Galar iomlán neamhchoitianta í Liomfóma Burkitt a bhuaileann duine as gach 670,000 duine. In 2017, agus gan ach an chéad bhliain san ollscoil curtha de aige, fuair Éanna Mac Cana ó Bhéal Feirste amach go raibh sé buailte ag an ngalar. B’éigean dó tabhairt faoi chúram leighis dian ar feadh míonna. I rith an ama, agus é sáinnithe san ospidéal, thosaigh an déantóir scannán óg seo ag déanamh a mharana ar a shaol agus ag smaoineamh ar an té ar tháinig an cineál seo ailse ar dtús air, an Dr. Denis Burkitt ó Fhear Manach ó dhúchas.
Séard atá sa chuid eile den chlár faisnéise cruthaitheach seo ná cur síos pearsanta, macánta, ealaíonta ar thuras téarnaimh Éanna mar aon le cuntas léargasach, pointeáilte ar shaol is ar ghaiscí leighis Burkitt. Sé Éanna a scrígh agus a stiúir an saothar agus is é a dhein muid a thionlacan tríd an saothar go ciúinbhriatharthach.
Bhí ionchur againn ó roinnt aíonna éagsúla agus cé gur chualamar a nguthanna, ní fhacamar iad ar mhaithe leis an leanúnchas ealaíonta a chaomhnú. I nGaeilge a labhair aíonna amhail an Dr. Finnian Bannon agus an tOllamh Jonathan Bond. Bhí agallamh fise cartlainne le Burkitt (a cailleadh in 1993) lárnach sa saothar chomh maith, mar aon le hagallamh fuaime lena bhean Olive.
“Burkitt an t-ainm atá ortsa agus ar an ailse seo agamsa,” a dúrt Éanna ag tosach an chláir agus i rith an tsaothair cuireadh béim ar an dáimh a mhothaigh sé leis an dochtúir. Bhí dúil ag Denis féin sa ghrianghrafadóireacht agus sa scannánaíocht mar atá ag Éanna. Tá bunús éin le sloinne Éanna agus bhí dúil ag athair Denis in éanlaith. Dhein sé go leor staidéir orthu agus tharraing sé mapaí dá ngluaiseachtaí. D’fhág na mapaí seo rian ar obair Denis agus é ag iarraidh rianú a dhéanamh ar an ailse nua san Afraic.
Tugadh cuntas críochnúil ar an obair éachtach a dhein Denis in Uganda. Ailse ait, neamhghnách tugtha faoi deara aige agus i ndiaidh mórán staidéir tuigeadh dó go raibh cineál nua ailse aimsithe aige; galar a bhí bainteach leis an Afraic ó dheas den Sahára. Nuair a chuaigh sé i mbun comhghuaillíochta le Yvonne Barr (ó Cheatharlach) agus Michael Anthony Epstein thángthas ar an víreas Epstein-Barr. Seo an chéad uair go bhfuarthas amach go raibh víreas nasctha le hailse agus b’fhorbairt mhór i gcosc an ghalair mar seoladh isteach an vacsaín HPV.
Dá fheabhas iad na cuntais seo is le hÉanna an clár seo agus a scéal féin á reic aige go macánta, ealaíonta. Ceann de na híomhánna a fhanfaidh leat ná an físeán dá mháthair ag rothaíocht ón ospidéal agus í ag casadh siar go minic le lámh a chroitheadh ar Éanna atá os cionn in airde ina sheomra ospidéil.
Cuntas pearsanta ealaíonta ar thuras téarnaimh agus gaisce leighis.
Fág freagra ar 'Cuntas pearsanta ealaíonta ar thuras téarnaimh agus gaisce leighis'