Dála fíon maith, an i bhfeabhas a théann jíons le haois?

Réalta faisin faoi gheasa ag jíons ón tseanré a bhfuil athchúrsáil speisialta déanta orthu

Dála fíon maith, an i bhfeabhas a théann jíons le haois?

Is fánach an áit a bhfaighfí smaoineamh do ghnó nua a fhorbairt a mbeadh glacadh leis ag cuid de na réalta móra i saol an fhaisin ach sin mar a tharla do Sean Barron agus Jamie Mazur nuair a bhunaigh siad an branda RE/DONE in Los Angeles le gairid.

Aimsíonn siad jíons seanré de chuid Levi’s, baineann siad óna chéile ina bpíosaí ag na huamanna iad agus tugtar beatha nua dóibh mar Levi’s athchúrsáilte. Ciallaíonn sin gur dearadh ar leith atá ar gach péire de na Levis ‘nua’ agus nach bhfuil aon dá phéire mar a chéile. 

Tá éileamh as cuimse ag na réalta ar na Levi’s athchúrsáilte seo agus santaíonn siad iad mar gheall ar an dearadh ar leith seo atá ar gach péire acu. Orthu siúd a bhfuil na Levi’s RE/DONE á gcaitheamh acu, tá Gigi agus Bella Hadid, Selena Gomez agus Kendall Jenner, agus tá an mainicín Cindy Crawford ar dhuine acu sin atá i mbun margaíochta don chomhlacht anois agus bailiúchán ar leith de na jíons ar díol faoina hainm siúd.

Ar ndóigh, is píosaí as péirí éagsúla Levi’s a roghnaítear le cur le chéile i ngach péire nua a dhéantar. Tugtar barántas nach n-úsáidtear ach Levi’s seanchaite ón tseanré leis an táirge nua a chruthú. Agus níl siad saor! Suas le €283 an praghas a ghearrtar ar na jíons RE/DONE ach ar an airgead sin is féidir a bheith cinnte nach gcasfar aon duine ort agus an stíl cheannann chéanna á caitheamh acu.  “Quantities will always be limited since each pair is handpicked, hand cut, and distinctly one of a kind,” a deir an comhlacht.

Tá cleachtadh againn ar fad a bheith ag breathnú ar éadach ar líne agus sampla a fheiceáil den táirge sula n-ordaítear é. Ach sa chás seo, ní sampla a bhíonn le feiceáil de na jíons ar líne ach an péire céanna a bheidh le fáil agat tríd an bpost má ordaíonn tú iad.

Maíonn an comhlacht gur i bhfeabhas a théann jíons le haois mar a bheadh i gceist le fíon maith. Deir siad go bhfuil stair ar leith i gceist le gach péire, “stories of years of wear – a history of a past life…recorded in the frayed pockets, the whiskered colouring, the torn knees and the faded denim”.

Ar líne a dhíoltar jíons RE/DONE den chuid is mó cé gur féidir iad a cheannach freisin i siopaí de chuid Barneys ar fud Mheiriceá. Tugtar coicís do dhuine ón uair go bhfaigheann stú na jíons le cinneadh a dhéanamh an gcoinneoidh tú iad. Mura bhfeileann siad is féidir iad a sheoladh ar ais sa bpost.

Luath nó mall, tosóidh comhlacht éigin ar an taobh seo den Atlantach ar an ngnó brabúsach céanna agus bí cinnte nach branda Levi’s amháin a bheidh i gceist.

Fág freagra ar 'Dála fíon maith, an i bhfeabhas a théann jíons le haois?'

  • Learraí

    Ôs ag caint ar athchúrsáil é, is é a dheineadh mo mháthair anallód ach a n-éiríodh colar mo léine bunachaite, tréigthe, ná an colar sin a bhaint agus a chur ar ais droim ar ais. Bhí 4 bhuntáiste leis sin ar a laghad .i. bhí colar/ léine ‘nua’ agat; níor ghá í a ní go ceann i bhfad arís; shábháil sé airgead; bhí sé urraimeach don timpeallacht. Faigheann daoine ceanúil ar a seanghiobail féin agus tagann sé deacair orthu scarúint leo go minic. Bhíothas in ann colar nua glan a chur in airde le ‘stud’ freisin. Rud a d’fhágfadh go mbeadh an léine chéanna agat (gan a bheith nite) go ceann na mblianta. Bhí daoine go mór ‘istigh leo féin’ an uair úd, suas le posies an lae inniu a thugann a saol faoin gcith. Tá sé fíordheacair an colar a ní i gceart dá mhéid sciomradh is sciúradh a thugann tú air. Bhí daoine ag imeacht gan aon cholar ach níor tháinig sé sin sa bhfaisean riamh i gceart. Meas tú an mbeadh glacadh ag na réalta faisin/ceoil leis an mbranda nua…abraimís… ‘Studs’ seo? Cinnte dearfa bheadh leithéidí Sinéad O C. sàsta iad a thriáil.

  • seainin

    Cathain a bheidh se in am acu an jions a chaitheamh uathu? Nuair a bheidh plaic a dtona ag gobadh amach trid, an ea? Ta an saol ina chadas!