoin eachtra thart ar 4pm tráthnóna agus iadsan a bhí freagrach as an tarrtháil a stiúradh. Chabhraigh bád farantóireachta Thoraí, an Queen of Aran, agus Aonad na Maoile Rua den Gharda Cósta leo.

Ag labhairt dó le Highland Radio, dúirt an comhairleoir contae Gaeltachta Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig go raibh moladh mór tuillte acu siúd a raibh baint acu leis an tarrtháil, idir mhuintir na háite agus lucht na seirbhísí éigeandála.

“I dtús báire, ba mhaith liom a rá nár gorataíodh aon duine go dona. Ba mhaith liom moladh a thabhairt d’iascairí an cheantair, na leaideanna óga agus gach duine a chuaigh amach ansin agus ar éirigh leo na daoine a bhí i sáinn san uisce a thabhairt slán,” a dúirt Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig.

Fág freagra ar 'Daltaí ó choláiste samhraidh Gaeltachta slán agus príomhoide ‘ag teacht chuige féin’ i ndiaidh eachtra tarrthála ar muir'