Is mó a theastaíonn cuspóir fiúntach ná ceannaire nua ó Fhianna Fáil

Creideann an pobal, más fíor do shuirbhé a foilsíodh le deireanas, gur páirtí scoilte gan chuspóir é Fianna Fáil agus nach féidir an scoilt atá ann a réiteach

Is mó a theastaíonn cuspóir fiúntach ná ceannaire nua ó Fhianna Fáil

Cuireann Fianna Fáil an lae inniu an seanscéal faoi Agaistín Naofa i gcuimhne dom. Bhí seisean ag iarraidh a bheith aontumhach, ach ní go fóill. Mar an gcéanna atá Fianna Fáil. Tá ceannaire nua ag teastáil uathu, ach ní go fóill.

Tá sé léirithe ag sraith pobalbhreitheanna le bliain go bhfuil Fianna Fáil ag cailliúint tacaíochta is go bhfuil siad beagnach fágtha gan cuspóir ar bith acu seachas a bheith ann.

Bhí an Teachta Dála as an gCabhán, Niamh Smyth, ag éagaoineadh staid an pháirtí, i bhfianaise ar fhulaing deartháir a seanathar, Paddy Smith (agus a lán laochra eile) i gcogadh na saoirse. Goilleann sé uirthi an páirtí a fheiceáil sa staid ina bhfuil sé.

Ach ní raibh tada le rá aici faoi na polasaithe ba chóir a bheith ag Fianna Fáil. Cén fhís d’Éirinn is cóir a bheith acu? Thug sí le fios go cúramach go mb’fhéidir go sábhálfadh ceannaire nua an páirtí.

Agus é á chosaint féin san Irish Times mhaígh Micheál Martin gur páirtí de chuid an láir atá i bhFianna Fáil, páirtí atá go láidir ar son na ‘hEorpa’, is páirtí a chuireann pragmatachas roimh dhiongbháilteacht nó idé-eolaíocht.

Ach maíonn Fine Gael freisin gur páirtí den lár iad féin, go bhfuil siad go láidir ar son na ‘hEorpa’ is nach bhfuil siad faoi oibleagáid ag an idé-eolaíocht. (I ndáiríre coinníonn siad a n-idé-eolaíocht faoi cheilt den chuid is mó.)

Is mura bhfuil aon difear idir an dá pháirtí seo, tuige nach dtiocfaidís le chéile agus páirtí amháin den lár, den lár-dheis nó cibé a dhéanamh díobh féin? Mar sin í an fhadhb atá ag Fianna Fáil: tá siad ag brath ar sheandílseacht, gan cuspóir úr dá gcuid féin acu don ghlúin úr nach bhfuil buartha faoin tseandílseacht.

Ní amadán é Martin, agus cé nach n-admhódh sé go poiblí é tá a fhios aige go mbeidh deireadh lena ré, ar a luaithe, nuair a éireoidh sé as a bheith ina Thaoiseach. Tá go maith, ach céard atá i ndán don pháirtí a fhágfaidh sé ina dhiaidh?

Maidir leis féin, tá leideanna ann go bhfuil sé ag lorg post éigin san Aontas Eorpach. Ní hamháin go dtéann sé thar fóir ag moladh an AE, ach anois tá sé ag tacú leo siúd atá ag iarraidh tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Aontas Eorpach thar na ballstáit.

Le deireanas mhaígh sé gur shábháil an tAE muid trí vacsaíní a chur ar fáil dúinn in aghaidh an Covid-19. Ní bheadh na vacsaíní sin againn murach an tAE, a dúirt sé.

Ní sé seo cruinn, ar ndóigh, mar ní raibh aon deacracht ag tíortha nach bhfuil san AE vacsaíní a fháil, tíortha ar nós na hIorua, na hEilvéise, na hÍoslainne agus eile.

Ach bunaithe ar an maíomh seo, dúirt sé gur chóir don tír seo teacht amach sa díospóireacht faoi thodhchaí an AE ar son laghdú a dhéanamh ar chumhacht na mballstát trí chumhacht an láir a threisiú: sé sin cumhacht an Choimisiúin.

Níor tugadh mórán airde ar an scéal seo abhus, ach tuigim go raibh spéis mhór acu sa scéal sa mBruiséil.

Ach má tá Micheál Martin le fanacht ina cheannaire ní bheidh aon ní cóir i ndán d’Fhianna Fáil murar féidir leo cuspóir a fhógairt don aos óg a thabharfaidh faoiseamh is údar misnigh dóibh, a spreagfaidh muinín as Éirinn iontu agus a thabharfaidh cinnteacht dóibh go mbeidh jabanna fiúntacha ar fáil dóibh agus tithe le ceannach acu ar phraghas réasúnta nó ar chíos íseal iníoctha.

Ní fiú bheith ag caint faoi pholaitíocht an láir, mura bhfuil a fhios ag éinne céard a chiallaíonn sé nó cén difear a dhéanfadh sé dá saol.

Ach is é an rud is truamhéalaí faoi Fhianna Fáil nach bhfuil an páirtí in ann aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna deacra seo. Féach an chaoi a ndearna Jim O’Callaghan amadán de féin nuair a dúirt sé go bhfuil fadhbanna ag an bpáirtí ó bhun go barr ach nach raibh sé sásta athrú ceannaire a iarraidh.

Sé an rud nach dtuigeann lucht cáinte Mhicheál Martin taobh istigh d’Fhianna Fáil nach bhfuil an t-am ná an spás acu fanacht go deireadh a ré mar Thaoiseach.

Creideann an pobal, is cosúil – más fíor do shuirbhé a foilsíodh le deireanas – gur páirtí scoilte gan chuspóir é Fianna Fáil agus nach féidir an scoilt atá sa bpáirtí a leigheas.

Rud eile atá soiléir, ach rud nach féidir le Ned O’Sullivan agus a leithéidí glacadh leis, nach gá go mbeadh páirtí Fhianna Fáil ann go brách, nach gá go dtiocfadh sé slán díreach toisc go bhfuil sé ann ó 1926. Go deimhin mura bhfuil ról faoi leith ag an bpáirtí ní mhairfidh sé.

Fág freagra ar 'Is mó a theastaíonn cuspóir fiúntach ná ceannaire nua ó Fhianna Fáil'

  • An Teanga Bheo

    Ionspairáid agus dul chun cinn sin cuspóir fiúntach.