CEOL
Féasta ceoil an Spidéil i Stiúideo Cuan
Beidh Féasta Ceoil an Spidéil ar bun i Stiúideo Cuan ag tosú ar an Déardaoin, 8 Bealtaine le Cormac Breathnach, Martin Dunlea agus Brian Fleming.
Deich gceolchoirm a bheidh sa séasúr seo le scoth na gceoltóirí & grúpaí traidisiúnta a bheas i bhFéasta Ceoil an Spidéil a reáchtálfar i rith mhí Bhealtaine 2025.
I measc na gceoltóirí a bheidh ag seinm mar chuid den séasúr, beidh Tara Breen, Pádraig, Rynne agus Jim Murray, Johnny Óg Connolly, Clíodhna Costello agus Pádraig Ó Dubhghaill, chomh maith le Dordán, Shaskeen, IMLÉ agus ceoltóirí eile.
Déanfar taifeadadh ar an bhFéasta Ceoil ag Stiúideo Cuan agus beidh na ceolchoirmeacha á gcraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhfómhar. Níl ach 65 suíochán sa seomra ceoil agus moltar ticéid a chur in áirithe go luath. Tá an togra ceoil seo á chur i láthair ag Stiúideo Cuan in éineacht le Coimisiún na Meán agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Ticéid €25/22.50 ar fáil ó shuíomh idirlín Stiúideo Cuan nó ar an bhfón ag 091 553838.
SCANNÁN
Scannán Cine4, Fréamhacha eisithe i bpictiúrlanna ar fud na tíre
Eisíodh an scannán Gaeilge Fréamhacha (FRÉWAKA) i bpictiúrlanna na hÉireann an tseachtain seo. Scéinséir osnádúrtha atá ann a bhfuil a bhunús i mbéaloideas agus piseoga na hÉireann. Aislinn Clarke an stiúrthóir agus is iad Clare Monnelly, Bríd Ní Neachtain agus Aleksandra Bystrzhitskaya atá sna príomhpháirteanna. Insíonn an scannán scéal faoi chúramóir ban a thagann chuig baile beag iargúlta chun aire a thabhairt do bhean aosta. Nuair a thagann sí ann insítear di go bhfuil siabhrán ar an mbean, néaltrú agus paranóia.
Gan aon mhoill déanann an bheirt bhan muintearas aisteach lena chéile agus is gearr go mbíonn an bhean óg sáinnithe i ndomhan na seanmhná agus a saol féin ag titim as a chéile. Is iad Dermot Lavery agus Patrick O’Neill a léirigh an scannán agus fuair sé maoiniú faoi scéim Cine4. Tá sé le feiceáil i bpictiúrlanna i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, Corcaigh, Sligeach, Leitir Ceanainn agus áiteanna eile.
Tuilleadh eolais anseo.
DRÁMAÍOCHT
Dathanna Geala Amháin sa Taibhdhearc
Beidh an dráma dúghrinn Dathanna Geala Amháin ar stáitse sa Taibhdhearc an deireadh seachtaine seo. Is leagan Gaeilge le Séamas Mac Annaidh é an léiriú seo den bhundráma Bright Colours Only a scríobh Pauline Goldsmith agus é á stiúradh ag Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce.
D’éirigh an-mhaith leis an mbunleagan den dráma agus chuaigh sé ar camchuairt ar fud na tíre. Dráma aonair atá ann agus is í Brídín Ní Mhaoldomhnaigh atá á chur i láthair leis na beochantóirí Éabha Bortolozza agus Jack Kirwin. I nGaeilge atá an seó agus beidh fotheidil Bhéarla ag dul leis. Tá roinnt eascainí agus tagairtí d’fhoréigean sa dráma agus tá treoir tugtha ag an amharclann gur do dhaoine os cionn 14 bliana amháin atá an seó seo feiliúnach.
Beidh an dráma ar stáitse an tseachtain seo mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe agus ag dul ar camchuairt ina dhiaidh sin go hAmharclann Ghaoth Dobhair, Ionad Ealaíon an Linenhall i gCaisleán an Bharraigh, an Axis i mBaile Munna agus go Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.
Tuilleadh eolais ar shuíomh idirlín Thaibhdhearc na Gaillimhe.
LEABHAIR
Clubanna leabhar do dhaoine óga seolta ag COGG
Sheol an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta scéim clubanna leabhar do dhaoine óga an tseachtain seo. Sheol Patricia Forde, Laureate na nÓg, an togra ar an Déardaoin ag ócáid cheiliúrtha mar chuid d’Fhéile na Bealtaine i mBaile an Fheirtéaraigh. Beidh Féile na Bealtaine ar bun go dtí an 5 Bealtaine agus tá clár na féile ar fáil anseo.
Tá an scéim Clubanna Leabhar COGG ag feidhmiú anois in os cionn 50 scoil ar fud na tíre, Gaelscoileanna agus bunscoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí, Aonaid lán-Ghaeilge agus iarbhunscoileanna Gaeltachta.
Tá na clubanna leabhar dírithe ar an scíthléitheoireacht a spreagadh i measc an aosa óig trí leabhair i seánraí éagsúla a léamh lena gcomrádaithe ar scoil i rith na bliana. Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, cuireann COGG acmhainní ar fáil do na scoileanna atá ag glacadh páirt sa scéim.
Tá tuilleadh eolais faoin scéim ar fáil ar shuíomh idirlín COGG.
FÉILTE

Imeachtaí teaghlaigh ag Imram na nÓg
Beidh roinnt imeachtaí teaghlaigh á reáchtáil ag an bhféile IMRAM na nÓg, a bheidh ar bun i nDún Laoghaire ó 8 go 10 Bealtaine. Féile litríochta do dhaoine óga is ea Imram na nÓg atá á reáchtáil ag IMRAM le blianta beaga anuas. Tá clár na féile ar fáil anseo.
Beidh Sadhbh Rosenstock ag léamh óna leabhar nua Teach Teidí agus ag casadh amhrán leis na páistí i Leabharlann na bPáistí sa Lexicon ar an Aoine, 9 Bealtaine ag 2:30 i.n. Tá an ócáid seo feiliúnach do ghasúir ó 2 go 6 bliana d’aois agus cuirfear fáilte freisin roimh aon teidí muirneach a thabharfaidh na páistí leo go dtí an leabharlann.
Lá arna mhárach, cuirfear an Clinic Leabhar ar bun le Leabhar Pháistí Éireann i Leabharlann Ghráinseach an Déin ag a 12 meán lae. Seo ócáid atá feiliúnach do dhaoine óga suas go 16 bliana d’aois. Beidh an ‘dochtúir leabhar’ ansin le comhairle a chur ar fáil maidir le leabhair a thaitneodh le léitheoirí óga bunaithe ar na hábhair a bhfuil spéis acu iontu. Cuirfear ceardlanna scríbhneoireachta Fighting Words as Gaeilge ar bun ar an Satharn freisin i Leabharlann Ghráinseach an Déin. Is í an craoltóir agus scríbhneoir Ola Majekodunmi a bheidh i mbun na ceardlainne.
Níl aon chostas ar na himeachtaí seo ach is gá áit a chur in áirithe roimh ré. Seol rphost chuig eolas@imram.ie
Féile Joe Éinniú
Beidh Féile Joe Éinniú ar siúl i gCarna, Conamara ón 2-5 Bealtaine, 2025. Cuirfear tús leis na himeachtaí tráthnóna Dé hAoine, 2 Bealtaine, tráth a mbeidh fáiltiú agus oscailt oifigiúil na féile le Odí Ní Chéilleachair in Áras na hOllscoile. Beidh taispeáint eile ar an scannán faisnéise Carna an Cheoil agus na nAmhrán i ndiaidh na hoscailte agus cuirfear clabhsúr leis na himeachtaí oscailte le seisiún ceoil agus amhránaíochta Tigh Mheaic.
Tá eolas agus clár na féile ar fáil ar leathanach Facebook Fhéile Joe Éinniú.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Féasta ceoil an Spidéil, Fréamhacha i bpictiúrlanna na tíre, agus Club Leabhar COGG'