Cúis mhór iontais i gcónaí an chaoi a gcaitear le saothar Liam Uí Fhlaithearta sa tír seo…

Ba é an fear déanta scannán Bob Quinn a sheol go hoifigiúil ‘Hollywood Cemetery’, úrscéal a scríobh Liam Ó Flaithearta, an scríbhneoir mór as Árainn, nach raibh fáil air le fada

Cúis mhór iontais i gcónaí an chaoi a gcaitear le saothar Liam Uí Fhlaithearta sa tír seo…

Ba é fear déanta na scannán, Bob Quinn, a sheol go hoifigiúil i leabharlann Chathair na Gaillimhe an oíche faoi dheireadh an t-eagrán nua d’úrscéal Liam Uí Fhlaithearta Hollywood Cemetery. Is iad comhlacht foilsitheoireachta Thomáis Mhic Síomóin, Nuascéalta, a chuir an t-eagrán nua ar fáil agus ba iad Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta a d’eagraigh an seoladh oifigiúil.

Bhunaigh Liam Ó Flaithearta an t-úrscéal seo ar an tréimhse a chaith sé ina scriptscríbhneoir in Hollywood. Ní maith a chuaigh an tréimhse sin dó. Ní áit a bhí ann a thaithnigh leis.

Is beag ómós a bhíodh don scríbhneoir riamh in Hollywood. Rogha an dá dhíogha a bhí aige, rud a mheabhraigh do Bob Quinn an chaint a rinne Harry Truman faoin rogha a bhí le déanamh aige féin: a bheith ina ‘piano player in a whorehouse or a politician’.

Bhí údar mór eile cantail ag Liam Ó Flaithearta: shíl sé go ndéanfaí scannán dá úrscéal iontach Famine ach ní raibh aon chosúlacht ann go raibh sé sin ar na bacáin. Dá ndéanfaí d’fhéadfadh sé go mbeadh sé chomh cáiliúil inniu leis an scannán breá a bhunaigh John Ford ar úrscéal John Steinbeck The Grapes of Wrath.

Bhí gaol sách gar ag Liam Ó Flaithearta le John Ford agus rinne Forde scannán as úrscéal eile leis an bhFlaitheartach The Informer.

Fear é Bob Quinn a léann go leor ach d’admhaigh sé nach raibh aon eolas barainneach aige go dtí anois ar shaothar Liam Uí Fhlaithearta. Sin cé is moite de chúpla gearrscéal leis a bhíodh ar scoil acu.

Nuair a iarradh ar Hollywood Cemetery a sheoladh thug sé a aghaidh ar leabharlann na Ceathrún Rua, ionad a bhfuil ardmheas aige air. Fuair sé ceathair nó cúig de leabhair Uí Fhlaithearta ansin gur léigh sé go hamplach iad. B’fhacthas dó gur scríbhneoir den scoth a bhí sa bhFlaitheartach.

Ach níl sé de nós ag Bob Quinn a bheith ag plámásaíocht agus dúirt sé glan amach nár dhóigh leis gur leabhar ar ardchaighdeán atá i Hollywood Cemetery. Ba léir dó, a dúirt sé, nach raibh an Flaitheartach ar a shuaimhneas á scríobh, go raibh sé ag iarraidh a racht míshástachta le Hollywood a ligean amach ach nár éirigh chomh maith leis agus a d’éiríodh go hiondúil.

Thug sé faoi deara nach raibh an comhrá go maith. Bhí an cur síos ar mhioneachtraí thar barr, cheap sé, ach ní raibh an comhrá ar an gcaighdeán céanna.

An tsúil seachas an chluas a bhí ag obair. B’fhéidir, a dúirt Bob, gur ag déanamh scannán ba cheart do Liam Ó Flaithearta féin a bheith.

I Meiriceá a thosaigh Liam ag scríobh an úrscéil. Sa bhFrainc a chríochnaigh sé an obair i samhradh na bliana 1935.

Chuir an foilsitheoir a bhí aige i Londain, Gollancz, an lámhscríbhinn ar ais chuige agus d’iarr air athruithe a dhéanamh. Ghlac sé leis an gcomhairle ach níor leor sin do chinsirí na hÉireann; bhí Hollywood Cemetery ar cheann de na cúig leabhar le Liam Ó Flaithearta ar cuireadh cosc orthu de réir Acht Cinsireachta 1929.

Rinne an Dr. Jenny Farrell léirmheas ar Hollywood Cemetery le gairid freisin. Dúirt sise go ndearna an tóir ar thuarastail mhóra striapacha de chuid mhaith d’fhostaithe Hollywood. Bhí, agus tá, cumhacht agus airgead ag slogadh chuile rud ann agus gan beann ar bith acu ar dhínit an duine, a dúirt sí.

An méid a chonaic sé nuair a rinneadh scannán den Informer a spreag an Flaitheartach leis an úrscéal seo a scríobh, a dúirt Jenny. Ghlan John Ford an sú agus an sútam polaitíochta as an úrscéal sin agus chuir sé an scannán i bhfeiliúint do mheon agus d’fhealsúnacht Hollywood.

Cúis mhór iontais i gcónaí an chaoi a gcaitear le saothar Liam Uí Fhlaithearta sa tír seo agus go háirid a laghad suntais is a thugtar dó in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Nuair a fiafraíodh ag seoladh oifigiúil an leabhair seo cá mhéad duine as an Ollscoil a bhí i láthair níor chuir suas a lámh ach duine amháin. Scoláire iarchéime ab ea an fear sin.

An bhfuil aon ollscoil i gcathair ar bith sa domhan ar tháinig scríbhneoir mór idirnáisiúnta ar an saol ar lic an dorais acu nach mbeadh gach ar scríobh sé i dtús agus i ndeireadh gach véarsa acu?

Fág freagra ar 'Cúis mhór iontais i gcónaí an chaoi a gcaitear le saothar Liam Uí Fhlaithearta sa tír seo…'

  • Gabriel Rosenstock

    Duine amháin as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a d’fhreastail ar an seoladh leabhair. An cheist ná: an mó duine i Roinn na Gaeilge agus i Roinn an Bhéarla a fuair cuireadh chun na hócáide? Lámha in airde le bhur dtoil.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Níor cuireadh cuirí pearsanta amach. Fógraíodh go maith an ócáid sna meáin.

  • Gabriel Rosenstock

    Fógraítear na mílte ócáidí ar na meáin. Thabharfá aird ar leith, áfach, ar ócáid a mbeadh cuireadh faighte agat ina leith. Ní leor fógraí ginearálta dar liomsa. (Ní ag caitheamh anuas ar éinne atáim. Tá an-mheas agam ar an bhfoilsitheoir – agus ar an bhFlaitheartach).

  • Iar-chéimí

    A dhaoine! Cuireadh ann nó cuireadh as, ní hé an chéad uair é ag Ollscoil na Gaillimhe faillí a dhéanamh ar an rud a bhí ar leic an dorais acu (Gaeltacht Mhionlaigh, Gaeltacht Bhearna, an Chanúineolaíocht, an Ghaeilge Chlasaiceach, Gaeilge na Gaeltachta, …. an Ghaeilge! – chuile shórt caite i gcártaí le fada ar mhaithe le Soch- seo agus Soch- siúd!)
    Cosúlacht in áit an téagair – mana NUIG!

  • Gabriel Rosenstock

    An mbeadh an Ollscoil sásta Dochtúireacht Onórach Iarbháis a bhronnadh ar an bhFlaitheartach?
    Agus an mbeadh Tuairisc.ie. sásta tacú le feachtas síniúchán chun na sprice sin?

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Nach aisteach é go raibh “Valley of the Dolls” ann i bhfad Éirann i ndiaidh saothar Liam? Níl sé ceart ná cóir nach bhfuair an duine clú mar a thuill sé!