CULTÚR: Ceol agus filíocht ag Tionól Nioclás Tóibín, Scoil Gheimhridh Joe Steve, Seoladh An Spailpín Fánach, an Fhéile Phan Cheilteach

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

CULTÚR: Ceol agus filíocht ag Tionól Nioclás Tóibín, Scoil Gheimhridh Joe Steve, Seoladh An Spailpín Fánach, an Fhéile Phan Cheilteach

FÉILTE

Tionól Nioclás Tóibín

Beidh Tionól Nioclás Tóibín ar bun i Rinn Ua gCuanach agus An Sean-Phobal sna Déise ón Aoine an 30 Eanáir go dtí an Domhnach 1 Feabhra, agus scoth an cheoil, damhsa, amhránaíocht agus imeachtaí eile leagtha amach ar chlár na bliana seo. Cuirfear tús leis na himeachtaí tráthnóna Dé hAoine ag 7:30pm i Halla an Phobail, áit a mbeidh ceolchoirm le Johnny Óg Connolly, Cliodhna Costello, Pádraig Ó Dubhghaill agus Cárthach Mac Craith, Bronnfar Gradam Nioclás Tóibín ar Mhac Dara Mac Donncha ag an ócáid. Tá na ticéid ar fáil ar €15 ó Eventbrite nó ar airgead tirim ar an doras. Cuirfear Club an Tionóil ar bun i dTigh an Cheoil ina dhiaidh.

Cuirfear ceardlanna ceoil ar bun ar an Satharn i Meánscoil San Nioclás i rith an lae, is beidh ceardlann Rince Seit ar bun i Halla an Phobail freisin. Beidh na filí Áine Uí Fhoghlú agus Seán Ó Fearghail ag cur ‘Rannta na nDéise’ ar bun sa mheánscoil ag 1:30pm, ócáid do pháistí óga suas go cúig bliana d’aois. Cuirfear seisiún do pháistí agus foghlaimeoirí ar bun ina dhiaidh sin sa mheánscoil freisin agus é á stiúradh ag Seán Ó Fearghaíl agus Eimear Uí Ghealbháin.

Tá clár na n-imeachtaí agus tuilleadh eolais le fáil ar leathanach Facebook Tionól Nioclás Tóibín anseo.

 

Féile Phan-Cheilteach i gCeatharlach

Beidh comórtas amhránaíochta náisiúnta an Fhéile Phan-Cheiltigh ar bun i gCeatharlach ar an Satharn an 24 Eanáir ag a 8pm in Amharclann GB Shaw. Tháinig 46 iarratas isteach ar an gcomórtas i mbliana agus astu sin rinneadh gearrliosta de 15 amhrán le bheith páirteach sa gcraobh bheo. I measc na n-amhrán ar an ngearrliosta tá cinn ó Chonamara, ó Dhún na nGall, ó Bhaile Átha Cliath, ó Chiarraí, ó Cheatharlach, ó Mhaigh Eo, ó Chill Chainnigh agus ó Loch Garman.

Tá liosta na n-amhrán ar an ngearrliosta le fáil anseo.

Rachaidh buaiteoir an chomórtais ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta ag Féile Idirnáisiúnta Phan Cheilteach 2026 a bheidh ar siúl i gCeatharlach Déardaoin an 9 Aibreán 2026. Beidh na doirse á n-oscailt ag 7:30pm agus ticéid ar €15 ar fáil  anseo, nó trí íoc ag an doras ar an oíche.

 

Scoil Gheimhridh Chumann Merriman in Inis, Co. an Chláir

Cuirfear tús tráthnóna inniu le Scoil Gheimhridh Chumann Merriman in Óstán an Old Ground in Inis, contae an Chláir agus leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh an 25 Eanáir. Is é téama na scoile i mbliana ná ‘An Gúm @ 100: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge’ agus is iad Róisín Nic Dhonncha, Síle Ní Choncheanainn agus Caitríona Ó Dochartaigh na stiúrthóirí. Beidh oscailt oifigiúil na scoile ag 7:30pm tráthnóna inniu agus ina dhiaidh sin an ócáid ‘Súil Siar: Luathbhlianta An Ghúim’ agus Muiris Ó Raghallaigh agus Gearóidín Uí Laighléis i mbun allagair le Síle Ní Choncheanainn.

Ticéid agus clár na scoile ar fáil anseo.

 

Joe Steve agus Máirin Uí Necahtain

Scoil Gheimhridh Joe Steve

Beidh oscailt oifigiúil Scoil Gheimhridh Joe Steve ar bun tráthnóna inniu in Amharclann Chois Fharraige. Is í Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil ag an ócáid. Tá cead isteach saor in aisce ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré. Bronnfar duaiseanna na gcomórtas próis don óige i ndiaidh an seolta.

Tá clár na féile agus tuilleadh eolais le fáil ar leathanach Facebook Amharclann Chois Fharraige.

LEABHAIR

Trí Glúine Gael le seoladh ag Tionól Nioclás Tóibín

 Beidh an leabhar Trí Glúine Gael á sheoladh ag an Dr Ciarán Ó Gealbháin ar an Satharn an 31 Eanáir ag a 3pm i gColáiste na Rinne ag Tionól Nioclás Tóibín. Eagrán nua atá sa leabhar den dán fada clúiteach a chum an Déiseach, Pádraig Ó Miléadha agus a foilsíodh sa mbliain 1953. Chomh maith leis an dán féin, tá nótaí, gluais agus aiste chritice leis an bhfear eagair, an tOllamh Gearóid Denvir, sa leabhar freisin.

Léamh náisiúnaíoch ar stair pholaitiúil agus chultúrtha na hÉireann sa 19ú haois agus isteach sa 20ú haois atá sa dán, agus aithnítear é mar éacht ceannródaíoch cruthaitheach filíochta.

File na hAthbheochana ar maos i dtraidisiún na Gaeltachta

File de chuid ré na hAthbheochana is ea Pádraig Ó Miléadha, mar is léir óna shaothar foilsithe, an cnuasach filíochta Duanta Aneas (1934), na dánta fada An Fiannaidhe Fáin (1934), agus Trí Glúine Gaedheal (1953), agus óna chuid filíochta neamhfhoilsithe, i nGaeilge agus i mBéarla, a bhfuil fáil uirthi anois i Leabharlann Choláiste na Rinne.

Tuilleadh eolais faoin leabhar le fáil ar shuíomh idirlín na bhfoilsitheoirí Leabhar Breac anseo.

Seoladh An Spailpín Fánach i gCorca Dhuibhne

Beidh an leabhar Séamus Ó Muircheartaigh, Saol agus Saothar: An Spailpín Fánach le Micheál Ó Sé á sheoladh ag an gcraoltóir Helen Ní Shé i Músaem Chorca Dhuibhne ar an Satharn, an 24 Eanáir ag a 7pm. Rugadh Séamus Ó Muircheartaigh in Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne sa mbliain 1877 agus cailleadh é sa mbliain 1927.

Scríobh sé ailt, dánta, amhráin agus saothar eile faoin ainm cleite ‘An Spailpín Fánach’ idir na blianta 1900 agus 1927. Foilsíodh saothar leis in An Claidheamh Soluis, Misneach, Poblacht na hÉireann, Sinn Féin, An Lóchrann, agus Irisleabhar na Gaedhilge. Ar cheann de na hamhráin is aitheanta dár scríobh sé, tá ‘Oileán Dhún an Óir’. Tá rogha as saothar An Spailpín cnuasaithe le chéile ag Micheál Ó Sé agus cóirithe don leabhar nua mar aon le cur síos cuimsitheach ar a shaol is ar a shaothar.

Éist siar le Micheál Ó Sé ar ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ anseo.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Ceol agus filíocht ag Tionól Nioclás Tóibín, Scoil Gheimhridh Joe Steve, Seoladh An Spailpín Fánach, an Fhéile Phan Cheilteach'