Cúrsa do dhéagóirí sna healaíona dúchasacha á reáchtáil ar líne an mhí seo

Beidh ‘FÍS’ á reáchtáil ar líne idir an 19- 30 Iúil, ón ionad nua cultúrtha CUAN, atá le hoscailt ar an Spidéal sa bhfómhar

Cúrsa do dhéagóirí sna healaíona dúchasacha á reáchtáil ar líne an mhí seo

Darach Mac Con Iomaire. Pic: Seán Ó Mainnín

Tá cúrsa i nGaeilge do dhéagóirí sna healaíona dúchasacha á reáchtáil ar líne an mhí seo agus fáilte á cur roimh iarratais ó dhaoine óga ar suim leo scileanna léiriúcháin agus teicneolaíochta a fhorbairt.

Beidh ‘FÍS’, á reáchtáil ar líne idir an 19- 30 Iúil, ón ionad nua cultúrtha CUAN, atá le hoscailt ar an Spidéal san fhómhar.

Is é Darach Mac Con Iomaire, stiúrthóir ealaíne CUAN, atá i mbun an chúrsa, a bhfuil mar aidhm aige scileanna léiriúcháin agus teicneolaíochta a fhorbairt “trí mheán na n-ealaíon dúchasach”.

Beidh ceardlanna ceoil, damhsa, amhránaíochta, scríbhneoireachta, léiriúcháin agus eagarthóireachta á gcur i láthair ar líne ag teagascóirí éagsúla, ina measc an t-amhránaí Nollaig Ní Laoire, an t-ealaíontóir Clíodhna Ní Ghabhann agus an damhsóir ar an sean-nós Séamas Ó Flatharta.

“Saothair nua físe ar ardchaighdeán” a bheas mar thoradh ar an chúrsa coicíse.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Darach Mac Con Iomaire, a bheas i mbun ranganna scríbhneoireachta FÍS, gur “deis iontach” é do dhaoine óga aithne a chur ar chairde nua i nGaeilge agus a gcuid scileanna a fhorbairt.

“Na daoine óga féin a bheas i mbun gach gné den obair léiriúcháin – an scríobh, an chumadóireacht, an damhsa, an ceol, an taifeadadh agus an eagarthóireacht – mar sin is taithí iontach a bheidh ann.”

Dúirt Mac Con Iomaire go raibh sé ag súil go mbeidh an t-ionad nua, a bhfuil “athchóiriú suntasach” déanta air, ag oscailt ar an chéad lá de mhí Deireadh Fómhair.

Idir an dá linn, beidh Ben’s Departure, gearrscannán faoi Ben Lennon, ceoltóir agus bailitheoir ceoil aitheanta a fuair bás anuraidh, a léirigh an comhlacht léiriúcháin CUAN, le feiceáil den chéad uair ag Féile Scannánaíochta na Gaillimhe an mhí seo.

Tá lucht CUAN ag súil le píosa ceoil a sheoladh le Johnny Óg Connolly go luath, píosa a chum sé faoina athair Johnny Connolly, ‘Rí an Mhileoidin’, a bhásaigh in 2019.

Fág freagra ar 'Cúrsa do dhéagóirí sna healaíona dúchasacha á reáchtáil ar líne an mhí seo'