CULTÚR: Gearrscéalta RTÉ, Lá matamaitice as Gaeilge, Lá na Cruite, Inis Dom sa Chlár, greann i nGaillimh

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

CULTÚR: Gearrscéalta RTÉ, Lá matamaitice as Gaeilge, Lá na Cruite, Inis Dom sa Chlár, greann i nGaillimh

LITRÍOCHT

Gearrscéal le Niall Ó Siadhail ar ghearrliosta chomórtas gearrscéalaíochta RTÉ

Beidh buaiteoir chomórtas gearrscéalaíochta RTÉ á fhógairt ar eagrán speisialta den chlár Arena ar RTÉ Raidió 1 a bheidh á chraoladh beo ó amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire ar an Aoine, an 24 Deireadh Fómhair. Idir an dá linn, beidh na deich scéal atá ar ghearrliosta na bliana seo á n-aithris ar eagráin éagsúla den chlár raidió Arena ag tosú ar an Luan 13 Deireadh Fómhair agus an scéal ‘Witness’ le Lynda McCarthy á léamh amach ag Eileen Walsh.

Scéal amháin i nGaeilge atá ar ghearrliosta na bliana seo, ‘Corrán na Maidine’ le Niall Ó Siadhail a bheidh á léamh amach ag Brídín Ní Mhaoldomhnaigh. Craolfar an scéal Gaeilge ar Arena ar an Aoine, an 17 Deireadh Fómhair. Foilseofar leagan scríofa de na scéalta ar líne ar RTÉ Culture ar an Satharn 11 agus an Domhnach 12 Deireadh Fómhair.

Tá ticéid ar fáil anois don ócáid bhronnta in amharclann an Pavilion, a bheidh á cur i láthair ag Rick O’Shea in éineacht leis an bpainéal moltóirí, Tristan Rosenstock, Jan Carson agus Neil Hegarty agus na scríbhneoirí ar an ngearrliosta. Ticéid ar fáil anseo.

Éigse Thomáis Uí Aodha á heagrú ag Oidhreacht an Chláir

Beidh an fhéile Ghaeilge bhliantúil, Éigse Thomáis Uí Aodha, á reáchtáil ag Oidhreacht an Chláir (OaC) i Sráid na Cathrach Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 10-11 Deireadh Fómhair, i gcuimhne ar Thomás Ó hAodha (1866-1935), duine de mhórphearsana liteartha agus chultúrtha Athbheochan na Gaeilge ag tús an 20ú céad agus arbh as Sráid na Cathrach dó.

Ar an Aoine bheag seo, an 10 Deireadh Fómhair ag 8.00 i.n. in Áras OaC (Bóthar na Leac), tabharfaidh Ciarán Ó Feinneadha léacht na hÉigse, ‘An Stát agus an Ghaeilge’. Beidh taispeántas speisialta de chartlann phearsanta Thomáis Uí Aodha, a dheonaigh a mhuintir féin d’Oidhreacht an Chláir, ansin, chomh maith leis an gcéad léarscáil Ghaeilge d’Éirinn riamh, a rinne Tomás, i gcomhar le Pádraig Ó hAichir ó Dhún Saileach i 1906.

Leanfar leis na himeachtaí ar an Satharn in Áras OaC, áit a mbeidh ceardlann amhránaíochta leis an Dr Éamonn Ó Bróithe ar maidin. Tabharfar cuairt ina dhiaidh sin ar an teach sa Phríomh-Shráid inar rugadh Tomás Ó hAodha agus ar an teach i mBóthar na hInse ina raibh cónaí air ina dhiaidh sin go dtí gur bhog sé go Baile Átha Cliath.

Níos deireanaí an Satharn beag seo, ó 3.00 i.n. go 5.30 i.n., beidh ‘Ceol agus Caint’ i dteach tábhairne Friel’s, ina mbeidh Pop-up Gaeltacht, amhráin le Éamonn Ó Bróithe agus Tim Dennehy, agus ceol le Pádraic Keane (píob uilleann) agus Cillian Boyd (fliúit).

Tá saorchead isteach chuig na himeachtaí go léir, agus fáilte ag an bhféile roimh chách. Tuilleadh eolais ó 085-1611443 nó ó eolas@oac.ie

EOLAÍOCHT

 

Lá Matamaitice as Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe

Mar chuid de Sheachtain Matamaitice 2025, beidh Lá Matamaitice as Gaeilge á chur ar bun in Ollscoil na Gaillimhe an Domhnach beag seo, an 12 Deireadh Fómhair. Séard a bheidh ann ná cur i láthair ar réimse leathan ábhar matamaitice a bheidh dírithe ar lucht éisteachta nach saineolaithe iad. Cuirfear seisiún plé ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an nGaeilge a chur chun cinn sa Mhata mar chuid d’imeachtaí an lae freisin.

Sa tráthnóna, beidh an ócáid ‘Oíche Ólaíochta’ ar siúl, imeacht for-rochtana ina mbeidh cúpla cur i láthair eile á dhéanamh i suíomh réchúiseach an tí ósta. Reáchtálfar na seisiúin i rith an lae go hibrideach, beo ar an láthair agus trí Zoom chomh maith. Tá an clár agus an nasc clárúcháin le fáil anseo.

CEOL

Lá na Cruite, ceiliúradh náisiúnta ar cheol na cruite

Beidh Lá na Cruite á chur i láthair ag Cruit Éireann den naoú bliain ar an Satharn, an 18 Deireadh Fómhair, agus imeachtaí cruitireachta leagtha amach ar chlár an lae ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain mhóir. Is é téama na bliana seo ná ‘Nasc’ le ceiliúradh a dhéanamh ar chumhacht na cruite daoine a thabhairt le chéile agus gaol a chothú idir dhaoine ó ghlúnta, pobail agus cultúir éagsúla.

Is traidisiún beo é ceol na cruite a théann siar beagnach míle bliain agus tá aitheantas tugtha ag UNESCO don chruit ar a Liosta Ionadaíoch d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Duine. Beidh imeachtaí poiblí ar bun chomh maith le hócáidí a chraolfar beo ar líne mar chuid den tionscnamh ‘Glaoch na gCruitirí’, togra a chuir os cionn 170 léiriú beo ar líne sa mbliain 2024, idir cheoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun, beidh Yoga na Cruite sa Daingean i. gCiarraí, áit a mbeidh Deirdre Ní Ghrainbhéil agus a cairde ag comhcheangal ceol na cruite agus an t-aireachas, le léirithe beo cruite ag gabháil le seisiúin ióga treoraithe. Beidh ceardlann, ceiliúradh pobail agus seisiún oscailte i Leabharlann Chionn tSáile i gcontae Chorcaí le Muireann Nic Amhlaoibh (amhránaí) agus Damhnait Nic Suibhne (cruitire) agus neart imeachtaí eile fud fad na tíre. Gach eolas le fáil ar shuíomh idirlín Cruit Éireann.

GAEILGE

 

Inis Dom, feachtas nua ar son na Gaeilge i gcontae an Chláir

Chuir An Clár as Gaeilge agus Comhairle Contae an Chláir tús an tseachtain seo le feachtas nua a bhfuil sé d’aidhm aige labhairt na Gaeilge a chur chun cinn i mbaile na hInse. Tá lucht an tionscnaimh ‘Inis Dom’ ag iarraidh gnólachtaí áitiúla a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid sa tseirbhís a chuireann siad ar fáil do chustaiméirí, comharthaíocht trí Ghaeilge a mhéadú agus an Ghaeilge a úsáid ar ábhar scríofa ar nós biachlár agus suíomhanna gréasáin.

Is é an mana atá ag an bhfeachtas ná ‘Frásaí Beaga, Tionchar Mór – Small Phrases, Big Impact’, agus táthar ag súil go dtabharfaidh sé cúnamh do ghnólachtaí an bhaile tuilleadh Gaeilge a úsáid. Tá tuilleadh eolais le fáil ó anclarasgaeilge@gmail.com

GREANN

Féile Greann na Gaillimhe

Beidh Féile Greann na Gaillimhe ar bun ón Mháirt, an 21 Deireadh Fómhair go dtí an Luan, an 27 Deireadh Fómhair agus scata fuirseoirí ag déanamh ar an gcathair don fhéile seachtaine. Cuirfear imeacht Gaeilge amháin ar bun ar chlár na bliana seo agus imeacht de chuid na sraithe Gael-Gháirí á chur i láthair ag Hector Ó hEochagáin in éineacht le Eddie Mullarkey, Al Porter, agus Páraic Breathnach ag Scáileán 1 sa Phálás ar an Déardaoin an 23 Deireadh Fómhair ag 7:30 i.n. Clár agus ticéid ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Gearrscéalta RTÉ, Lá matamaitice as Gaeilge, Lá na Cruite, Inis Dom sa Chlár, greann i nGaillimh'