CLUASTUISCINT: Fadhbanna móra á gcruthú ag an ‘ollturasóireacht’

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Réamheolas

  • Ar ball beidh tú ag éisteacht le mír faoi dhaoine a bheith míshásta faoi nithe a bhaineann le cúrsaí turasóireachta.
  • Cad a bheidh ann dar leat? Úsáid an pictiúr thíos mar spreagadh.

Gníomhaíocht 2 – An Chéad Éisteacht

  • Éist leis an mír ina hiomláine uair amháin.
  • Déan iarracht príomhphointe an téacs a roinnt le do pháirtí ó bhéal.

Gníomhaíocht 3 – An Dara agus Tríú hÉisteacht

 

  1. Cá raibh an t-údar cúpla mí ó shin?
  2. Cén fáth a luaitear cúig euro?
  3. Cad deirtear faoin Pantheon?
  4. Cad a fógraíodh le gairid?
  5. Cad a bhíonn daoine a dhéanamh ag Fuarán Trevi?
  6. Cad a tharla ar an 2 Feabhra?
  7. Sa chéad líne luaitear córas “íoc ar do bhealach” – cad atá i gceist leis sin, meas tú?
  8. Seo an líne dheireanach. An bhfuil tú in ann é a chur san ord ceart?

na long pléisiúir Rinne a bhí ag tarraingt pobal na ar an tseanchathair sin.Veinéise clamhsán faoi ollmhéid

Gníomhaíocht 4 – Deachtóireacht

  • Éist leis na chéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 5 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad dhá líne arís. Aimsigh briathar saor san aimsir chaite agus ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 6 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil sé san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. tabhairt daoine, atá go maith as ó thaobh maoin an tsaoil, ar chuairt ghearr chuig
  2. na fadhbanna céanna i ngach cearn den domhan. Tá sé ró-éasca anois turas gearr a dhéanamh ar láithreacha a
  3. mbíodh an-dua ag baint le cuairt a thabhairt orthu tráth. Cloisim go bhfuil gnó nua tosaithe anois ag
  4. ionaid éagsúla – Sliabh Everest, An tAntartach, agus áiteacha eile nach iad.
  5. Chonaic muid pictiúir de na longa móra millteacha sin
  6. ag seoladh isteach sa Chanáil Mhór agus bheadh imní ort
  7. nach ndéanfaidís a mbealach amach as an gcathair arís. Cruthaíonn an ‘ollturasóireacht’ seo

Gníomhaíocht 7 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíocht 6.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Fadhbanna móra á gcruthú ag an ‘ollturasóireacht’'