Dá dhonacht masla Karen Bradley ní raibh ann ach an chuid is lú de…

Is cuma Karen Bradley in oifig nó ruaigthe as oifig is é cur chuige rialtas na Breataine an t-údar imní

Dá dhonacht masla Karen Bradley ní raibh ann ach an chuid is lú de…

Bhí caint an Státrúnaí Bradley maslach, gan dabht agus ba bheag a rinne a ceartúchán chun an nimh a bhaint as a cuid cainte. Bhí sí faoi bhrú ón Tánaiste Simon Coveney, ó íobartaigh abhus, ó pholaiteoirí agus ó ghrúpaí cearta daonna agus tar éis ceithre huaire fichead ghabh sí leithscéal agus dúirt sí go seasann sí le riail an dlí.

Go bunúsach bhí ráiteas Karen Bradley i dTeach na Parlaiminte in Westminster Dé Céadaoin dochosanta ó thaobh riar na córa, ó thaobh na daonnachta agus ó thaobh polasaithe polaitiúla atá aontaithe le tamall. Anuas air sin go léir bhí sé thar a bheith míthráthúil mar ráiteas.

Ag trácht ar oidhreacht na dTrioblóidí agus na mílte a maraíodh lena linn a bhí Bradley nuair a léirigh an dá abairt seo a leanas nach raibh sí os cionn a buille mar Státrúnaí : ”The fewer than ten per cent that were at the hands of the military and police were not crimes. They were people acting under orders and under instruction and fulfilling their duties in a dignified and appropriate way.”

Ní ón ghaoth a tháinig an ráiteas conspóideach sin. Níor fhreagra é ar an gceist a cuireadh uirthi . Ní foláir nó go raibh sé pleanáilte dar lena lán. Níos luaithe an lá sin labhair an Príomh-Aire May sa Pharlaimint faoi fhórsaí an stáit a chosaint ó dhianfhiosruithe, í ag rá nár mhór an dlí a athrú. Labhair an Státrúnaí Cosanta, Gavin Williamson faoin mbeart céanna. Is léir go bhfuil aicme i measc na dTóraithe agus lucht míleata nár ghlac ariamh le cinneadh David Cameron a dúirt mar Phríomh-Aire go raibh iompar an airm i nDoire, Domhnach na Fola 1972 dochosanta. Ní fada ó bhí Boris Johnston ag cur a racht de faoi thuairiscí go gcúiseofaí saighdiúirí as an uafás sin. Beag beann ar neamhspleáchas na seirbhíse ionchúisimh mhaígh sé gur chinneadh polaitiúil a bheadh ann iad a thabhairt chun cúirte.

Is minic an DUP ag caint ar an ngá atá ann saighdiúirí a chosaint ó ‘chiapadh’. Gach seans go raibh Bradley ag iarraidh iad a shásamh le súil go vótálfaidís le Theresa May faoin mBreatimeacht an tseachtain seo chugainn. Mhol Sammy Wilson a caint ach dúirt Jeffrey Donaldson nár cheart go mbeadh éinne saor ó riail an dlí.

Nuair a chuaigh Karen Bradley ar ais isteach i dTeach na dTeachtaí chun an ráiteas a ‘cheartú’ dúirt sí go raibh sí á dhéanamh sin mar go mb’fhéidir gur baineadh míbhrí as a cuid cainte. Masla an dara huair do ghaolta na marbh agus teip an athuair ina dualgas. Ní raibh míbhrí ar bith i gceist, bhí a cuid cainte soiléir.

Nuair a tháinig an leithscéal tar éis cheithre huaire fichead ba léir gur iarracht ar shrianadh damáiste a bhí ann. ‘Bhí sé tútach, cé nach raibh sé ar intinn agam daoine a ghortú, rinne mé é sin agus tá fíorbhrón orm’ ar sí. Gheall sí go raibh sí féin agus an rialtas tiomanta d’fhorlámhas an dlí agus don bprionsabal go leanfaí an fhianaise gan faitíos gan fabhar.

Geallúint in aisce is cosúil. Tógfaidh sé i bhfad níos mó ná briathra aithreachais nó fiú iarrachtaí chun teagmháil a dhéanamh le híobartaigh chun muinín a chothú i dtiomantas Karen Bradley ná Airí eile i rialtas Theresa May d’fhorlámhas an dlí i dtaca le fórsaí an stáit.

B’fhacthas do ghaolta chuid de na daoine a maraíodh Domhnach na Fola go raibh iarracht á déanamh an ceart a cheilt orthu. Tá an tSeirbhís Ionchúisimh chun fógra a dhéanamh taobh istigh de sheachtain an gcúiseofar saighdiúirí as dúnmharuithe agus gortuithe an lá sin i nDoire. Bhí go leor eile ar maraíodh daoine muinteartha leo buartha faoi na himpleachtaí d’fhorlámhas an dlí. Ina measc sin bhí muintir Bhaile Uí Mhurchú atá ag freastal ar ionchoisne i mBéal Feirste faoin sléacht inar maraíodh deichniúr i 1971. Nuair a bhí an Státrúnaí Bradley ag rá go ndearna na fórsaí cosanta a ndualgas le dínit agus mar ba chóir, bhí fianaise scanrúil faoi iompar saighdiúirí á tabhairt ag an ionchoisne. ‘Imíodh Bradley go haibéil,’ arsa duine díobh sin a bhí sa chúirt. ‘Bailíodh sí léi amach an doras cúil,’ arsa duine eile. Mheas iar-ombudsman na bPóilíní, an Bhantiarna Nuala O’Loan nár mhór do Karen Bradley éirí as oifig.

I bhfírinne, ba chuma an éireodh sí as nó nach ndéanfadh. Tá an fhadhb níos bunúsaí ná Státrúnaí gur beag meas a bhí ag éinne uirthi. Ní raibh muinín ag bunáite na bpáirtithe aisti ar aon nós. Anois tá pobal i bhfad níos leithne den bharúil nach bhfuil sí inniúil do chúram Státrúnaí. Murar leor sin mar údar imní tá go leor meáite de nach bhfuil rún ag rialtas na Breataine gníomhú mar ba chóir faoi iompar sheirbhísigh an stáit le linn na dTrioblóidí. Nuair a chuirtear san áireamh gur beag a shíl éinne go ndéanfadh na paraimíleataigh an rud ceart i dtaca leis na huafáis a raibh siad freagrach astu, is bocht an tuar é d’íobartaigh, d’athmhuintearas ná do mhuinín na coitiantachta i riar na córa.

Fág freagra ar 'Dá dhonacht masla Karen Bradley ní raibh ann ach an chuid is lú de…'