Beidh cruinniú inniu ag an Taoiseach Micheál Martin le hUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump, traidisiún seanbhunaithe ina mbronnann Taoiseach na tíre seo babhla seamróige ar Uachtarán Mheiriceá mar chomóradh ar an bhféile náisiúnta, Lá Fhéile Pádraig.
Cuirfidh an Taoiseach tús leis an bhféile le bricfeasta i Réadlann an Chabhlaigh, mar a gcónaíonn Leas-Uachtarán Mheiriceá, JD Vance.
Tabharfaidh Micheál Martin a aghaidh ansin ar an Teach Bán dá chruinniú leis an Uachtarán Trump. Beidh lón aige ina dhiaidh sin ar Chnoc an Chaipeatóil agus beidh Trump ag an lón chomh maith.
Níos deireanaí sa tráthnóna a bheidh searmanas bronnta na seamróige ar siúl sa Teach Bán agus beidh na céadta aoi i láthair ag an ócáid bhliantúil sin.
Bhí páirtithe an fhreasúra ag éileamh nach ngabhfadh an Taoiseach go dtí an Teach Bán nó ar a laghad ar bith go gceisteodh sé Trump faoi chúrsaí na Palaistíne, ionsaí na Stát Aontaithe ar an Iaráin, a chuid bagairtí ar an nGraonlainn, imircigh nach bhfuil cáipéisí cuí cónaithe acu thall agus ceisteanna eile.
Tá sé tugtha le fios ag Céad-Aire Stormont, Michelle O’Neill, ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, ceannaire Alliance, Naomi Long agus ceannaire an SDLP, Claire Hanna nach mbeidh siadsan i láthair ag aon ócáid ag a mbeidh an tUachtarán Trump, mar agóid in aghaidh a chuid polasaithe, an Meánoirthear san áireamh.
An tseachtain seo caite, dúirt an tUachtarán Catherine Connolly, gur “ionsaithe ceann ar aghaidh ar an dlí idirnáisiúnta” a bhí sa ghéarchéim sa Mheánoirthear, caint a thug le tuiscint go raibh cogadh Mheiriceá agus Iosrael ar an Iaráin neamhdhleathach.
Roimh chruinniú an lae inniu dúirt an Taoiseach go raibh suntas ar leith ag baint le ceiliúradh na féile Pádraig sna Stáit Aontaithe i mbliana, 250 bliain ó síníodh Forógra Saoirse Mheiriceá.
I bhfocail an Taoisigh: “Ní comóradh Meiriceánach amháin atá sa gcomóradh ar shíniú Fhorógra na Saoirse don tír s’againne, léiríonn sé an stair chéanna atá againn, bhí fir agus mná as Éirinn i láthair nuair a bunaíodh an Phoblacht iontach seo.
“Thug siad seirbhís d’airm Mheiriceá, d’oibríodar i gcathracha Mheiriceá, bhíodar páirteach ina cuid díospóireachtaí móra agus chuidigh siad leis an bhfís do thodhchaí níos fearr a spreagadh.
“Bhí lámh ag na hÉireannaigh i dtógáil na n-iarnród, na scoileanna, na séipéal agus na bpobail a chruthaigh an náisiún iontach seo. Ó na chéad laethanta, chuidigh lámha agus croíthe na nÉireannach le Meiriceá a chruthú.”
Fág freagra ar 'A aghaidh á tabhairt ag an Taoiseach ar an Teach Bán do chruinniú le hUachtarán SAM Donald Trump'