Dá mbeadh cead labhairt amach ag mo chairde sa Rúis, ní aontóidís olc na maith le lucht léirscrios na hÚcráine

Mura mbeadh d’easnamh ar Rúisigh bhochta anois ach bia neamhbhlasta míshláintiúil an iarthair bheadh an t-ádh dearg leo

Dá mbeadh cead labhairt amach ag mo chairde sa Rúis, ní aontóidís olc na maith le lucht léirscrios na hÚcráine

Mo ghraidhin go dealbh iad na Rúisigh mar a gcuirfidh comhlachtaí an Iarthair de phionós orthu ach McDonald’s a ghlanadh amach as an dtír uathu. Gan trácht ar Starbucks.

Pionós dom fhéin é mar a mbeadh de rogha sólaistí ach ceachtar de na ‘táirgí’ neambhlasta san agam aon am den mbliain.

Agus an méid sin ráite nár chaitheas fiche neomat maith i scuaine i gcearnóg Pushkinskaya i Moscó siar amach i 1990 a’ súil le greim Mac Mór a bhlaiseadh. 

Mo chara is mé fhéin a’ ceapadh gur sa Ritz a bhíomar suite chun boird lenár gcreach agus súp go cluas orainn a’ cogaint is a’ slogadh siar. Bréan de bhia breá folláin ‘déanta ag baile’ ag bean an tí bhocht dhíograiseach, a bhí ar a croí díchill a’ freastal orainn roimhe san agus coicíos caite againn i bhfad ó bhaile i ‘bhfiántas’ limistéar Shléibhte na hÚraile. 

Breis is ocht gcéad ‘bialann’ McDonald’s gan trácht ar an seasca dó a míle fostaí atá curtha ar fionraí anois, cé go bhfuil sé geallta ag an gcomhlacht McDonalds go bhfaighidh siad a dtuarastal fós.

Bhí cad é sceitimíní le brath i Moscó na laethanta úd siar agus deireadh tagtha le an gCogadh Fuar mar a tugadh air. An chéad lá ar osclaíodh McDonald’s ann bhíothas a’ súil le suas le míle custaiméir. A chúig oiread a tháinig.

Chualamar gur chaith lucht freastail traenáil ar leith a fháil conas a bheith deas le custaiméirí. Conas miongháire a dhéanamh agus gura maith agat a rá leo. D’fhéadfadh gur áiféis ‘iartharach’ a leithéid de ráfla, ach im thaithí fhéin san óstán ina rabhas a’ fanacht, ní mórán den bplámás a bhí á dháileadh amach ar chustaiméirí. 

Saol crua acu féin, canathaobh go mbeidís a’ plámás gan dealramh le daoine. An bhfuil aon ní níos siúcrúla ná ‘Bíodh lá deas agat’ Mheiriceá. Ráite ar mhaithe le síneadh láimhe a thuilleamh. Bíonn an fhírinne searbh.

Mura mbeadh d’easnamh ar Rúisigh bhochta anois ach bia neamhbhlasta míshláintiúil an iarthair bheadh an t-ádh dearg leo. Creidim go bhfuil an-éileamh ar ‘bhialann’ greim gasta Rúiseach Kroshka Kartoshka, áit a chuireann béim ar phrátaí bácálta, sin greim breá sláintiúil d’éinne. Chomh maith leis an Éireannach, is breá leis an Rúiseach an práta. Is breá leo pancóga, blini beaga le huachtar.

Bheadh súil againn go mbeadh a ndóthain le n-ithe ag daoine daonna atá a’ fulaingt de dheasca cogadh is ár atá tarraingthe ag fear buile orthu sa Rúis agus gan dabht san Úcráin.

Tá cuimhní geala agam ar mo thuras ar an Rúis siar amach sna nóchaidí. Breis is ocht gcéad míle lastoir de Mhoscó i gcathair Yekateringburg inniu, a bhíos. B’fhéidir nach raibh McDonald’s acu ach bhí cultúr acu. 

Is ann a chonac mo chéad taispeántas bailé in amharclann bhreá mhaorga. Chuala don gcéad uair chomh maith an opera iomráiteach Eugene Onegin, bunaithe ar scéal a scrígh Alexander Pushkin. Tchaikovsky a chum an ceol. Oíche den scoth agam. Fuaireas deis cuairt a thabhairt an an mbaile inar tógadh Tchaikovsky. Cuimhním fós ar an ngliondar a bhí orm áit chomh hársa stairiúil mar é a fheiscint.

Daoine breátha suáilceacha a thug aíocht dom in Yekateringburg agus mé i dteangmháil leo dtí’n lá atá inniu ann. Fial fáilteach agus iad féin ar an mbeagán. Tá siad suaite go maith féna bhfuil a’ titim amach san Úcráin. Eagla orthu labhairt amach. Fonn orthu teitheadh as an Rúis, ach cá raghaidís anois agus iad ag dul san aos?

Cairde agam i Moscó a chonac go deireanach breis is cúig mbliana ó shin. Lucht ceoil is lucht foghlama Gaeilge. Daoine breátha. Iad féin trína chéile de dheasca a bhfuil a’ titim amach mórthimpeall orthu.

Gan cead labhairt amach ná agóid a dhéanamh ar a bhfuil a’ tarlú, caithfidh gur seacht measa é sin ná aon rud eile.

Dúthaigh fhíorshuimiúil í an limistéar ar a mbaistear an Rúis.

 Is beag é ár dtuiscint orthu, ní nach ionadh. Ní thuigimid sinn fhéin. Ach aon tír, lán de dhaoine grástúla cultúrtha, a’ féachaint timpeall ar a n-oidhreacht is a gcultúr ársa, is é á mhilleadh de shíor ag ropairí bithiúnaigh de cheannairí atá a’ líonadh a bpócaí féin riamh anall, gan scáth gan náire, ní fhéadfaidís gan a bheith a’ fulaingt. 

Dá mbeadh cead labhairt amach acu gan baol ó phiardaí brúidiúla gan trócaire, ní chreidim go n-aontóidís olc na maith le lucht léirscrios na hÚcráine.

Fág freagra ar 'Dá mbeadh cead labhairt amach ag mo chairde sa Rúis, ní aontóidís olc na maith le lucht léirscrios na hÚcráine'

  • Indrek

    Alt maith, a Sheosaimhín. Cinnte, ní féidir locht a chur ar mhuintir na Rúise ina hiomláine as a bhfuil déanta ag a huachtarán agus tá daoine fíorchróga ina measc a choinníonn orthu ag labhairt amach i gcoinne Putin. Maidir leis an ngnáth-Rúiseach ‘bocht’, mar a deir tú, áfach, má tá sé de mhisneach ag muintir na hUcráine a ghoil amach ar na sráideanna le léirsiú in aghaidh an ionraidh in Kherson, beag beann ar a gcathair a bheith gafa ag arm na Rúise, nach ceart do na milliúin Rúiseach déanamh amhlaidh fud fad a dtíre féin?

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    É sin ráithe go maith agat, a Sheosaimhín. Mo ghreidhn iad an dá phobal agus mallacht Dé ar Putin – aon t-aon sheans atá ann, is cosúil, stop a chur leis!