Cur síos ar shaol agus ar shaothar ceathrar Gael aitheanta curtha le ainm.ie

Tá 1,700 beathaisnéis, ó 1560 go dtí an lá inniu, ar fáil ar ainm.ie, an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge

Cur síos ar shaol agus ar shaothar ceathrar Gael aitheanta curtha le ainm.ie

Tá cur síos ar shaol agus ar shaothar ceathrar Gael aitheanta atá ar shlí na fírinne curtha ar ainm.ie, an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge – Tim Robinson, údar, ealaíontóir agus cartagrafaí, Pádraig Mac Suibhne, file, Tom O’Donnell, polaiteoir, agus Seán Stafford, fear amharclainne.

Is iad Micheál Ó Conghaile, Seán Mac Labhraí agus Mártan Ó Ciardha a sholáthair na cuntais bheatha nua.

Bhí ainm in airde ar Tim Robinson, a bhásaigh in 2020 agus é 85 bliain, as na trí leabhar neamhfhicsin a scríobh sé faoi Chonamara agus an dá leabhar a scríobh sé a bhí bunaithe ar a chuid taighde in Oileáin Árann.

Ceannródaí cultúir ab ea Seán Stafford a cailleadh mí Lúnasa 2020. D’fhág Stafford, a bhí 96 bliain d’aois, a lorg ar shaol na n-ealaíon agus na hamharclannaíochta Gaeilge, go háirithe ar An Taibhdhearc sa Ghaillimh.

Bhí Tom O’Donnell, arb as Cill Mocheallóg i gcontae Luimnigh dó, ina aire Gaeltachta idir 1973-1977, le linn chomhrialtas Liam Cosgrave agus bhí sé ar dhuine de na hairí Gaeltachta ba mhó cáil agus stádas sa chéad seo caite.

I mBeitheach i nDún na nGall a rugadh Pádraig (Patsy) Mac Suibhne (1942-2020), múinteoir, údar, file, aisteoir agus poblachtánach.

Tá sé i gceist dhá bhaisc de bheathaí a chur leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie, an bhliain seo chugainn.  Ar na daoine a bhfuiltear ag súil cuntais ar a saol a chur leis an mbunachar in 2023, tá Albert Fry, John Heely, Liam Ó Dúlacháin, Úna Ní Mhaoileoin, Seáinín Ó Direáin, Máire Uí Fhlatharta (Nic Eoin), Máire Ruiséal, Cáit Ruiséal agus Séamus Céitnn.

Tá 1,700 beathaisnéis, ó 1560 go dtí an lá inniu, ar fáil ar ainm.ie.

Tá an bunachar á fhorbairt ó 2009 i leith ag Gaois, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na sraithe Beathaisnéis.

Fág freagra ar 'Cur síos ar shaol agus ar shaothar ceathrar Gael aitheanta curtha le ainm.ie'