‘An oíche roimhe, ní chodlaímis néal ar bith’ Lá Fhéile Pádraig i Rann na Feirste

Tá cur síos ag Seán Bán Mac Grianna i mBailiúchán Bhéaloideas Éireann faoin lúcháir a bhíodh ar dhaoine fá choinne na Féile Pádraig i Rann na Feirste, áit a mbíodh druma ar achan bhaile

‘An oíche roimhe, ní chodlaímis néal ar bith’ Lá Fhéile Pádraig i Rann na Feirste

Fadó shin goidé an lúcháir a bhíodh orainn fá choinne na Féile Pádraig. Cúig nó sé seachtainí roimh an am bheifí ag déanamh réidh fá choinne an lae mhóir.

Ins an am sin bhí druma ar achan bhaile nó ar achan chúpla baile. Is mór a d’imigh sin, níl ach dó trí de cheanna anois ins na Rosa agus leath an ama nach dtéann siad amach ar chor ar bith agus tá beagán suim ag an aos óg anois iontu.

Chruinníodh siad i dteach folamh de chuid an bhaile achan oíche tamall roimh an am agus a gcuid fliúiteanna agus a gcuid drumaí leo. Agus bhíodh scaifte gasúr againn thart taobh amuigh nó ní ligfidís isteach muid nó bheadh muid ins an chosán agus a’ déanamh crostacht agus fídeogaí againn agus seanbhucaidí agus buíon cheoil againn féin agus shíl muid a bheith sa ghlóir.

An oíche roimh lá fhéile Pádraig, ní chodlaímis néal ar bith. Bheimis amuigh ar maidin le bodhránacht a’ lae a’ dúil le go mothóimis an druma ar mhullach a’ charracáin. Ar a’ bhealach ‘un Aifrinn ansin, bheadh a gcuid éadaigh cóirithe agus iad istigh i rancannaí, seamrógaí geala ar a mbrollach, bearáid chruinne ghlasa orthu agus ribíní glasa ar a gcuid éadaigh agus ribíní geala. Bheadh claimhte leo cóirithe a mbeadh dathanna galánta iontu agus brat glas a mbeadh Naomh Pádraig ar thaobh de agus Domhnall Ó Conaill ar a’ taobh eile. Ba dheacair a’ brat sin a athrach, bhí creideamh iontach ag na seandaoine nárbh fhéidir a’ dara pictiúr a chur isteach ach a’ dá phictiúr sin.

Bhí aoibh ar achan duine. Seanmhná an bhaile a’ gealgháirí agus iad ag amharc ar a gcuid mac a’ séideadh fliúiteanna agus a’ bualadh drumaí agus gach uile rud, agus iad a’ coinneáil na ngasúr bocht siar ar gcúl, ach ba dheacair ár gcoinneáil ar gcúl. Bheadh ansin lucht beathach agus ribíní glasa ar chluasa a gcuid beathach acu agus iad go haerach agus achan léim dhearg acu fríd a’ chruinniú. Ní raibh aon duine bocht ar ár ndream dar linn an lá sin, b’in a’ rud ba mhó a thiocfadh a dhéanamh orainne a’ tráthnóna sin – ár gcoinneáil istigh ach ba dheacair ár gcoinneáil istigh.

Thagaimis ‘na bhaile ón Aifreann agus chan ar ghreim bídh a bhíodh ár n-aird ach a’ dúil le himeacht ar ais. Bheimis cruinnithe ansin ar an chéad bhaicle agus d’imeodh i ndiaidh an druma, amach siar, b’fhéidir go mbeimis thiar i gCeann Caslach.

Bheimis marbh tuirseach teacht na hoíche agus bhí an lá thart, i ndiaidh ár gcroí a bhriseadh ar rith fríd a’ chruinniú, ní bheadh duine ar bith is mó a bhaineadh spórt as an lá nó na gasraí.

Teacht na hoíche thiocfadh ‘na bhaile agus tseamróg fliuch go maith ag cuid acu, bheadh cuid eile acu ar an cannaí.

Bhí seanscoil ar an mbaile san am sin, teach ceann tuí a bhí ann a chóirigh muintir an bhaile iad féin don seanmháistir a bhí a’ coinneáil scoile. Ba leo féin an scoil agus ní raibh baint ag aon duine eile di agus bhriseadh siad isteach i gcónaí oíche na féile Pádraig agus bhíodh oíche damhsa go maidin acu. Bhíodh an druma leo agus bhéarfadh siad roisteacha breátha air ar feadh na hoíche. Goidé an pléisiúr a bheadh orainn fán doras an oíche sin agus b’fhéidir gan sé pingine againn a bhéarfadh isteach muid mura ligfeadh fear a’ dorais isteach de ghrá Dia muid nó le dáimh a’ smaoineamh go raibh sé féin ina ghasúr tráth.

B’in an uair arbh fhiú a ghabháil chuig damhsa. Bhí solas ar na lampaí an uair sin agus ceol ins na téadaí nach mbíonn anois. Nuair a thiocfá aníos ón bhealach mhór a’ tarraingt ar a’ tseanscoil, chluinfeá Seán Chormaic agus é ina shuí thuas ar thábla sa choirnéal agus a’ gléasadh suas na fidile agus achan toit tobac a’ gabháil san aer aige. Dar leat nach raibh ins an tsaol seo ach gaoth agus toit, gurbh fhiú i gceart a bheith beo, smaoineamh amaideach a bhfuair muid amach as ó shin.

Thosaíodh an damhsa, bheadh mná cóirithe go hinnealta deismir agus fir fána gcuid ribíní geala agus iad bog-ólta. Thosaíodh an damhsa.

Nítí na ‘sets’ agus na ‘lancers’ agus an ‘cotillion’ agus an ‘seteech’ agus na seandamhsaí breátha a d’imigh agus nach mothaíonn tú iomrá ar bith orthu anois. B’fhiú éirí ag cúrsa damhsa an t-am sin.

Bhí damhsa mór acu a dtugadh siad a’ ‘cotillion’ air, ocht gcloigne a bheadh ann, ceithre lánúineacha a bheadh in achan seit agus fear áirid ina sheasamh thall a raibh eolas maith aige ar an damhsa agus é ag scairtigh amach i mBéarla:

“Half right and left, lady chain, swing your partner, swing your corner,” agus dá réir sin.

Nuair a thigeadh bodhránacht a’ lae, théadh an biotáille a’ fáil bháis iontu, théadh an spiorad a’ fáil bháis iontu, théadh an fidileoir féin a’ titim ina chodladh ach ba ghnách leo i gcónaí braon beag a bheith i mbuidéal Highland Scottish fá choinne spriolladh a choinneáil ansin ar scor ar bith go dtagadh an lá geal isteach ins na fuinneoga.

D’imeodh na fir ansin leis na mná agus tchífeá iad agus seál mná fána gcloiginn agus greim thart ar a mbásta acu orthu ag imeacht go dtí go dtagadh ‘n lá geal.

D’imeoimis sinne ‘na bhaile go buartha brónach agus lá fhéile Pádraig thart go ceann bliana eile.

Seán Bán Mac Grianna, Rann na Feirste

20 Bealtaine 1938

Fág freagra ar '‘An oíche roimhe, ní chodlaímis néal ar bith’ Lá Fhéile Pádraig i Rann na Feirste'