Níl amhras ach go bhfuil borradh faoi fhoghlaim na Gaeilge san earnáil aosoideachais le blianta beaga anuas agus tá éileamh ar theagascóirí oilte dá réir. Tá léargas ar leith ag Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, ar riachtanais theagascóirí aosoideachais, agus é ag soláthar oiliúna dóibh le blianta fada tríd an Teastas i Múineadh na Gaeilge – cúrsa páirtaimseartha bliana a chuirtear ar fáil ar líne.
Le blianta beaga anuas tá múinteoirí tar éis freastal ar an gcúrsa ó gach cearn den domhan – an Astráil, an Nua-Shéalainn, Albain, Ceanada, Meiriceá Thuaidh, an tSualainn, an Fhionlainn agus contaetha na hÉireann thuaidh agus theas, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Is í an Dr Ailín Ní Chonchúir atá ina stiúrthóir ar an gcúrsa agus tá tuiscint ar leith aici ar na saindúshláin agus ar na deiseanna atá ann do mhúinteoirí na hearnála, toisc an deis a bhíonn aici na dúshláin agus na deiseanna a chíoradh ina dteannta.
Dar leis an Dr Ní Chonchúir, tá 3 phríomhdhúshlán a bhíonn ag múinteoirí an fhoghlaimeora aosoideachais.
Ceann de na dúshláin is mó, dar léi, ná cúrsaí pleanála – conas rang éifeachtach teanga a phleanáil ó thús deireadh agus a chinntiú go bhfuil foghlaim éifeachtach ar bun. Fiú i gcás múinteoirí oilte bunscoile agus meánscoile, bíonn dúshláin maidir le rang oiriúnach a phleanáil don fhoghlaimeoir fásta agus acmhainní taitneamhacha comhaimseartha a dhearadh atá oiriúnach do leibhéil éagsúla teanga. Bíonn an ghné phleanála tairbheach do rannpháirtithe an chúrsa. I bhfocail múinteoir amháin: ‘’Is breá liom na giotaí eolais a fhaighimid ó mhúinteoirí eile a thugann comhairle dúinn ar ghníomhaíochtaí ranga, conas cúrsa a phleanáil srl. Bíonn sé úsáideach chomh maith le suimiúil smaointe agus cur chuige múinteoirí eile a chloisint.”
Dúshlán eile a bhíonn ag múinteoirí ná an cleachtas féin. Léiríonn an taighde nach ionann go minic an rud a shíleann múinteoir atá ar siúl sa rang agus an rud atá ag tarlú i ndáiríre. Sampla de seo ná gur minic a dhéanann múinteoirí an iomarca cainte iad féin sa seomra ranga ach go síleann siad gur a mhalairt atá i gceist, agus gurb iad na foghlaimeoirí atá ag caint agus gníomhach. Chun díriú ar an dúshlán seo, cuireann an Lárionad meantóireacht phearsanta ar fáil do gach múinteoir ar an gcúrsa – tugann an meantóir aiseolas luachmhar don mhúinteoir faoina c(h)uid teagaisc agus cabhraíonn leo plean forbartha a chur le chéile le barr feabhais a chur ar a c(h)uid scileanna. Bíonn an Lárionad ag comhoibriú le saineolaithe teagaisc ó institiúidí éagsúla chun an mheantóireacht a sholáthar agus faightear léargas luachmhar ar riachtanais múinteoirí dá bharr.
Deir an Dr Ní Chonchúir: ‘I gcás an teagaisc, bíonn sé deacair an teoiric agus an cleachtas a scaradh óna chéile; tá gá le deiseanna a sholáthar do mhúinteoirí a gcleachtas a fhorbairt thar thréimhse ama. Tá an fhéinanailís agus an mheantóireacht lárnach sa phróiseas seo. Bíonn sé tairbheach do mhúinteoirí teacht a bheith acu ar smaointe agus acmhainní nua ar chúrsa oiliúna, ach is san fhéinanailís agus sa mheantóireacht a tharlaíonn an claochlú ar an gcleachtas’. Mar a dúirt múinteoir amháin: “D’fhoghlaim mé cuid mhór ó na seisiúin mheantóireachta agus chuaigh an chomhairle faoin teagasc chun sochair do na foghlaimeoirí. Mothaím i bhfad níos muiníní sa teagasc anois agus bainim sult millteanach as an phleanáil!”
An tríú dúshlán atá ag múinteoirí, dar le stiúrthóir an chúrsa, ná acmhainní teagaisc oiriúnacha a aimsiú do ranganna ag leibhéal A1 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach – is é sin ranganna do ghlantosaitheoirí. Is minic a shíleann múinteoirí gurb é an leibhéal seo an ceann is dúshlánaí le múineadh. Bíonn saineolas ar leith de dhíth chun struchtúir na teanga a chur i láthair glantosaitheoirí agus gníomhaíochtaí ranga oiriúnacha a dhearadh dóibh. Foghlaimíonn rannpháirtithe an chúrsa conas teacht ar ábhar teagaisc atá oiriúnach don leibhéal agus conas ábhar teagaisc a chur in oiriúint d’fhoghlaimeoirí fásta.
Feictear do Lárionad na Gaeilge go bhfuil go leor deiseanna fostaíochta in earnáil an aosoideachais do dhaoine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu ach is minic nach mbíonn muinín acu as a gcuid scileanna teagaisc i réimse an aosoideachais. Is é cuspóir an Teastais ná oiliúint a chur ar mhúinteoirí agus iad a chumasú le dul i mbun teagaisc san earnáil seo. Tá Lárionad na Gaeilge ag glacadh le hiarratais ar an Teastas i Múineadh na Gaeilge 2026-27 go dtí 13 Bealtaine 2026. Tá gach eolas ar fáil ar www.maynoothuniversity.ie/larionad-gaeilge-centre-irish-language nó trí ríomhphost a chur chuig stiúrthóir an chúrsa ag ailin.nichonchuir@mu.ie .
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An Teastas i Múineadh na Gaeilge: Ag claochlú an tseomra ranga Gaeilge'