Cúrsa nua ar líne do dhaltaí A-Leibhéal Gaeilge seolta ag an BBC

Tá Céim in Airde, sraith dhigiteach seacht gclár ag BBC Gaeilge ó thuaidh chun cuidiú le daltaí atá ag tabhairt faoi scrúduithe Gaeilge

Cúrsa nua ar líne do dhaltaí A-Leibhéal Gaeilge seolta ag an BBC

Cuirtear an bhéim sa tsraith seo ar Aonad a 3 – Scríbhneoireacht Bhreise – agus cuirtear anailís, leideanna agus comhairle ar fáil mar thacaíocht do na daltaí agus iad ag réiteach do na scrúduithe.

Maítear go gcuideoidh Céim in Airde le daltaí agus múinteoirí na príomhspriocanna foghlama sa GCE A2 nua a bhaint amach.

Sa tsraith nua labhraítear le múinteoirí atá ag múineadh an chúrsa agus le léachtóirí a bhfuil saineolas acu ar litríocht na Gaeilge. Tá nótaí ag dul le gach clár digiteach 30 nóiméad chun cuidiú le daltaí ullmhú do Mhír A2 Aonad 3 den siollabas.

Is féidir na nótaí a íoslódáil.

Beidh an tsraith ar fáil ó inniu, Lá Bealtaine, ar leathanach oideachais BBC Gaeilge.

Dúirt Conall Ó Máirtín, láithreoir Céim in Airde, go bhfuil BBC Tuaisceart Éireann “tiomanta tacaíocht a thabhairt do scoileanna, múinteoirí agus daltaí atá ag staidéar na Gaeilge”.

“Iarmhúinteoir mé féin agus tuigim go maith go mbíonn an-éileamh ar acmhainní múinteoireachta d’ardchaighdeán. Ó tharla athrú a bheith déanta ar an siollabas Gaeilge san A-Leibhéal, ba mhaith leis an BBC tacaíocht a thabhairt dóibh sin atá ag iarraidh cáilíocht acadúil a bhaint amach sa teanga,” arsa Ó Máirtín.

Dúirt sé go bhféadfadh daltaí an t-ábhar a bheith acu ar na gairis mhóibíleacha agus go mbeidís in ann dá réir “an seomra ranga a thabhairt leo agus iad i mbun staidéir do na scrúduithe”.

Dúirt Róisín Kelleher, Eagarthóir Cúnta BBC Gaeilge gur “sraith ghairid oideachais” atá i Céim In Airde “dóibh siúd ar mhaith leo a gcloigeann a chrochadh as na leabhair ar feadh tamaill”.

Fág freagra ar 'Cúrsa nua ar líne do dhaltaí A-Leibhéal Gaeilge seolta ag an BBC'

  • roibeard Mac Cathmhaoill

    Ba mhaith liom é á dhéanamh.