Cúlabúla! Aisteoir ‘Love/Hate’ i ndráma nua ‘amthaistil’ ó TG4 ina maraítear an Piarsach trí thimpiste roimh an Éirí Amach

Beidh Peter Coonan, a bhain cáil amach mar ‘Fran’ sa tsraith iomráiteach ar RTÉ Love/Hate, le feiceáil ar ‘Éirí Amach Amú’ ar TG4 i mí Aibreáin na bliana seo chugainn

Peter Coonan Eiri Amach Amu

Beidh Peter Coonan, a ghlac páirt ‘Fran’ sa tsraith iomráiteach ar RTÉ Love/Hate, ag glacadh páirte i sraith nua drámaíochta a bheidh le feiceáil ar TG4 mí Aibreáin seo chugainn.

Cainteoir líofa Gaeilge é Coonan a d’fhreastail ar Scoil Lorcáin agus ar Choláiste Eoin i mBaile Átha Cliath.

Éirí Amach Amú an teideal atá ar an tsraith trí chlár atá á taifeadadh i láthair na huaire agus inseofar scéal triúir ó Bhaile Átha Cliath a rachaidh siar sna blianta go 1916, díreach roimh Éirí Amach na Cásca.

Is é an chéad rud a dhéanfaidh an triúr ná an Piarsach a mharú trí thimpiste agus an tÉirí Amach a chur ó mhaith sular thosaigh sé. Tuigfidh siad go gcaithfidh siad a theacht aníos le plean de shaghas éigin go leana an stair an cúrsa ceart.

Ar na haisteoirí eile a bheidh ar an scáileán in éineacht le Coonan, beidh Owen McDonnell, Seán T. Ó Meallaigh, Jeanne O’Connor, Enda Oates, Eva Jane Gaffney agus Olga Wehrly.

Is é Ruán Magan, deartháir leis an láithreoir teilifíse Manchán, atá ina stiúrthóir ar an tsraith nua, atá á taifeadadh i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh faoi láthair. Is iad Stephen Rourke agus Catherine Quinn a bheidh i mbun a léirithe.

“Tugann an réamhleagan cliste seo deis an tÉirí Amach a fheiceáil mar a chonaic duine a bhí ar an láthair, agus léargas na 21ú haoise a fháil ar imeachtaí na tréimhse. Taispeánann sé ceannairí an Éirí Amach mar dhaoine daonna, a bhfuil amhras agus fadhbanna dá gcuid féin acu freisin,” a dúirt Magan.

Ba é James Phelan, a scríobh an tsraith Rásaí na Gaillimhe, a bhí ar TG4, a scríobh an script do Éirí Amach Amú. Dúirt sé nach raibh sé ag iarraidh a bheith mí-ómósach agus an coincheap á fhorbairt aige, ach gur theastaigh uaidh anam nua a chur sna heachtraí staire.

“Ní thuigim cén fáth a ndéanfaí imeachtaí Sheachtain na Cásca a aithris arís eile. An fáth a ndéantar aon dráma a léiriú ná chun scéalta a athbheochan agus a athghabháil. Tríd an dráma fantaisíochta seo, is féidir dul go croí an Éirí Amach agus athmhúscailt a dhéanamh ar sheachtain iontach, chorraitheach sa stair, sa chaoi is go mbraithfeá go bhfuil gach rud in ucht na cinniúna arís,” a dúirt Phelan in agallamh le iftn.ie.

Beidh Éirí Amach Amú ar TG4 i mí Aibreáin 2016.

Fág freagra ar 'Cúlabúla! Aisteoir ‘Love/Hate’ i ndráma nua ‘amthaistil’ ó TG4 ina maraítear an Piarsach trí thimpiste roimh an Éirí Amach'