‘Dá mbeadh Greta ina suí i gcathaoir uachtaráin, bheadh i bhfad níos mó muiníne agam’ – Gráinne Bleasdale 

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar 2019 i dteannta roinnt Gael. Linn an geábh seo, tá Gráinne Bleasdale, aisteoir agus láithreoir as Ros an Mhíl i gConamara

‘Dá mbeadh Greta ina suí i gcathaoir uachtaráin, bheadh i bhfad níos mó muiníne agam’ – Gráinne Bleasdale 

1. Cén chuimhne is mó atá agat ar 2019?

An Breatimeacht! Nuair a bheidh ‘Reeling in the Years 2019’ ar siúl faoi cheann 10 mbliana, beidh an clár ar fad faoin mBreatimeacht, geallaim duit.  Tá mé tinn ag éisteacht le scéalta nuachta faoi, agus faraor is dócha go mbeidh tuilleadh cainte faoi in 2020.

2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2019?

Chuir sé ríméad orm nuair a d’fhógair an iris Time gurb í Greta Thunberg ‘Pearsa Bliana’ na hirise. Tugann sé dóchas dom go bhfuil todhchaí an domhain sábháilte, má tá daoine dá leithéid ag teacht chun cinn. Tá an t-uafás agóidíochta déanta aici agus óráidí spreagúla tugtha aici le bliain faoi thodhchaí ár bpláinéid agus an fhreagracht atá orainn i leith na hoibre sin. Is léir go bhfuil sí tar éis dul i bhfeidhm go mór ar mhuintir na cruinne.  Dá mbeadh Greta ina suí i gcathaoir uachtaráin, bheadh i bhfad níos mó muiníne agam faoin bpláinéad, agus gan í ach 16 bliain d’aois!!

3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2019?

Baineadh geit asam nuair a chuala mé go raibh Notre Dame trí thine i mbliana.  Bhí mé ar cuairt ann faoi dhó le dhá bhliain anuas agus áit é atá lárnach i stair agus i gcultúr na tíre (agus na hEorpa).  Bhí The Hunchback of Notre Dame ar cheann de na scannáin Disney ab fhearr liom agus mé óg, mar sin bhí pian i mo chroí nuair a chuala mé go ndearnadh go leor damáiste den ailtireacht agus de na saothair ealaíne laistigh. Tá tacaíocht dhochreidte faighte acu chun atógáil a dhéanamh ar an bhfoirgneamh, rud a chuireann gliondar croí orm.  D’fhéadfaí tacaíocht mar seo a chur ar fáil le cabhrú le truailliú na farraigí, na tinte san Amasóin agus mar sin, ach sin scéal eile.

4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2019?

Is breá liomsa siopadóireacht, go háirithe siopadóireacht ar líne.  Ach le bliain anuas, tá mé tar éis go leor a fhoghlaim faoi ‘Fast Fashion’ agus an tionchar atá aige ar an domhan.  Taobh istigh de bhliain, cothaíonn an tionscal faisin os cionn 1.2 billiún tona CO2 – sin 5% den sceitheadh domhanda. Tá go leor figiúirí eile a ghoill orm, gan trácht ar choinníollacha oibre na bhfostaithe sna monarchana seo, agus rinne mé cinneadh a bheith níos cúramaí le mo chuid siopadóireachta i mbliana.

5. Ar éirigh leat cloí le haon rún a bhí agat ag tús na bliana 2019?

Tá mise uafásach ag cloí le rúin na bliana nua! Bhíodh mé thar a bheith uaillmhianach – bhínn ag iarraidh a bheith ar an duine is aclaí riamh, aiste bia damhsóir bailé a leanacht agus gach leabhar faoin spéir ar mo liosta léitheoireachta don bhliain amach romham.  Ach le blianta beaga anuas, tá meon i bhfad níos praiticiúla agam. Tá sé i gceist agam a bheith i bhfad níos airdeallaí faoi chúrsaí athraithe aeráide, go háirithe chomh fada is a bhaineann sé le siopadóireacht.  In áit 10 t-léine a cheannach ar €5 an ceann agus iad a chaitheamh amach tar éis iad a chaitheamh uair nó dhó, tá mé chun iarracht a dhéanamh éadaí ar ardchaighdeán a cheannach agus i bhfad níos mó úsáide a bhaint astu.  Tá sé i gceist agam níos mó siopadóireachta a dhéanamh i siopaí seanré, siopaí athláimhe agus siopaí carthanachta.  Mar sin, i mbliana tá sé i gceist agam an domhan a shábháil – níl sé sin ró-uaillmhianach an bhfuil?

Fág freagra ar '‘Dá mbeadh Greta ina suí i gcathaoir uachtaráin, bheadh i bhfad níos mó muiníne agam’ – Gráinne Bleasdale '