CULTÚR: Ómós do Mhícheál Ó Muircheartaigh ag IMRAM, Féile na Mí, Céadlínte ag Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh. 

CULTÚR: Ómós do Mhícheál Ó Muircheartaigh ag IMRAM, Féile na Mí, Céadlínte ag Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath

DRÁMAÍOCHT

An Taibhdhearc ar camchuairt chuig scoileanna

Tá clár drámaíochta á thabhairt ar camchuairt ag Taibhdhearc na Gaillimhe chuig bunscoileanna ar fud na Gaillimhe i rith mhí na Samhna. Tionscadal amharclainne é Seó Linn a chruthaigh amharclann náisiúnta na Gaeilge i gcomhpháirt le scoileanna áitiúla. Is iad na hamharclannóirí Neasa Ní Chuanaigh agus Cillian Ó Donnachadha atá ag cur an togra i láthair agus iad ag dul chuig scoileanna i gcathair na Gaillimhe agus i gConamara.

Treoraíonn Ní Chuanaigh agus Ó Donncha na daltaí tríd an bpróiseas le dráma a chruthú in aon lá amháin. Tugann an togra deis do dhaltaí bunscoile blaiseadh a fháil de na scileanna a bhíonn in úsáid le dráma a chur le chéile agus a stáitsiú. Tá tuilleadh eolais le fáil ón Taibhdhearc.

FÉILTE

Ómós do Mhícheál Ó Muircheartaigh ag IMRAM

Cuirfear imeacht speisialta in ómós don chraoltóir Mícheál Ó Muircheartaigh Bard na Páirce | Poet of Croke Park ar bun ar an Aoine, 21 Samhain in amharclann Smock Alley i mBaile Átha Cliath, ag tosú ag 7:30 i.n. Ócáid speisialta a bheidh anseo ina ndéanfar ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Uí Mhuircheartaigh, laoch craoltóireachta a bhásaigh i mí an Mheithimh sa mbliain 2024. Oíche lán filíochta, próis agus ceoil a bheidh ann. Rinne IMRAM coimisiúnú ar shaothar nua don ócáid ó Cholm Mac Gearailt, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Alan Titley, Dara Ó Cinnéide, agus Colm Ó Snodaigh le KÍLA. Beidh íomhánna áille le Margaret Lonergan á dtaispeáint i rith na hócáide agus píosaí tráchtaireachta agus físe fite fuaite tríd.

Beidh IMRAM Féile Litríochta Gaeilge ar bun ag ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath ón 8-23 Samhain agus tá réimse imeachtaí leagtha amach ar chlár na bliana idir cheol, litríocht, chainteanna agus físealaín. Seolfar an leabhar Cnámha Scaoilte leis an bhfile Julie Breathnach–Banwait ar an gCéadaoin, 19 Samhain ag 8pm. Síceolaí, file, scríbhneoir agus máthair as Ceantar na nOileán í Breathnach-Banwait a bhfuil breis agus deich mbliana caite aici féin agus a clann in iarthar na hAstráile. Léifidh sí sleachta óna saothar agus beidh ceol ag an ócáid le Jack Talty agus ealaín le Kim Sharkey.

Clár agus ticéid ar fáil anseo.

Imeachtaí Gaeilge ag Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath

Thosaigh Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh, 9 Samhain. Beidh léamha filíochta dátheangacha ar bun tráthnóna inniu agus amárach mar chuid den fhéile. Cuirfear an ócáid Introductions | Céadlínte i láthair tráthnóna inniu Dé hAoine an 7 Samhain agus Dé Sathairn an 8 Samhain i The New Theatre, Barra an Teampaill Baile Átha Cliath, ag tosú ag 7.30pm. Seo taispeántas ceoil agus filíochta atá á eagrú ag Éigse Éireann i gcomhar leis na filí Aifric Mac Aodha agus Jessica Traynor. Bhí Mac Aodha agus Traynor ag stiúradh togra meantóireachta le filí nua atá ag scríobh i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá roinnt imeachtaí Gaeilge eile á gcur ar bun i gcomhar le IMRAM i rith na féile. Ina measc, tá Ailceimic an Aistritheora a bheidh ar bun ar an Satharn an 8 Samhain ag 2.30pm sa Chapel ag IMMA. Plé ar aistriúcháin liteartha atá anseo agus an tOllamh Michael Cronin i mbun comhrá le Máirín Nic Con Iomaire, Antain Mac Lochlainn agus Mícheál Ó hAodha, triúr a bhfuil réimse leathan saothair aistrithe acu go Gaeilge. Níos deireanaí ar an Satharn, beidh Móroíche Cheoil agus Filíochta i gcomhar le hIMRAM ar bun in Bartley’s Lounge in Óstán Grafton. Beidh na filí Louis de Paor, Caitríona Ní Chleirchín agus Máire Dinny Wren ag léamh óna leabhair nua agus ceol ann leis an amhránaí agus seinnteoir bozouki Macdara Ó Faoláin.

Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.

 

Féile na Mí i Ráth Chairn

Beidh Féile na Mí ar bun ó 13-16 Samhain i Ráth Chairn, i gcontae na Mí. Tá iarratais ar na comórtais ar oscailt anois agus réimse comórtais amhránaíochta do dhaoine óga agus do dhaoine fásta ar bun. Cuirfear tús leis an bhféile ar an Déardaoin an 13 Samhain ag 8pm le seisiún ceoil sa mBradán Feasa i Ráth Chairn agus beidh neart lúibíní agus agallamh beirte ar bun mar chuid den ócáid.

Cuirfear na comórtais amhránaíochta ar an sean-nós do dhaoine óga ar bun tráthnóna Dé hAoine, 14 Samhain tráth a mbeidh Corn Cuimhneacháin Mhaidhc Stiofáinín, Corn Phádraig Ó Dálaigh, Corn Dharach Uí Chatháin agus Corn Mhaggie Tim ar bun. Cuirfear comórtas bodhrán do dhaoine fásta ar siúl ina ndiaidh sin. Ar an Satharn a chuirfear an comórtas amhránaíochta do dhaoine fásta ar bun, Corn Cuimhneacháin Chóil Neaine Pháidín.

Beidh na comórtais damhsa ar an sean-nós ar bun ar an Satharn an 15 Samhain do dhaoine óga agus do dhaoine fásta agus comórtais Chorn Mhicí Mhic Dhonncha agus Stiofán Seoighe ar bun. Beidh ceol leis na Hot Toddies sa mBradán Feasa tráthnóna Dé Sathairn.

Foirm iarratais agus an clár ar fad le fáil ag an nasc seo.

TEILIFÍS

Lottie O’Driscoll Murray san Eurovision sóisir 2025

Beidh Lottie O’Driscoll Murray as Contae Chorcaí ag canadh ar son na hÉireann i gcomórtas Junior Eurovision 2025 leis an amhrán úrnua Gaeilge ‘Rúin’. Beidh Lottie ar dhuine den 18 iomaitheoir a bheidh ag glacadh páirt i gcomórtas na bliana seo a bheidh ar siúl in Tbilisi sa tSeoirsia. Beidh an ócáid mhór le feiceáil beo ar TG4, Dé Sathairn an 13 Nollaig 2025. Beidh deis ag an lucht féachana vóta a chaitheamh ar www.jesc.tv nuair a bheidh an ócáid mhór ar bun. Murab ionann is an comórtas sinsearach, is féidir le lucht leanúna Junior Eurovision vóta a chaitheamh ar son a dtíre féin.

Tá Lottie O’Driscoll Murray ag canadh os comhair na sluaite ó bhí sí an-óg, le tacaíocht láidir óna máthair Celine agus a mamó Charlotte. Ghlac sí páirt sa Late Late Toy Show, chan sí in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí, agus is minic í le cloisteáil ag buscáil i gCorcaigh le haghaidh feachtais charthanachta.

Deich mbliana ó shin ghlac Éire páirt sa chomórtas seo den chéad uair agus beidh sin á cheiliúradh i mbliana. Mar chuid den cheiliúradh, beidh clár speisialta ar TG4, Dé Domhnaigh an 7 Nollaig ina mbeidh agallaimh le hiar-ionadaithe uile na hÉireann sa chomórtas.

Éist le Lottie O’Driscoll Murray ag casadh ‘Rúin’ anseo.

Clár ag breathnú siar ar 10 mbliana den phósadh comhghnéis

Clár faisnéise Gaeilge é ‘Glacaim Leat’ a bheidh á chraoladh ar TG4 deich mbliana i ndiaidh d’Éirinn beart a dhéanamh i dtaobh glacadh le pósadh comhghnéis. Éire an chéad tír ar domhan a rinne an pósadh comhghnéis dleathach trí reifreann poiblí, reifreann ar vótáil 62% den daonra ar a shon.

Buailtear le daoine a chabhraigh leis an mbealach a réiteach don reifreann sin agus cloistear ó dhaoine a bhain tairbhe as an mbua. Breathnaítear freisin ar an gcomhthéacs polaitiúil a bhaineann le cearta LADTA+.

Beidh Glacaim Leat á chraoladh ar TG4 ar an gCéadaoin, an 19 Samhain ag 9.30pm

ÓMÓS

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Oíche scéalaíochta agus ceoil in ómós do Mhanchán Magan

Beidh oíche cheoil agus scéalaíochta in ómós do Mhanchán Magan á reáchtáil ag The Playhouse i gcomhar le Cultúrlann Uí Chanáin ar an Aoine, 14 Samhain ag 7.30pm. Déanfar ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar an scríbhneora a bhásaigh ag tús mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo. Beidh meitheal ceoltóirí, damhsóirí agus scríbhneoirí ag teacht le chéile leis an ócáid.

Ar  na ndaoine a bheidh ag glacadh páirt sa taispeántas, beidh ceol le Teknopeasant, Rebecca Mulhern, Róisín McGrory, damhsa ar an sean-nós le Mary McGuiggan, filíocht le Cat Brogan, agus scéalaíocht le Keith Corcoran. Beidh deis ag an lucht éisteachta a gcuid scéalta a roinnt i rith na hoíche freisin. Níl aon táille ar an doras ach ní mór ticéad a chur in áirithe roimh ré.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Ómós do Mhícheál Ó Muircheartaigh ag IMRAM, Féile na Mí, Céadlínte ag Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath'