Dáithí Ó Sé agus na ‘Underdogs’ ag filleadh ar TG4 agus sceideal nua á sheoladh sa Ghaillimh inniu

Seolfar sa Ghaillimh inniu sceideal nua TG4 agus na ‘Underdogs’, clár cainte le Dáithí Sé agus sraith faisnéise darb nua ainm Finné i measc na gclár sa sceideal nua

Dáithí Ó Sé agus na ‘Underdogs’ ag filleadh ar TG4 agus sceideal nua á sheoladh sa Ghaillimh inniu

Seolfar sceideal nua TG4 i nGaillimh inniu agus Dáithí Ó Sé agus na ‘Underdogs’ ag filleadh ar an stáisiún Gaeilge an fómhar seo.

I measc na saothar a bheidh á gcraoladh ar TG4 tá clár cainte nua Seal le Dáithí ina mbeidh aoi speisialta faoi agallamh gach seachtain ag an láithreoir aitheanta Dáithí Ó Sé, a thosaigh amach i saol na craoltóireachta leis an stáisiún Gaeilge.

I measc na gclár nua eile, beidh sraith faisnéise darb ainm Finné a inseoidh na ‘scéalta pearsanta’ a bhaineann le cuid de na scéalta is conspóidí a tharla in Éirinn le leathchéad bliain anuas.

Is í Orla O’Donnell, comhfhreagraí cúirte RTÉ, a chuirfidh Finné i láthair.

Tá athbheochan á déanamh ag an stáisiún an fómhar seo ar an tsraith Underdogs a thugann deis d’imreoirí nár imir peil idirchontae cheana imirt in aghaidh foireann mór le rá. Is iad Paul Galvin, Ray Silke agus Valerie Mulcahy roghnóirí na Underdogs i mbliana.

Beidh roinnt sraitheanna fadbhunaithe eile ag filleadh an fómhar seo, ina measc an sobalchlár Ros na Rún agus an tsraith clár faisnéise Fíorscéal.  

Cuirfear tús oíche amárach leis an dara sraith den chlár siamsaíochta Turas Bóthair, a leanann scata Gael agus iad i mbun comhrá lena chéile sa charr.

 

Fág freagra ar 'Dáithí Ó Sé agus na ‘Underdogs’ ag filleadh ar TG4 agus sceideal nua á sheoladh sa Ghaillimh inniu'

  • léitheoir!?

    Cén fáth nach n-úsáideann siad an focal breá ‘íochtarán’ in ionad nó maraon leis an mBéarla? ‘T G? 4