Cur chuige uile-Éireann de dhíth níos mó ná riamh

Má táthar chun an dul chun cinn atá déanta i gcoinne an choróinvíris a bhuanú ní hacmhainn dúinn dhá chóras dhifriúla a bheith againn ar an oileán seo

Cur chuige uile-Éireann de dhíth níos mó ná riamh

Is mór an faoiseamh é go bhfuil cuid de na srianta ar an dianghlasáil á scaoileadh ar dhá thaobh na teorann, ach is údar faitís é freisin.

Tá na múrtha fáilte á gcur roimh an mbreithiúnas go bhfuil an chontúirt ón bpaindéim Covid-19 ag maolú, ach is léir go mbeadh sé furasta céim ar gcúl a ghlacadh.

Dheimhnigh Feidhmeannas Stormont ar an Déardaoin go raibh ráta scaipthe na haicíde, an R mar a thugtar air, faoi bhun a haon le tamall, agus é idir 0.7 agus 0.9. Tá fianaise idirnáisiúnta ann áfach go méadaíonn an ráta scaipthe go sciobtha má thagann sluaite le chéile, agus iad róchóngarach dá chéile.

Dúirt na comhlachtaí móra a osclóidh a siopaí maidin Dé Luain go mbeadh srianta i bhfeidhm acu féin. Ní ligfear ach líon beag custaiméirí isteach in am ar bith agus beidh ceansú tráchta acu, bealach isteach agus bealach amach. Bhí an córas sin i bhfeidhm i gcuid de na hollmhargaí a bhí oscailte an t-am ar fad mar sheirbhísí riachtanacha.

Bhí an córas éifeachtach fad is a bhain sé le teacht agus imeacht, ach b’údar imní é na pasáistí sna siopaí a bheith plódaithe agus daoine ag dul sa dá threo, i bhfad níos gaire ná dhá mhéadar dá chéile.

Caithfear an fhoireann atá ag obair sna gnólachtaí sin a choinneáil slán freisin. Bhí an plódú chomh holc i siopaí áirithe le linn na dianghlasála go mb’éigean fógraí a chur anairde ag iarraidh ar chustaimeirí fanacht i bhfad ó oibrithe a bhí ag cur earraí

ar sheilfeanna.

Tharraing ceardchumainn agus oibrithe aird ar choinníollacha oibre contúirteacha i roinnt gnólachtaí – comhlachtaí próiseála feola agus déantóirí cairpéad, mar shampla, ag tús na paindéime. Caithfear a bheith airdeallach faoi fhadhbanna den chineál sin sa tréimhse seo romhainn.

I measc na ngnólachtaí atá ag athoscailt, tá díoltóirí carranna. Beidh na cinn mhóra ghalánta in ann custaiméirí a choinneáil dhá mhéadar óna chéile agus ó oibrithe gan stró. Beidh sé níos deacra acu sin a bhfuil forgnimh bheaga acu agus níl sé soiléir cé mar a bheidh siad sin in ann feidhmiú; caithfidh daoine coinne a dhéanamh agus ní cheadófar isteach ach duine amháin ag aon am, a dúirt fear garáiste liom.

Ní hiontas go bhfuil imní ar na gnólachtaí beaga, iad den bharúil go bhfuil tréimhse an-chorrach i ndán dóibh, sin nó teip iomlán.

Cuirfidh na hoibrithe a chaill a bpostanna in Debenhams sa Phoblacht suim sa bhfógra ón gcomhlacht go n-osclóidh siad a siopaí sa Tuaisceart amárach. Tá a bhformhór in ionaid siopadóireachta agus cead acu sin go léir oscailt Dé Luain. Beidh lucht gnó ag súil go mbeidh sluaite ag triall orthu mar a bhí i gcás IKEA i mBéal Feirste an tseachtain seo caite nuair a bhí daoine i scuaine óna hocht ar maidin.

Bhí an bac ar theacht le chéile le haghaidh tórraimh nó sochraide ar cheann de na srianta ba mhó a ghoill ar dhaoine, ní nach ionadh. Tá deoise an Dúin agus Chonaire chun tús a chur arís le hAifreann sochraide agus ceadófar deichniúr isteach san eaglais le haghaidh Aifreann na marbh. Ní bheidh ann ach scáil na sochraide is dual do mhuintir na hÉireann ach is mór an faoiseamh é do dhaoine mar sin féin.

Tá méadú mór ar líon na ndaoine a chaitheann mascanna le tamall anuas. Is cosúil gur gearr go n-eiseofar treoir go mbeidh masc éigeantach ar bhusanna agus traenacha. Bhí comhráite idir airí ar dhá thaobh na teorann faoi na beartais chosanta sin a chomhordú ar dhá thaobh na teorann.

Is mór an faoiseamh dá lán é airí a bheith ag tabhairt faoi bheartais chosanta ar bhonn uile-Éireann. Theip orainn ag tús na paindéime buntáiste a bhaint as an tíreolas a d’fhág gur oileán muid ach is cosúil go bhfuiltear ag druidim níos cóngaraí do chur chuige aontaithe i dtaca le beartais chun srianta a scaoileadh.

Má tá taisteal le ceadú go luath caithfear a chinntiú nach mbainfear mí-úsáid as oscailteacht na teorann. D’fhógair Arlene Foster agus Michelle O’Neill, an Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire in Stormont go mbeadh coraintín nó féin-aonrú éigeantach do dhaoine a thiocfadh go Tuaisceart Éireann ó áit ar bith lasmuigh den chomhlimistéar taistil. Bhainfeadh an srian sin freisin le duine a thiocfadh isteach ag port nó aerfort sa Phoblacht roimh thaisteal go dtí an tuaisceart. Ag teacht le plean an deiscirt, bheadh fíneáil £1,000 le gearradh ar éinne a sháródh an riail sin. Chuige sin, is léir go mbeidh dlúthchomhoibriú riachtanach.

Is maith sin.

Ní ghéilleann an víreas do theorainneacha agus má táthar chun an dul chun cinn atá déanta ina choinne a bhuanú ní hacmhainn dúinn dhá chóras dhifriúla a bheith againn ar an oileán seo.

Fág freagra ar 'Cur chuige uile-Éireann de dhíth níos mó ná riamh'