Johnny Connolly – laoch an oileáin agus Rí an Mhileoidin

Ceoltóir eisceachtúil agus fear uasal ab ea Johnny Pháraic Phíotair Ó Conghaile, duine de cheoltóirí móra na hÉireann a d’éag le déanaí

Johnny Connolly – laoch an oileáin agus Rí an Mhileoidin

Tá ceoltóir cumasach eile scioptha ag an mbás uainn—Johnny Pháraic Phíotair Ó Conghaile. ’Sé mo ghearghoin tinnis’, mar a déarfadh an file Art Mac Cobhthaigh, nach raibh mé in ann a bheith ar a thórramh ná ar a shochraid.

Sínte ag an bhfliú a bhí mé. Tá leath na tíre buailte ag an bhfliú bradach céanna.

Ba é Johnny Rí an Mhileoidin. Níl mise cáilithe le léirmheas a dhéanamh ar an gceol Gaelach ach feictear dom go mbíonn croí agus spleodar sa gcuid is fearr de, agus nádúr agus mothúcháin lena chois.

Bhí na tréithe sin go barr bachall i gceol Johnny.

Dúirt an ceoltóir breá eile, Marcas Ó hIarnáin, gurbh é “ceol na n-oileán” a bhí aige. Thuigfeadh Marcas é sin go maith mar gurb é mianach Oileán Fhínse atá ann féin ó thaobh a mháthar.

Níl amhras ar bith nach raibh grá faoi leith ag Johnny dá oileán dúchais, Inis Bearachain. Ba mhinic é ag cur síos ar shaol an oileáin mar a bhí ina óige agus go háirid ag inseacht faoin gcaoi ar bhain sé ceol den chéad uair as mileoidean a mhuintire in aois a naoi mbliana.

Bhí Marcas Ó hIarnáin agus Johnny ar thurais cheoil in éineacht. Nuair a bheadh trí seachtainí de thuras i gceist níor mhór do bheirt a bheith in ann tarraingt go maith le chéile, a dúirt Marcas.

Ní fhéadfadh sé compánach níb fhearr ná Johnny a fháil.

Ar uaisleacht agus ar fhlaithiúlacht Johnny is mó a chuir an ceoltóir Neansaí Ní Choisdealbha béim. Cairde móra ba ea é féin agus a hathair. Cheap Charlie Lennon go raibh Johnny lách agus foighdeach.

Ceoltóir eisceachtúil a bhí ann, a dúirt Meaití Joe Shéamais. Bhí sé de bhua aige an ceol a dhéanamh ní ba shaibhre i gcónaí, a dúirt sé. Agus cuimhnigh, a dúirt Mattie, nach raibh aige ach deich gcnaipe lena dhéanamh.

Johnny agus Johnny Óg Connolly. Pic: Seán Ó Mainnín

Sa mBealtaine 2016 a eagraíodh ócáid le comóradh a dhéanamh ar Johnny agus a chuid ceoil. Bhí baint ag Leo Hallisey leis an eagrúchán.

Iarradh ar dhaoine píosaí ceoil a chumadh mar chomhartha ómóis agus d’iarr Leo ar Mhícheál Ó Cuaig dán a chumadh. Ní mórán ama a bhí fágtha lena dhéanamh ach chuir sé an dán seo i ndiaidh a chéile te bruite:

Crua do gheasa orm

A fhir an ghnímh agus na samhlaíochta

go ndéanfainn ceiliúradh i bhfoirm dáin

ar laoch an oileáin

Johnny Pháraic Phíotair Ó Conghaile.

Go drogallach a thugaim faoi,

mé in imní nach mbeadh mo dhéantús inniúil

ar thréithe dearcsnacha an fhir a ríomh.

Cá bhfaighinn na meafair chuí, na samhailtí,

an teanga ghonta chraicneach chun a dhéanta?

Ní thagann an fhilíocht faraor ag sileadh

mar a thagann na nótaí blasta snoite

ón mbosca beag faoi aclaíocht na méar.

Na poirt mar bhuillí tomhaiste maidí rámha

Ag mealladh curaí anoir le colbha Inse Ghainimh.

Srutháin ghlé ghlóracha iad na ríleanna ag deifriú na farraige in Inis Bearachain.

Na foinn mhalla, bosa beaga taoille tuile

Ag slíocadh trá is duirlinge

Ach níl sa gceol dá ealaíonta, dá chliste

ach leath an scéil.

Pearsanacht agus nádúr an fhir

as a n-eascrann an ceol an leath eile.

An meangadh suáilceach, an fhlaithiúlacht, an focal cóir, an uaisleacht.

Tá an t-aos ceoil, do bhráithre, ag teacht inniu, a Johnny

Le déantús a samhlaíochta a thoirbhirt duit.

Cuirimse mo línte lámhacáin go fonnmhar ina dteannta.

Cuimhním freisin ar línte a scríobh Máirtín Ó Direáin faoi chara leis féin a fuair bás:

‘D’fhág sé mant inár mbeatha/ Bearna a fhanfas gan tógáil.’

Níl sin fíor amach is amach i gcás Johnny mar tá a chlann – a bhean Patricia, a gclann mhac Jimmy agus Johnny agus a n-iníon  Mary Ellen –  ag seasamh go dílis ina bhróga.

Fág freagra ar 'Johnny Connolly – laoch an oileáin agus Rí an Mhileoidin'

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé le rí an cheoil