Comhartha sóirt ar an athrú ar an gcaidreamh le Washington é go raibh polaiteoirí i dTuaisceart Éireann i mbun gnáthghnóthaí an tseachtain seo. Thréigidís an baile le haghaidh Lá ‘le Pádraig go dtí gur tosaíodh an baghcat ar an Teach Bán de bharr an chogaidh in Gaza. Anois fanann trí cinn de na príomhpháirtithe glan ar an Teach Bán ach bíonn an DUP agus UUP ag freastal ar an ócáid go fonnmhar.
An SDLP amháin a thug cúl láimhe don Uachtarán Biden in 2024 mar gheall ar a thacaíocht gan srian d’Iosrael in aghaidh Gaza. Céim shuntasach ab ea é sin ó pháirtí John Hume, an ceannaire ba mhó a bhí luaite le hearcú Mheiriceá chun ról a imirt san tóir ar shíocháin abhus ó 1977 ar aghaidh. Anuraidh lean Sinn Féin thuaidh agus theas sampla an SDLP agus d’fhan siad glan ar an Uachtarán Donald Trump agus an Teach Bán. Rinne Alliance amhlaidh freisin.
Ba é an scéal céanna é i mbliana. Bhí an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly agus beirt dá comhairí ón DUP, Paul Givan agus Gordon Lyons, chomh maith le ceannaire an UUP, Jon Burrows agus a aire sláinte Mike Nesbitt in Washington. Bhí an Státrúnaí Hillary Benn agus Príomh-Chonstábla an PSNI, Jon Boutcher ansin chomh maith. Sheachain Sinn Féin, an SDLP agus Alliance cúirt Trump. Cháin Emma Little-Pengelly an Chéad-Aire, Michelle O’Neill Shinn Féin, faoina bheith as láthair, agus bean an DUP den tuairim gur deis é a cuireadh amú.
Ní raibh an fáiltiú san Teach Bán tarlaithe nuair a bhí an t-alt seo á scríobh agus níorbh fhios an ócáid dhearfach nó a mhalairt a bhí i ndán do na cuairteoirí. Ní déarfadh éinne nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid faoin réimeas reatha ach bhí go leor neirbhíseach agus údar acu. Bhí na daoine a d’fhan sa bhaile diongbháilte go raibh sé níos tábhachtaí go seasfaidís lena bprionsabail ná freastal ar ócáid a mbeadh an tUachtarán taghdach Trump ina bun.
Ó tharla nach raibh Naomi Long, ceannaire Alliance, aire dlí is cirt Stormont, ag dul go Washington (agus a fhios sin acu le bliain) roghnaigh an páirtí deireadh seachtaine na féile Pádraig lena gcomhdháil bhliantúil a reáchtáil i mBéal Feirste. Léirigh pobalbhreitheanna le tamall go raibh a mbuaic sroichte acu sa toghchán Tionóil in 2022 agus iad ag dul i laige ó shin. Léirigh leathbhagairt ó Long go ngabhfadh siad sa bhfreasúra tar éis thoghchán na bliana seo chugainn frustrachas agus éiginnteacht. Mar sin féin, dhiúltaigh sí do thráchtaireacht go raibh an taoide tráite agus tar éis deich mbliana fáis ina ré mar cheannaire dúirt sí nach ngéillfeadh sí don diúltachas anois.
Ag tagairt dá baghcat ar an Teach Bán, dúirt sí nach raibh mearbhall ar bith uirthi go gcuirfeadh sé as don Uachtarán Trump Alliance a bheith as láthair. ‘Tá tábhacht leis domsa, áfach,’ ar sí. ‘Mar dhuine atá tiomanta do cheansú an fhoréigin in aghaidh na mban agus chailíní, tuige a mbeinn ag iarraidh a bheith i bhfochair cara le gáinneálaí gnéis (Epstein); uachtarán a thugann “piggy” ar iriseoirí ban?’
Cheistigh sí freisin tuige a mbeadh duine a chreideann sa daonlathas, sa tsaoirse agus sa tsíocháin toilteanach a bheith i gcuideachta an té a chuireann seasmhacht agus ord na cruinne i mbaol. ‘Seans nach bhfuil luachanna ag Trump,’ a dúirt sí, ‘ach tá luachanna againne.’
Níorbh fhéidir le ceannaire ar bith atá i mbun baghcat ar an Teach Bán neamhaird a dhéanamh de Trump nó bhí gach dream abhus ag iarraidh a dhul i ngleic leis an méadú ar an gcostas maireachtála de bharr an chogaidh san Iaráin. Dúirt an Chéad-Aire Michelle O’Neill gur bhuille sa bpus ab ea an £17 milliún a d’fhógair an Príomh-Aire Starmer mar chabhair do theaghlaigh abhus le costas breosla teasa atá méadaithe as cuimse ó thús an chogaidh ar an 28 Feabhra.
Dúirt O’Neill agus a comhghleacaí as Sinn Féin, an t-aire airgeadais John O’Dowd nach leor an £17 milliún don ngábh ina bhfuil daoine. Tá móramh mór i dTuaisceart Éireann ag brath ar ola le haghaidh teasa. Dúirt an tAire Pobal, Gordon Lyons an DUP, in Washington go ndéanfadh seisean gach ab fhéidir chun an chabhair a dháileadh go pras murab ionann agus daoine eile, ar sé. Tagairt é sin do mhaíomh an DUP go raibh Sinn Féin ag tarraingt na gcos.
Bhí díomá ar an SDLP, an freasúra, freisin go raibh an ciste cabhrach róbheag, ach ní raibh a míshástacht teoranta do rialtas na Breataine. Cháin siad an Feidhmeannas chomh maith nuair a dúirt siad go raibh Sinn Féin agus an DUP níos tugtha do sháraíocht ar a chéile ná don obair riachtanach chun scéimeanna a fhorbairt le cuidiú leis an bpobal agus chun an spleáchas ar ola a laghdú.
Gnóthaí mar is gnách ag baile mar sin agus éiginnteacht in Washington.
Fág freagra ar 'An ghnáthpholaitíocht sa bhaile, ainneoin na míshocrachta in Washington'