Freagra patuar ar éileamh Trump go gcuirfí longa cogaidh chuig Caolas Hormuz

Deir údaráis na hIaráine nach bhfuil Caolas Hormuz dúnta ach amháin ar na Stáit Aontaithe, Iosrael agus a gcomhghuaillithe

Freagra patuar ar éileamh Trump go gcuirfí longa cogaidh chuig Caolas Hormuz

D’fhógair arm Iosrael inniu go bhfuil tús curtha acu le “ráig mhór” ionsaithe ar fud na hIaráine.

Dúirt siad freisin go bhfuil siad ag leathnú amach na n-ionsaithe atá siad a dhéanamh le talamh i ndeisceart na Liobáine.

Faoin tráth seo is beag ball den Mheánoirthear nach bhfuil tarraingthe isteach sa gcogadh atá á fhearadh ag na Stáit Aontaithe agus Iosrael in aghaidh na hIaráine, agus breis is 2000 duine maraithe de bharr cogadh atá ag déanamh ar thrí seachtaine.

Tá praghsanna fuinnimh ardaithe de léim agus tancaeir ola beagnach stoptha ar fad sa Chaolas Hormuz, an bealach loingseoireachta a bhíonn ag an gcúigiú cuid de lastas ola an domhain uile.

Dhearbhaigh an Iaráin arís inniu go seasann an bhagairt a rinne sí i dtús an chogaidh nach ligfí aon long as náisiúin “naimhdeacha” trí Chaolas Hormuz. Patuar go maith a bhí an tSín agus náisiúin eile faoi éileamh an Uachtaráin Trump go gcuirfí longa cogaidh chuig Caolas Hormuz chun é a oscailt dá mbuíochas.

Ba í fainic an Uachtaráin Trump gur “an-drochthodhchaí” a bheadh i ndán d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh [NATO] mura dtabharfadh na baill cúnamh leis an gCaolas a athoscailt do longa.

Tá Ceannasaí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh, Kaya Kallas, ag moladh do na ballstáit misean cabhlaigh an Aontais a atreorú le cuidiú le Caolas Hormuz a oscailt arís do loingeas ola agus gáis.

Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine, Abbas Araghchi, go raibh an tír “réidh le muid féin a chosaint pé achar a thógfaidh sé sin”. Shéan sé fógra an Uachtaráin Trump a dúirt go raibh an Iaráin ag iarraidh margadh a dhéanamh leis féin. “Níor iarr muide aon sos comhraic, agus fiú amháin, níor iarr muid go dtabharfaí faoi idirbheartaíocht.”

Dúirt údaráis na hIaráine nach raibh Caolas Hormuz dúnta ach amháin ar Na Stáit Aontaithe, Iosrael agus a gcomhghuaillithe.

“Chomh fada agus a bhaineann sé linne, tá an Caolas oscailte,” a dúirt an tAire Abbas Araghchi. “Ar ár naimhde amháin atá sé dúnta, ar an dream sin a rinne ionsaí éagórach ar ár dtír, agus ar a gcuid comhghuaillithe.”

Tá ar a laghad 1,348 sibhialtach maraithe san Iaráin ó thosaigh an cogadh agus deir na húdaráis sa Liobáin go bhfuil 850 duine maraithe ansin. Tá dhá dhuine dhéag maraithe in Iosrael agus tá trí dhuine dhéag as arm Mheiriceá curtha den saol ó thosaigh an cogadh seo ar an 28 Feabhra.

Fág freagra ar 'Freagra patuar ar éileamh Trump go gcuirfí longa cogaidh chuig Caolas Hormuz'