Cuntas ceanúil ar an iriseoir Jim Fahy, guth an iarthair

Thug an gála is déanaí de Cloch Le Carn léargas ar shaol is ar shaothar Jim Fahy

Cuntas ceanúil ar an iriseoir Jim Fahy, guth an iarthair

Ar feadh na mblianta shamhlaigh mórán den lucht féachana aghaidh is guth Jim Fahy le tírdhreach, scéalta agus pobal an iarthair. Bhí an áit is an duine fite fuaite ina chéile i scioból samhlaíochta an phobail. Cailleadh fear Chill Rícill na Gaillimhe i dtosach na bliana agus thug Cloch le Carn (RTÉ1, Dé Máirt) cuntas ar a shaol is a shaothar. Ba é an chéad Chomhfhreagraí an Iarthair ag RTÉ é agus nuair a d’éirigh sé as a chúraimí in 2011 bhí tarrac ar dhaichead bliain caite aige le micreafón ina ghlac aige agus é ar an té is faide riamh i ról comhfhreagraí. Ní haon ionadh mar sin go raibh a ghlór agus a chuntanós chomh neadaithe sin in intinn an phobail. B’fhear é a bhí sa Táin ar a shlí féin, agus i ngan fhios.

Thosaigh sé ag rómhar in iomaire na hiriseoireachta ar dtús leis an Tuam Herald agus mheabhraigh a lucht aitheantais is comhghleacaithe dúinn gur iriseoir ar an seandéanamh a bhí ann; é dúthrachtach, ionraic agus intinn fhiosrach aige. Go deimhin is “iriseoir clasaiceach” a thugann an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn air.

Cor cinniúnach ina shaol ba ea a chinneadh dul le RTÉ i 1974. Bhí an beart imeartha. I gcaitheamh na mblianta thug sé cuntais, i mBéarla agus i nGaeilge, don phobal ar iontaisí, tragóidí, gaiscí, cultúr, deasghnátha agus nósanna mhuintir an Iarthair. Ó thuilte go gaiscí ar pháirc na himeartha agus ón eisimirce go dtí an fothragadh a lean gás na Coiribe. Gan amhras bhí neart ábhar cartlainne ár dtionlacan i gcaitheamh an chláir agus ba mhinic sinn ár dtabhairt siar chuig ré eile ar fad. Fuaireas an-bhlas ar an mír faoi thréigint Oileán Fhínse. Go deimhin sé an cuntas sin is mó a sheasann amach in intinn an Uachtaráin. É ag trácht ar fhocail na seanmhná is í ag fágaint a hoileáin dúchais: “Slán leat a oileáinín, slán leat a theachín.”

I dteannta an Uachtaráin bhí ionchur againn ó leithéidí iníon Jim, Aideen, Bernie Ní Fhlatharta, Maura Derrane, Adi Roche agus a iar-chomhghleacaithe Tommy Gorman is Jim Carney. Do labhair a bhformhór as Gaeilge agus bhí tráchtaireacht bhreá againn ón láithreoir/tuairisceoir Sinéad Ní Churnáin.

Ní raibh Jim i dtaoibh le scéalta áitiúla amháin, áfach. Mar léiriú air sin, meabhraíodh dúinn gurbh é an chéad iriseoir Eorpach a dhein a shlí isteach in Ground Zero i ndiaidh thubaiste 2001. Thuill na cláir faisnéise a dhein sé i gcomhar leis an léiritheoir Caroline Bleahen moladh ó mhórán agus chuaigh na saothair a deineadh in Háítí, agus sa Bhealarúis i bhfeidhm ar mhórán. Dúradh linn ag pointe amháin go raibh an bua aige caidreamh a chothú leis an ngnáthphobal ar shlí a spreag iad lena scéal a insint. Sheas an tréithe seo leis pé acu an ar Oileán Árann nó Oileán Háítí a bhí sé.

Clár tochtach a thug cuntas ceanúil ar iriseoir ar an seandéanamh atá fite fuaite in aigne an phobail le scéal mhuintir an iarthair.

Fág freagra ar 'Cuntas ceanúil ar an iriseoir Jim Fahy, guth an iarthair'